Comóradh idirnáisiúnta amárach orthu siúd a dúnmharaíodh de bharr na trasfóibe 

Cuimhníonn ár gcomhfhreagraí ar an bhfocal ‘cábún’ – an chearc nach léiríodh spéis sa gcoileach ach a bhí ar an gcúntóir is cumasaí i gcró na gcearc

Comóradh idirnáisiúnta amárach orthu siúd a dúnmharaíodh de bharr na trasfóibe 

Ar an 20 Samhain le fiche bliain anuas déantar comóradh idirnáisiúnta ar na daoine ar fud an domhain a dúnmharaíodh de bharr na trasfóibe.  

Cheapfá scaití go mbíonn comóradh ar rud éigin ar siúl beagnach chuile lá den bhliain agus dá bharr, is furasta neamhaird a dhéanamh  go minic ar na himeachtaí sin. Rinneadh comóradh orthu siúd a maraíodh ar na bóithre ar an 17 Samhain, ní hamháin chun na híospartaigh a chomóradh ach chun aird a tharraingt freisin ar shábháilteacht ar na bóithre. 

Ar an dóigh sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcleachtas seo, ní hamháin ar mhaithe leis na híospartaigh agus a muintir ach ar mhaithe le leas an phobail. 

Is ábhar machnaimh é seo sa lá atá inniu ann, áit a gcloistear cur i gcéill agus fuath ar mhaithe le pobail a dheighilt is a bhriseadh. Ag cur inimircigh as an Nigéir dá mboinn a bhí focail de chuid an Teachta Dála Noel Grealish agus é ag cur i leith mhuintir na hAfraice nach bhfuil iontu ach caimiléirí, dar le Timi Ogunyemi, fear a rugadh sa Nigéir.

Tá ardphróifíl freisin ag an Dr. Sindy Joyce agus í ag seasamh go láidir ina n-aghaidh siúd a dhéanann beag is fiú de chearta na Mincéirí, nó an lucht siúil mar a thugtaí orthu is a thugtar fós, b’fhéidir. Níl aon fhaitíos uirthi dúshlán a thabhairt dóibh siúd a mhaíonn ar an gcóras giolcaireachta go bhfuil an tír seo slán ó chlaonta in aghaidh mionlaigh. “An bhfuil siad saor ó chlaonadh in aghaidh Mincéirí,” a fhiafraíonn Joyce.

Pobal atá faoi bhrú ar leith sa lá atá inniu iad an pobal trasinscne. Tugadh cuireadh do Graham Linehan, scríbhneoir Fr Ted, a chuid “imní” faoin trasinscne a chur in iúl ar an teilifís seachas na daoine sin a labhraíonn ar son an phobail trasinscne. Tá iarrachtaí ar bun thar lear an “T” a ghearradh amach as an leagan LGBT nó LADT, Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach, ar an mbunús nach mbaineann siad leis an ngrúpa. Deighilt is briseadh arís.

Ní nithe fánacha iad seo; is minic iad le cloisteáil ar an raidió, á spíonadh ar South Park, cosc ar Tinder agus i ndeireadh na dála, tá ionsaithe in aghaidh an phobail thrasinscnigh ag méadú as cuimse ar fud an domhain. 

B’fhéidir nach fiú mórán na focail seo do chuid mhaith ach is deas an rud é go bhfuil an inscne beagáinín scaoilte i dteanga na Gaeilge. “Neach baineann a bhí sa mbád riamh i nGaeilge agus seachain a ndéanfaí í a neodrú” a scríobhadh ar an suíomh seo níos túisce i mbliana. Nuair a smaoiníonn cainteoirí dúchais air den chéad uair, baineann sé meangadh gáire astu. 

 “Is fíor duit! ‘An bád.’ Tá sé firinscneach. ‘Ach nach deas an bád í,’ a deir an Ciarraíoch faoin mbean.  ‘Ach nach deas an bád í,’ a deir an chuid eile againn faoi bhád.”

Nó sin mar a míníodh domsa é ar chuma ar bith. Tá an rud céanna amhlaidh leis an bhfocal “áit”. Tá áit baininscneach, an áit. Ach deirtear, “nach deas an áit é”. 

Mar a dúirt Colm Ó Broin ina chur i láthair ar Ted Talk, “Deconstructing Myths about the Irish Language,” tá an teanga sin againne saortha níos fearr ón ngeis nó an tabú ná atá an Béarla.

Ar ndóigh, bhí Ó Broin, go cuibhiúil,  ag caint ar Mhagairlí an Deamhain, Bod Deamhain, Baile Pit Mhéadhbh, rud nach mbeadh sé, a deir sé, róchompordach a phlé i mBéarla.  

Seans gurbh in an fáth ar imigh ní iontach trasinscneach amach as nádúr na nGael le teacht an Bhéarla.  

Foghlaimíonn an naíonán go bhfuil an coileach ag fógairt an lae. Ach rud atá imithe as an gcaint ná an focal ‘cábún’. Cearc nach léiríodh spéis ar bith sa gcoileach, ach a bhí mór agus láidir agus a bhí an-mhaith ag tabhairt aire agus cúnamh do na sicíní. An cúntóir is cumasaí i gcró na gcearc. Nach deas é an pobal a aithníonn an tairbhe i chuile ní atá ar an saol seo.

Fág freagra ar 'Comóradh idirnáisiúnta amárach orthu siúd a dúnmharaíodh de bharr na trasfóibe '

  • Seán Mag Leannáin

    Alt spéisiúil smaointeach. Féach Súile Donna, dán a scríobh Seán Ó Ríordáin. Dán trasinscneach?

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Marcus Ó Conaire, ‘Comóradh idirnáisiúnta amárach orthu siúd a dúnmharaíodh de bharr na trasfóibe’, Dé Máirt, Samhain 19, 2019.

    Ní maith le Marcus Ó Conaire go gcuirfeadh aon duine i gcoinne an fheachtais ag gluaiseacht an trasfóibeachais, is léir. Cad chuige sin? Nach bhfuil ceart Bunreachtúil againne, saoránaigh, ár gcuid tuairimí a chur in iúl. Feicigí libh, Bunreacht na hÉireann, Bunchearta/Cearta Pearsanta, Airteagal 40.6.1ºi: ‘[Ráthaíonn an Stát] Ceart na saoránach chun a ndeimhní is a dtuairimí a nochtadh gan bac.’

    Luann Marcus Graham Linehan ina ainm, scriptscríbhneoir na sraithe grinn, Father Ted. Arsa Marcus: ‘Tugadh cuireadh do Graham Linehan, scríbhneoir Fr Ted, a chuid “imní” faoin trasinscne a chur in iúl ar an teilifís seachas na daoine sin a labhraíonn ar son an phobail trasinscne.’ De réir dealraimh, is do chlár de chuid Prime Time ar Stáisiún Teilifíse RTÉ 1 atá Marcus ag tagairt, ‘An in–depth look at transgender issues’, Dé Máirt, Eanáir 22, 2019.

    Tugadh deis chainte ar an gclár sin do dhaoine a deir gur fir nó mná anois iad, ach ar baineann nó fireann a bhí siad ag teacht ar an saol dóibh. Níl a fhios agam an urlabhraithe ar son na gluaiseachta sin iad, ach is daoine iad a bhfuil taithí phearsanta ar an ábhar áirithe sin acu.

    Tugadh deis chainte do scata ar an taobh eile chomh maith. Duine acu is ea Grahan Linehan, mar atá ráite. Chuir Linehan in iúl go raibh sé ag cur alltachta air féin go dtabharfaí cead d’fhir, a deir go bhfuil siad tar éis athrú ina mná, cead isteach i seomraí folctha ban i bpríosúin agus in áiteanna dídine. Is fear é Linehan, dála an scéil, a bhí go láidir ar son an tOchtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann a aisghairm, agus a bhí ag feachtasaíocht ar a shon sin. Bean Linehan, dúradh léi agus í ag iompar go raibh éalang ar an leanbh a chiorródh lena shaol/lena saol. Bheartaigh Linehan agus a bhean ar ghinmhilleadh a fháil déanta ar an leanbh. Bun an-phearsanta a bhí acusan, mar sin, le bheith i gcoinne an Octhú Leasú. Níor mhiste, dá réir sin, ‘Liobrálaithe’ a thabhairt ar Linehan agus ar a bhean. Bhí feimineach radacach ar an gclár chomh maith, Heather Brunkswell–Evans, agus is é an rud céanna díreach a bhí ag déanamh buartha dise. Luadh cás David Thompson/Karen White i Sasana. Daoradh Thompson in ionsaí collaí a dhéanamh ar mhná, tar éis dó féin athrú ina bhean, má b’fhíor. Is síciteiripeoir í Stella O’Malley, ar tuigeadh di agus í ina déagóir gur ina fear ba cheart di a bheith –– ‘diosfóiria inscne’ an leagan Gaeilge ar an gcoincheap –– ach leáigh an mhotháil sin agus í sna fichidí. Tá Stella i gcoinne hormóin a thabhairt do leanaí 12 bhliain déag a chuirfeadh cosc lena dteacht in inmhe; is amhlaidh a mhaítear go n–éascaíonn na hormóin sin a ‘n–athrú’ ó inscne go hinscne. Is síciatraí comhairleach é an Dr Paul Moran ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus is é rud a bhí sé ag cur as don Dr Moran go ndéanfaí máinliacht ar leanaí faoi bhun 16 bliana faoi bhráid a leithéid de ‘athrú’. Is é an toradh a bhíonn ar na hobráidí sin nach féidir don duine a bhí fireann ag teacht ar an saol dó a bheith ina athair nádúrtha; agus nach féidir don duine ar baineann a bhí sí ag teacht ar an saol di féin leanbh a ghiniúint ná a iompar. Is é sin le rá, nach bhfuil sna hobráidí sin ach obráidí cosmaideacha.

    Tá sé admhaithe ag Marcus féin nach bhfuil gluaiseachtaí an homaighnéasachais ar aon intinn faoi seo. Leithéid an tSeanadóra David Norris, abair, tá ráite sa Seanad aige, gur ina homaighnéasach a tháinig sé ar an saol. Tá a thuilleadh a deir gur faoin duine féin atá sé a roghnú cé acu ba mhaith leis/léi a bheith fireann nó baineann, heitrighnéasach, homaighnéasach, nó idir eatarthu.

    Is síciatraí is ea an Dr Paul McHugh i Meiriceá. Ba é Ceann na Síciatrachta ar Ollscoil Johns Hopkins é, 1975–2001. Bhí Dr McHugh i dtosach breá sásta teastas a shíniú a thabharfadh cead máinliacht a dhéanamh ar dhuine chun cuma fir, nó cuma mná, a chur air/uirthi. Ach tháinig an–athrú aigne ar an Dr McHugh. Tá sé le blianta ar an tuairim gur mó an díobháil ná an mhaitheas a dhéanann máinliacht den saghas sin. Daoine a théann faoin obráid sin sa tSualainn, cuireann a lán acu lámh ina mbás féin.

    Is mionlach an–bheag iad na fir a bhraitheann gur ina mná ba cheart dóibh a bheith; agus na mná a bhraitheann gur ina bhfir ba cheart dóibh féin a bheith. Is mionlach níos lú ná sin a dteastaíonn uathu dul faoi obráid dá bharr sin. Is dream cumhachtach iad na Marxaigh Chultúir. Ó theip ar an Marxachas i gcúrsaí eacnamaíochta, tá na Marxaigh Chultúir ag iarraidh an taobh sóisialta den Mharxachas a chur i gcion ar an saol mór, de dheoin an tsaoil mhóir, nó dá ainneoin. Ní bhroicfidh na Marxaigh le cur ina gcoinne.

    Ach is í an fhadhb nach bhfuil an mhuintir Liobrálach ag aontú le chéile ar na ceisteanna seo. Tharla a leithéid seo cheana. Is ag an taobh Clé Liobrálach a bheadh an bua i gCogadh Cathartha na Spáinne [1936-1939], mura mbeadh gur iompaigh na Stailínithe i gcoinne na dTrotscaíoch, agus na gCumannaithe Radacacha eile; agus mura mbeadh gur iompaigh na faicsin go léir a bhí páirteach i bhFronta an Phobail, ach na Stailínithe, i gcoinne na Stailínithe, nuair a bhraith na faicsin eile go léir go raibh buaite ag Franco orthu.
    Ná ligimis do na Marxaigh Chultúir ár gceartna chun ár gcuid deimhní agus tuairimí a nochtadh a cheilt orainn!

  • Marcus Ó Conaire

    Míle buíochas, a Sheáin. Tá mé á lorg!

    A Séamais, míle buíochas as ucht an dua a chuir ort féin…níl fhios agam cé as an dtagann do théarma “Marxaigh Chultúir.” Bhítí ag tabhairt le fada an lá Marxaigh Chultúir ar aon duine le saineolas nó a cheistigh mí-úsáid, a chuir a n-imní in iúl maidir le hathrú aeráide, a chosain mionlach ar bith atá faoi chois. Deighilt agus briseadh mar atá scríofa agam. Sa dóigh sin, ní hionann mo chearta agus an ceart atá agatsa an bonn a bhaint ó mo chearta. An bhfuil mé ag sárú do chearta, dar leat, leis an méid sin?

    Ar aon nós, nach bhfuil argóint déanta agat sa bhfóram céanna faoi alt le Seosamh Ó Cuaig i gcoinne fíricí? Do chuid “truthiness” féin, mar a deireadh Stephen Colbert ar an Late Show?

  • Séamas de Barra

    Freagra eile ag Séamas de Barra ar Mharcus Ó Conaire:
    Ní thuigimse cé na cearta atá i gceist ag Marcus Ó Conghaile. Ní mhíníonn sé féin cad iad.
    Tá a fhios agam an méid seo: go ndearna baill de Phobal roimh Bhrabach i mBaile Átha Cliath, agus baill den Connolly Youth Movement i gCorcaigh sa bhliain 2017 póstaeir le Youth Defence a bhaint anuas, póstaeir i dtaobh ball den eagraíocht Unbroken a raibh cruinniú i mBaile Átha Cliath agus cruinniú i gCorcaigh an uair sin acu. Is eagraíocht iad Unbroken a chuireann i gcoinne an ghinmhillte ar ghinte éigin –– leanaí ar de bharr éigniú a ghinfí iad. Bhí na mná seo a leanas páirteach san fheachtas sin: Rebecca Kiessling, Shawna Prewitt, Jennifer Christie, Laura Ní Chonghaile, agus Louise Sheridan. Gin éigin is ea Rebecca Kiessling. Maidir le Shawna, Jennifer, agus Laura, bhí gin éigin á hiompar ag gach uile bhean acu, ach ní bhfuair bean ar bith acu ginmhilleadh ar na ginte sin. Is bean í Louise a raibh gin éigin á hiompar aici, agus ar brúdh uirthi ginmhilleadh a fháil. D’fhulaing Louise go mór ar feadh na mblianta dá dheasca. Óstán i mBaile Átha Cliath, lig siad halla ar cíos le Youth Defence, lucht eagraithe an turais. Déardaoin, Meán Fómhair 28 a bhí an cruinniú le bheith ann. De bharr bagairtí ar fhoireann an óstáin, bagairtí báis san áireamh, tharraing an t-óstán siar an cead an halla a úsáid. Fuair an lucht eagraithe halla ar cíos in óstán eile i mBaile Átha Cliath, agus tharla an rud céanna, agus b’éigean don lucht eagraithe an cruinniú a bheith acu amuigh faoin aer, agus faoin mbáisteach, i gcearnóg ar chúl an dara hóstán. As leo go Corcaigh ina dhiaidh sin, mar a raibh cruinniú in óstán ansin chomh maith acu, Dé Domhnaigh, Deireadh Fómhair 1.
    Bhí mise ar chruinniú aréir in óstán sa Spawell Complex i dTeach Mealóg, i mBaile Átha Cliath, cruinniú de chuid na heagraíochta Let Kids be Kids, letkidsbekids.ie. Cruinniú ba ea é chun daoine a chur ar an eolas i dtaobh an ‘oideachais’ ar an gcollaíocht a bhfuil an Rialtas ag plé é a chur i gcion ar bhunscoileanna, agus iar-bhunscoileanna na tíre. Timpeall le 70 duine a bhí sa lucht éisteachta. Beirt chainteoirí a labhair leis an gcruinniú. Ag aontú leis na cainteoirí a bhí formhór mór an luchta éisteachta, mar go bhfuil formhór an luchta éisteachta go mór i gcoinne éirimí an Rialtais ar an saghas sin ‘oideachais’. D’inis cara dom tar éis an chruinnithe gur bhraith sí go raibh Garda mná ar an lucht éisteachta, agus gurbh ait le mo chara cad ina thaobh a mbeadh Garda ar a leithéid de chruinniú. An cara sin liom, ghlaoigh sí tar éis lóin inniu orm, agus d’eachtraigh dom rud a d’inis duine de lucht eagraithe an chruinnithe di féin: gur cuireadh glaonna bagracha ar an óstán i dTeach Mealóg, ar intinn an cruinniú a chur ar ceal. Níor ghéill an t–óstán do lucht na mbagairtí an uair seo.
    Sin iad an saghas Marxach Cultúir a bhí i gceist agamsa. Ní duine mé a bhíonn ag faire stáisiúin teilifíse de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá go rialta. Ní focal é truthiness a bhí i mo chuid féin Béarla go dtí gur chuir Marcus Ó Conaire ag obair é. Ní raibh a fhios agam de thalamh Dé cé hé Stephen Colbert. Bhí saghas tuairime agam gur sraithchlár Meiriceánach é The Late Show. De réir dealraimh, tá Mac Uí Chonaire ag cur i mo leithse gur ag insint éithigh atáim; is é rud a chiallaíonn truthiness, ráiteas a mbeadh cuma na fírinne air, ach é a bheith bréagach.
    Ní fheadar cad chuige ar tharraing Mac Uí Chonaire Seosamh Ó Cuaig isteach sa scéal. Tá ardmheas agamsa ar Sheosamh, ach ní i gcónaí a bhíonn an bheirt againn ag aontú le chéile. Ní mar a chéile tú a bheith ag easaontú le duine, agus drochmheas a bheith agat air. Fear misnigh is ea Seosamh. Ní féileacán parlúis é. Tá sé breá ábalta ar chur thar a cheann féin.
    Is í an fhadhb sa lá atá inniu ann go bhfuil polasaithe na Marxach Cultúir ar cheisteanna moráltachta poiblí tarraingthe chucu féin ag lucht an Nua–Liobrálachais. Tá insint an–mhaith air sin Patrick J. Deneen, i leabhar leis a tháinig amach le déanaí, Why Liberalism Failed (Yale University Press 2018). Is Ollamh le hEolaíocht na Polaitíochta ar Ollscoil Notre Dame, Indiana, is ea an Duinníneach. Tá daoine de réir a chéile ag diúltú d’ollsmachtachas na holagarcachta, agus is rómhithid é.

  • Marcus Ó Conaire

    A Shéamais,
    an bhfuil mé ag cur isteach ar do chearta saoirse cainte?
    Caith súil ar phíosa cainte Angela Merkel https://t.co/9bsCB5W6FP?ssr=true mura miste leat agus inis dom an bhfuil sise ag cur isteach ar do chearta…

  • Séamas de Barra

    Freagra eile fós ag Séamas de Barra:
    Ní ar Mharcus Ó Conaire go háirithe a bhímse ag díriú agus freagraí á dtabhairt agam ar an méid atá scríofa aigesean. Tar éis an tsaoil, mura bhfuil ag léamh na bhfreagraí ach an tEagarthóir agus Marcus féin, cad is fiú domsa a bheith á scríobh?
    Má tá Marcus ag iarraidh cur isteach ar mo ‘chearta saoirse cainte’, mar a thugann seisean orthu, níl éirithe go fóill leis é sin a dhéanamh.
    Maidir le hAngela Merkel, ní heol domsa spéis dá laghad a bheith aicise i mo chuidse tuairimí. Chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh Gaeilge aici. Tharlódh go bhfuil léamh an Bhéarla aici –– ach Gaeilge agus Béarla aici nó uaithi –– níor bhac sí go dtí seo le ríomhphost ná litir féin a chur chugam.
    Ar aon chuma, i dtaobh an phodchraolta ar chuir Marcus podchraoladh cóip de chugamsa, ní leor an méid sin chun a dhéanamh amach an bhfuil ‘an Bhean Iarainn’, mar a thugtar uirthi, ag cur isteach ar chearta ar bith dá mbaineann liom. Is í an fhadhb ar Angela gur beag comhsheasmhacht atá ag baint léi i rith a saoil, i gcúrsaí creidimh, i gcúrsaí polaitíochta, i gcúrsaí na Muslamach agus an Mhuslamachais, ná i gcúrsaí pósadh. Is é ‘Merkel’ sloinne an chéad fhir chéile aici, Ulrich Merkel, ainneoin go bhfuil an bheirt acu colscartha le chéile ón mbliain 1982. Joachim Sauer is ainm don fhear atá anois aici.
    Is iomaí rud a deir polaiteoirí ó uair go chéile. Bíonn cuma dheas thuisceanach ar a lán dá ndeir siad, ach bheadh dul amú ar dhuine a cheapadh go gcreideann siad go domhain sa méid a bhíonn siad a rá. Cuimhnímis ar an méid a dúirt Pat Rabbitte blianta ó shin i dtaobh gealltanais a dhéanann polaiteoirí roimh thoghchán: ‘nach rud é sin a dhéanann duine le linn feachtas toghcháin’, cé gur mhaígh Rabbitte ina dhiaidh sin gurbh amhlaidh a rinne Vincent Browne míléamh ar a ndúirt Rabbitte.
    Is iad na Gearmánaigh a mbeadh beann agamsa ar a gcuid tuairimí ar an tsaoirse chainte agus pholaitíochta: údar anaithnid an amhráin Ghearmáinise, Die Gedanken Sind Frei [‘Is Saor iad na Smaointe’], a mbíonn leagan dátheangach de le cloisteáil i dtithe tábhairne an cheoil in Éirinn ó uair go chéile; agus an Tréadaí Liútarach, Martin Niemöller. Is é rud a bhain don Tréadaí Niemöller gur thacaigh sé leis na Naitsithe i dtosach, ach gur tháinig athrú aigne air, agus gur chuir na Naitsithe i gcampaí géibhinn Sachsenhausen agus Dachau é 1937–1945. Rinne sé faoistin phoiblí in 1946 i bhfoirm dáin, nach ndearna sé faic nuair a ghabh na Naitsithe na Sóisialaithe, na ceardchumannaigh, ná na Giúdaigh, go dtí sa deireadh gur ghabh na Naitsithe é féin, agus nach raibh aon duine fágtha chun cur ina choinne sin.
    Nuair a bhraitheann an olagarcacht go bhfuil rith an rása leo, cuirfidh siad a rogha rud siar ar an ngnáthmhuintir.

  • Marcus Ó Conaire

    “Má tá Marcus ag iarraidh cur isteach ar mo ‘chearta saoirse cainte’, mar a thugann seisean orthu, níl éirithe go fóill leis é sin a dhéanamh.”

    Tá an cheist curtha agam minic go leor ort anois gur éigin ar fiú fiafraí arís cén chaoi an bhfuil mé ag cur isteach ar do chuid cearta. Nílim ag cur isteach nó amach orthu, cé gur cosúil go bhfuil tú ag iarraidh amhlaidh a thabhairt le fios. Nuair a tarraingítear airde ar mhíúsáid atá á dhéanamh ar phobail mionlaigh, mealltar binb uathu siúd a mhaíonn gurb iad féin agus a “saoirse cainte” atá faoi chois. Uair amháin eile mar sin, cén chaoi an bhfuil tuairisciú ar bhorradh faoi ionsaithe ar phobal ar leith ag cur as duit mar a bhaineann le do chearta?

    Mar a dúirt Merkel thuas sa…bhFÍSEÁN…tá do chearta agat do rogha rud a rá. Ach ná bí a’ cheapadh nach gcaithfidh tú a bheith freagrach as an méid atá ráite agat.

    Tá an snáithe plé seo ag dul ar Dlí Godwin de réir a chéile. Ar an dóigh sin, fágfaidh mé slán leat anois, a Shéamais, go n-éirí leat!