Conradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann le bronnadh ar Aer Arann Islands

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 anocht gur leis an gcomhlacht Aer Arann Islands a bhí an lá sa chomórtas don chonradh aersheirbhíse atá ar siúl le hocht mí anuas

Conradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann le bronnadh ar Aer Arann Islands

Tá an conradh don tseirbhís aeir d’Oileáin Árann le bronnadh ar Aer Arann Islands, an comhlacht de chuid an tSeanadóra Pádraig Ó Céidigh atá ag cur na seirbhíse ar fáil faoi láthair.

Ba ar Nuacht TG4 a tuairiscíodh anocht gur leis an gcomhlacht Aer Arann Islands a bhí an lá sa chomórtas don chonradh aersheirbhíse atá ar siúl le hocht mí anuas.

Dúirt Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie anocht nach raibh aon tairiscint faighte go fóill aige maidir leis an gconradh, ach tuigtear gur amárach a fhógrófar an scéal go hoifigiúil.

Ba ar an 1 Aibreán a fógraíodh go raibh tairiscintí á lorg maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus ba é an 3 Meitheamh an chéad spriocdháta a bhí luaite.

Bhí moill ar an bpróiseas, áfach, toisc nach raibh aon socrú déanta maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine. Is leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh Aerfort na Mine chomh maith agus ba do sheirbhís aeir as an aerfort sin amháin a lorgaíodh tairiscintí.

Cuireadh siar an spriocdháta do thairiscintí ar an tseirbhís seacht n-uaire ar fad. Rinne Roinn na Gaeltachta socrú sa deireadh le húinéirí Aerfort na Mine i mí Lúnasa, ach cuireadh moill eile ar an bpróiseas toisc nach rabhthas sásta gur tugadh dóthain ama d’iarratasóirí eile scrúdú a dhéanamh ar an socrú sin.

Cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta i mí Mhéan Fómhair go gcuirfí síneadh ama leis an gconradh ag Aer Arann Islands.

Ceadaíodh an síneadh ama i ndiaidh do Roinn na Gaeltachta dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne faoin scéal.

Bhí deireadh le teacht leis an gconradh ag Aer Arann Islands ag deireadh Mheán Fómhair, ach dúirt an tAire Stáit Kyne go gcinnteodh an síneadh ama go leanfaí leis an tseirbhís d’Oileáin Árann fad is bhí an próiseas tairisceana d’aersheirbhís nua fós ag dul ar aghaidh.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl ag éileamh gur seirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Fág freagra ar 'Conradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann le bronnadh ar Aer Arann Islands'