Conradh na Gaeilge ag bagairt an dlí ar Fheidhmeannas Stormont maidir leis an moill atá air reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach

Tá litir dlí seolta ag Conradh na Gaeilge chuig an bhFeidhmeannas faoin moill leanúnach atá air Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, a deir siad

Conradh na Gaeilge ag bagairt an dlí ar Fheidhmeannas Stormont maidir leis an moill atá air reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad sásta an Feidhmeannas ó thuaidh a thabhairt chun cúirte arís maidir leis an moill atá air an reachtaíocht Ghaeilge a chur i bhfeidhm.

Tá litir oifigiúil réamh-ghníomh cúirte seolta ag Conradh na Gaeilge chuig an bhFeidhmeannas mar gheall ar an moill leanúnach atá air Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, a deir an Conradh.

Tá ceithre bliana ann ó rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste go raibh teipthe ar an bhFeidhmeannas glacadh leis an Straitéis Ghaeilge faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006. Tá Conradh na Gaeilge anois ag beartú dul ar ais chun na hArd-Chúirte lena chinntiú go gcuirfear an rialú sin i bhfeidhm. 

Gealladh reachtaíocht don Ghaeilge arís mar chuid de Chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh straitéis ann laistigh de shé mhí ón gComhaontú. Sa bhreis air sin, bhí amscála maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm na straitéise le bheith foilsithe agus aontaithe ag an bhFeidhmeannas taobh istigh de 100 lá ach níl na gealltanais sin curtha i bhfeidhm go fóill, breis is bliain i ndiaidh an chomhaontaithe.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil forbairt déanta ar shraith straitéisí eile a cuireadh faoi bhráid an Fheidhmeannas, ar aontaíodh fúthu agus atá le críochnú dheireadh na bliana seo ach nach bhfuil “aon iomrá” ar aon dul chun cinn maidir leis an Straitéis Ghaeilge, rud a fhágann go bhfuil seans ann go gcaithfear dul chun cúirte arís.

“Is doiligh a chreidiúint go bhfuil muid ar ais san áit gur gá dúinn gníomh cúirte a fhiosrú chun ár gcuid cearta teanga a fhíorú anseo ó thuaidh. Seo Straitéis a gealladh 15 bliana ó shin,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. 

“In 2017 thug an Breitheamh Maguire rialú thar a bheith soiléir agus láidir inar chuir sé in iúl don Fheidhmeannas gur theip orthu a gcuid coimitmintí don Ghaeilge a chur i gcrích. Anois, agus muid ceithre bliana ar aghaidh ón rialú sin, agus 14 mí ar aghaidh ó Chomhaontú eile le coimitmint don Straitéis ann, tá an Straitéis sin fós gan chur i bhfeidhm. 

“Níl Conradh na Gaeilge ag iarraidh cás cúirte a thógáil arís ach déanfar é mura gcloítear leis na coimitmintí a tugadh do phobal na Gaeilge láithreach bonn. Ní féidir tuilleadh moille a chur ar chearta teanga ó thuaidh.”

I gcinneadh stairiúil in 2017, rialaigh an Breitheamh Paul Maguire gur theip ar Fheidhmeannas Stormont na dualgais reachtúla a bhí air maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh de réir mar a leagadh amach iad i gComhaontú Chill Rímhinn. Ina ainneoin sin, tá lucht na Gaeilge ó thuaidh fós ag fanacht go gcuirfí i bhfeidhm an reachtaíocht a bhí geallta.

“Ní hamháin nach bhfuil an Straitéis féin againn fós, níl tús fiú curtha leis an phróiseas deartha, próiseas atá faoi lán seoil do shraith eile straitéisí agus tá siad faofa ag an Fheidhmeannas,” a deir Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge. 

Dúirt an t-aturnae Micheál Ó Flannagáin, atá ag gníomhú ar son Chonradh na Gaeilge sa chás seo, go bhfuil seolta inniu aige chuig an Fheidhmeannas thar ceann Chonradh na Gaeilge. 

“Tá an gníomh cúirte atá beartaithe bunaithe ar theip leanúnach an Fheidhmeannais Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach faoi mar atá luaite leo in Alt 28d de chuid Acht TÉ. 

“In 2017 rinne an Ard-Chúirt dearbhú cúirte ar son Chonradh na Gaeilge, dearbhú a thug le fios gur shárú ar Alt 28d a bhí i dteip an Fheidhmeannais Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach. Ceithre bliana ar aghaidh ón dearbhú Ard-Chúirte sin agus fós féin níl an Straitéis Ghaeilge curtha i bhfeidhm.”

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua, tá roinnt beartas ann a chuirfeadh le stádas na teanga ó thuaidh.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid den phlean.

Scríobh Conradh na Gaeilge litir go dtí an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire an tseachtain seo caite ag iarraidh soiléiriú faoin ngealltanas go dtabharfar reachtaíocht Ghaeilge isteach ach tá gníomh Ard-Chúirte beartaithe anois ag an eagraíocht.

Dúirt Arlene Foster le déanaí go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach faoi Bhealtaine na bliana seo chugainn. Bhí conspóid ann an tseachtain seo caite nuair a mhaígh tuairisc ar The Nolan Show ar BBC Radio Ulster go raibh an reachtaíocht sin i mbaol agus go raibh an DUP chun diúltú d’aon reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfí réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta. Shéan aire sinsearach de chuid an pháirtí, Peter Weir, an scéal ina dhiaidh sin, áfach.

Tá cás na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh ina chnámh spairne idir páirtithe aontachtacha faoi láthair agus ionsaí déanta ag an TUV ar an DUP mar gheall ar a seasamh i leith na teanga.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag bagairt an dlí ar Fheidhmeannas Stormont maidir leis an moill atá air reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach'