Ocht bhfoireann cáilithe do bhabhtaí ceannais Chomórtas Díospóireachta Gael Linn

Tá ocht bhfoireann as sé scoil cáilithe do Chraobh na hÉireann de chomórtas díospóireachta Uí Chadhain do Ghaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta

Ocht bhfoireann cáilithe do bhabhtaí ceannais Chomórtas Díospóireachta Gael Linn

Coláiste Pobail Ráth Chairn

Tráthnóna Dé Céadaoin in Óstán an Clayton i Luimneach a reáchtáladh Craobhacha Réigiúnacha Chonnacht agus na Mumhan de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2022.

‘Tá an bhearna idir saibhir agus daibhir ag laghdú in Éirinn’ an rún a bhí á phlé ag na ceithre fhoireann i gcomórtas na sóisear.

Bhí Gaelcholáiste Choilm Chorcaí agus Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil i bhfabhar an rúin agus bhí Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcoinne an rúin. Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne a chuaigh ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann.

Ba é an rún a bhí le cíoradh ag na foirne sinsir ‘Tá moladh mór tuillte ag an Rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime’.

Bhí foireann Choláiste Chroí Mhuire agus foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin i bhfabhar an rúin, agus bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Gaelcholáiste Chiarraí i gcoinne an rúin. Dhá fhoireann Chonamara a ligeadh ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann – Coláiste Chroí Mhuire agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin.

Mar gheall ar na srianta atá i bhfeidhm ag an Rialtas in aghaidh Covid-19, ní raibh  cead ag aon lucht féachana a bheith i láthair ag na díospóireachtaí.  B’éigean na babhtaí seo a chur ar athló roimh an Nollaig de bharr na paindéime.

Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Na rúin chéanna a bhí ag foirne Laighean agus Uladh tráthnóna aréir nuair a reáchtáladh an Chraobh Réigiúnach eile de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2022 in Óstán an City North, i gContae na Mí.

Gaelcholáiste na Mara,  an tInbhear Mór agus Coláiste Pobail Ráth Chairn a bhí i bhfabhar rún na sóisear, ‘Tá an bhearna idir saibhir agus daibhir ag laghdú in Éirinn’. Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, agus Coláiste Oiriall, Muineachán, a bhí ina choinne. Foireann Choláiste Pobail Ráth Chairn  agus Coláiste Eoin a thug an svae leo agus a bheidh ag tabhairt faoi Chraobh na hÉireann.

Ag plé rún na sinsear, ‘Tá moladh mór tuillte ag an Rialtas as a chuid oibre uile ó thús na paindéime’, bhí Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Gaelcholáiste Cheatharlach i bhfabhar an rúin agus ba iad foirne Choláiste Chillian, Cluain Dolcáin, agus Phobalscoil Ghaoth Dobhair a labhair ina choinne.  Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair  an dá fhoireann sinsir a rachaidh ar aghaidh go Craobh na hÉireann.

Bronnadh plaiceanna ar na cainteoirí ar fad a bhí páirteach sa Chraobh Réigiúnach as a gcuid rannpháirtíochta sa chomórtas.

Toisc nach raibh lucht tacaíochta i láthair, tá taifeadadh den dá chraobh díospóireachta ar fáil ar chainéal YouTube Gael Linn.

Fág freagra ar 'Ocht bhfoireann cáilithe do bhabhtaí ceannais Chomórtas Díospóireachta Gael Linn'