Cor eile sa chogadh fada ciúin i gcoinne na héagsúlachta teangacha sa Fhrainc

Cinneadh tromchúiseach do theagasc na dteangacha réigiúnacha sa Fhrainc: bac fadtéarmach curtha i bhfearas

Cor eile sa chogadh fada ciúin i gcoinne na héagsúlachta teangacha sa Fhrainc

Ar an Aoine an 21 Bealtaine tharla cor eile sa chogadh fada ciúin atá á fhearadh ag údaráis na Fraince in aghaidh éagsúlacht teangacha sa stát.

Foilsíodh cinneadh Chomhairle Bunreachta na Fraince ar achomharc in aghaidh altanna i ndlí Molac a shíl cosaint a thabhairt do ghnéithe áirithe d’úsáid teangacha réigiúnacha na Fraince (an Bhriotáinis, an Chorsaicis, Ocsatáinis, Bascais, Alsáisis agus teangacha eile).

Buille trom ar chaomhnú na dteangacha sin an cinneadh go raibh an tumoideachas ag teacht salach ar bhunreacht na Fraince. Coiste iarairí, polaiteoirí sinsearacha agus dlíodóirí atá sa Chomhairle. Is é a n-aidhm dar leo féin aontacht na Fraince agus aonchineálacht an phobail a chaomhnú, de réir agallaimh le feidhmeannaigh na hinstitiúide sna meáin (i L’Express le déanaí) agus foinsí i measc lucht dlí.

Vótáil Parlaimint na Fraince ar son dhlí Molac ar an 8 Aibreán, le móramh 247 in aghaidh 76. Vótáil 100 teachta ó pháirtí Macron, La République en Marche (LREM), agus 57 ina choinne.

Bhí amhras ann, áfach, faoi sheasamh chinnirí an rialtais. D’fhág an tUachtarán Macron an dlí gan síniú agus an lá sula raibh sé le cur i bhfeidhm chuir grúpa teachtaí óna pháirtí iarratas chuig an gComhairle Bunreachta a chuir stad leis an bpróiseas feidhmithe.

Rinneadh é seo faoi stiúir an aire oideachais Jean-Michel Blanquer, iarchigire oideachais agus dá réir sin duine d’aicme feidhmeannach atá go dubh in aghaidh theangacha réigiúnacha na tíre le níos mó ná 150 bliain. B’éigean 60 vóta a fháil le sin a dhéanamh agus bhí 57 teachta sa gcampa sin cheana. Tá conspóid ann ó shin faoin dóigh ar baineadh an 60 sin amach agus teachtaí LREM áirithe ag rá gur buaileadh bob orthu agus a síniú siadsan á chur leis an achomharc.

Cuireadh alt amháin de dhlí Molac faoi scrúdú féachaint an raibh sé bunreachtúil, alt a bhain le maoiniú údarás áitiúil do scoileanna mionteanga. Rud nach raibh súil leis, ghlac an Chomhairle leis an alt sin. Ach tugadh breithiúnas go raibh prionsabal an tumoideachais agus úsáid sínte fada in aghaidh bhunreacht na Fraince, cé nach raibh an t-achomharc dírithe ar na haltanna sin.

Deir alt a 2 den bhunreacht gurb í an Fhraincis teanga na Poblachta, alt a tugadh isteach sa bhunreacht i 1992 mar chosc ar an mBéarla, mar dhea, ach atá á úsáid mar armlón in aghaidh mhionteangacha na Fraince den chuid is mó agus an Béarla ag dul chun cinn go mór sa stát.

As seo amach beidh an tumoideachas atá ar bun go trialach sna scoileanna stáit i dTír Bhascach na Fraince in aghaidh an dlí agus ní bheidh sé i gceist tús a chur leis in aon réigiún eile. Is ar na scoileanna atá ag gabháil den tumoideachas le blianta is mó a thitfeas an buille, áfach, leithéidí Diwan sa Bhriotáin, na Ikastolas Bascaise agus na Calendreta Ocsatáineacha. Braitheann na scoileanna seo ar mhaoiniú poiblí le tuarastal cuid mhaith de na múinteoirí agus costaisí eile a íoc agus tá siad faoi chonradh le Roinn Oideachais na Fraince. Fágann sé sin go bhféadfaí brú agus fiú ordú dlí a chur i bhfeidhm orthu éirí as an tumoideachas agus cloí le nós teagaisc 50-50, trí Fhraincis leath an ama.

Beidh impleachtaí aige do chumas agus líofacht na ndaltaí agus d’fheidhmiú na scoileanna fré chéile, dar le foinsí oideachais agus eagrais teanga sa Bhriotáin.

In áit céim a thabhairt chun cinn, is léir go bhfuil céim ar gcúl tugtha d’úsáid na dteangacha réigiúnacha sa chóras scolaíochta de bharr an chinnidh bhunreachtúil. Fágann sé nach féidir anois ceist an tumoideachais a réiteach trí reachtaíocht pharlaiminte mar bheadh cosc bunreachtúil ar a leithéid.

Tá an teachta Paul Molac, Briotánach, ag moladh go n-athrófaí alt a 2 den Bhunreacht mar fhuascailt ar an gceist ach is éileamh gan dóchas é sin.

Is cinnte go maolófar ar an tumoideachas trí Bhascais sa gcóras stáit go luath; an cheist cé chomh luath agus a fháiscfear an cinneadh ar scoileanna nach bhfuil go díreach faoi bhois na Roinne Oideachais sa mBriotáin agus i gCorsaic, mar shampla.

Braitheann todhchaí an tumoideachais ar bhrú ón bpobal, an brú céanna a chinntigh an vóta i bhfabhar dlí Molac an chéad lá.

Tá meon an phobail i leith na dteangacha réigiúnacha athraithe i réigiúin áirithe agus tá sé sin braite ag na polaiteoirí. De réir ollamh ollscoile le Briotáinis, ba shuntasach nach raibh na gnáthaltanna naimhdeacha i bpáipéir réigiúnacha na Briotáine nuair a vótáladh ar son an dlí, rud a léiríonn go mbraitheann lucht stiúrtha na bpáipéar sin go bhfuil an pobal fabhrach cuid mhaith do chur chun cinn na Briotáinise anois, bíodh sin mar chomhartha siombalach nó mar theanga fheidhmiúil.

Tuigeann an tUachtarán Macron é sin freisin agus tá an chosúlacht air gur lig sé do chuid dá theachtaí vótáil ar son an dlí, rud a thabharfadh le fios don phobal go bhfuil bá aige leis na teangacha seo, mar a d’fhógair sé in óráid anuraidh.

Tá toghcháin réigiúnacha ar na bacáin ag deireadh an Mheithimh agus ní dhéanfadh sé cúis olc a chur ar aon dream sa phobal más féidir. Ach ansin ba dhream dá pháirtí a sheol isteach an t-achomharc ar an nóiméad deiridh, gan ainm seisean luaite leis ach ainm a chomhghleacaí dlúth, an tAire Oideachais Blanquer.

Agus i ndiaidh chinneadh na Comhairle Bunreachta, d’fhógair Blanquer go bhfuil sé féin i bhfabhar an dátheangachais agus gur céim chun feabhais a bheadh sa mhéid atá fágtha i ndlí Molac.

Ní fhéadfadh Machiavelli féin ceacht níos fearr a cheapadh!

Fág freagra ar 'Cor eile sa chogadh fada ciúin i gcoinne na héagsúlachta teangacha sa Fhrainc'

  • S. Mac Muirí

    A bhfuil sa mbun bán, tiocfaidh sé amach sa mbarr glas. Ní bhfuair siad ina gclaonta an ceart a scaoileadh le ‘teangacha a n-aitheach’. Is ag dearcadh thar a leiceann ar ndóigh atá Mac an Ronnaigh ar Inín an Chinn, an ghirseach a mhillfeas a bpoblacht orthu le himeacht ama.

  • Diarmuid JOHNSON

    Cás na hArabaise: sin é an áit a bhfuil an buille. (Is í an Arabais an dara teanga sa bhFrainc.) Cuma leo faoi bheagán Bascaise, beagán Briotáinise…ach an lá a mbeidh tuar na haimsire in Arabais ar an teilifís!