Conas gur tharla gur bhunaigh fear troda is catha mainistir a scaip an solas sa Ré Dhorcha?

Déanfaidh TG4 Lá Breithe Cholmcille á cheiliúradh le cláir nua faoin naomh a rugadh 1,500 bliain ó shin

Conas gur tharla gur bhunaigh fear troda is catha mainistir a scaip an solas sa Ré Dhorcha?

1500 bliain ó shin a deirtear a rugadh Naomh Colmcille , i nGartán, gar do Loch Gartáin i gContae Dhún na nGall amárch, an 7 Nollaig 521 A.D. Mar chomóradh ar an bhfile agus ar an soiscéalaí cráifeach craolfar clár speisialta faoina shaol ar TG4 ar a lá breithe, Colmcille –  An Naomh Dána.

Is beag paróiste in Éirinn nach maíonn ceangal le Colmcille, ceann acu an paróiste ina bhfuil ceannáras TG4 féin lonnaithe.

Gealltar go dtabharfaidh an clár seo muid óna dhúchas I dTír Chonaill go Oileán Í in Albain mar ar bhunaigh sé mainistir cháiliúil ina bhfuil Columba agus an Chríostaíocht fós á gcomóradh.

Amhail gach laoch is iomaí scéal is miotas a mhaireann fós sa seanchas faoi Cholmcille agus sa chlár faisnéise seo fiosraítear na gaiscí agus na scéalta sin faoin bhfear a bhfuil ardmheas air mar dhuine de naoimh mhóra na tíre seo.


Conas gur tharla gur bhunaigh fear troda is catha mainistir a scaip an solas sa Ré Dhorcha? Arb é Colmcille is bun le dlí an chóipchirt agus arbh éigean dó dul ar deoraíocht as cóipcheart a shéanadh? An t-ábhar sin agus an file, scríobhaí, polaiteoir, gaiscíoch, fear cráifeach a bheidh á scrúdú ag saineolaithe sa gclár seo ar a lá breithe.

Abú Media a léirigh Colmcille – An Naomh Dána le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus MG ALBA. Craolfar an clár seo Dé Máirt an 7 Nollaig ag 9.30pm ar TG4 agus ar BBC ALBA in Albain.

Sa chlár Athbheatha: Colmcille ildánach 2021 labhraítear leis na healaíontóirí a chruthaigh na seacht saothar a choimisiúnaigh Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) le ceiliúradh a dhéanamh ar Cholmcille i réimsí na n-amharc-ealaíon, an cheoil agus na litríochta. I measc na n-ealaíontóirí a bheidh páirteach sa chlár beidh an callagrafaí Timothy O Neill, an t-ealaíontóir gloine Róisín de Buitléar, na filí Biddy Jenkinson, Sandy Nic Dhòmhnaill Jones, Simon Ó Faoláin, an scríbhneoir Proinsias Mac a’ Bhaird agus na ceoltóirí Zoe Conway, Julie Fowlis, Éamonn Doorley agus John McIntyre.

Craolfar an clár seo ar TG4 ar an 7 Nollaig chomh maith.

Ar líne a chraolfar Seanchas Cholmcille i nDún na nGall, ag www.colmcille.org agus ar ardáin meán sóisialta Molscéal. Sraith físeán a léiríodh i nDún na nGall  a bhaineann le Colmcille atá i gceist. Gearóidín Breathnach agus Ligid Productions a rinne na físeáin.

Fág freagra ar 'Conas gur tharla gur bhunaigh fear troda is catha mainistir a scaip an solas sa Ré Dhorcha?'