Comhrialtas trí pháirtí i ndán don Gearmáin, ach coinníollacha le tacaíocht an SPD

Faoi Cháisc ar a thúisce a bheas rialtas ar an nGearmáin agus is iomaí dris chosáin roimh na páirtithe móra fós

Comhrialtas trí pháirtí i ndán don Gearmáin, ach coinníollacha le tacaíocht an SPD

Ní raibh samhail ar bith ag Martin Schulz le seachtain anuas ach fear ar mire agus é ag gríosú an pháirtí ar fud na Gearmáine le glacadh leis an rún. Ní raibh samhail aige Dé Domhnaigh i mBonn, dar le páipéir na Gearmáine ach ceannaí ar aonach.

I mBonn na Gearmáine tráthnóna aréir, chaith 642 ionadaí de chuid pháirtí sóisialach-daonlathach an SPD vóta faoi dheireadh ar an rún cinniúnach comhrialtais. Seo é an rún a bhí ann: ‘Glacaimse leis an bprionsabal gur cheart do pháirtí an SPD a dhul i mbun cainteanna leis an CDU-CSU [Merkel-Seehofer] le comhrialtas a chur ar bun go ceann ceithre bliana.’

Ní hiontas ar bith an díocas a bhí ar cheannaire an SPD. Bhí a cheannas féin ar an SPD mar aon le todhchaí na tíre agus na hEorpa idir dhá cheann na meá. Labhair sé go paiseanta maidin inné roimh an vóta. Labhair a leathbhádóir mná Andrea Nahles go paiseanta ina dhiaidh. ‘Ní mian liomsa olltoghchán eile,’ ar sí.

Bíodh sin amhlaidh, bhí dordán mór freasúrachta i measc bhaill an pháirtí ar an tionól éigeandála. Ba iad an óige ba ghlóraí in aghaidh an rúin. Ba léir gur leo a sheasfadh an eite is faide ar chlé sa bpáirtí. Nuair a tháinig uair na cinniúna ag a ceathrú tar éis a ceathair, chuir 641 duine a lámh san aer. (Staon teachta amháin.) Níor léir an uair sin féin cé acu den dá dhream ba líonmhaire: lucht tacaíochta an rúin nó lucht a cháinte. An toradh go beacht nuair a bhí an cuntas déanta: 362 vóta ar son an rúin agus 279 rún ina aghaidh.

Céard a chiallaíonn vóta an SPD? Ciallaíonn sé gur dóigh go mbeidh comhrialtas trí pháirtí i gceannas ar an nGearmáin, An CDU, An CSU, agus An SPD. Ciallaíonn sé gur dóigh go mairfidh an comhrialtas sin ceithre bliana. Ciallaíonn sé gurb í Angela Merkel a bheas ina seansailéir. Ciallaíonn sé go mbeidh leanúnachas ann i bhforbairt Aontas na hEorpa faoi thionchar na Gearmáine. Agus ciallaíonn sé nach mbeidh sa nGearmáin ach freasúra lag na mionpháirtithe.

Ach is iomaí dris chosáin roimh na páirtithe móra fós. Tá coinníollacha le vóta agus le tacaíocht an SPD. An chéad choinníoll: cáipéis nach lú ná 100 leathanach a chur ar fáil a mbeidh cur síos ann ar na polasaithe a chuirfear i bhfeidhm. An dara coinníoll: cead ag gnáthbhaill an SPD vótáil ar son na cáipéise sin nó ina haghaidh. Líon na ngnáthbhall ná 440,000 duine. Is dúshlán lóistíochta ann féin vóta mar sin a reáchtáil. Faoi Cháisc ar a thúisce a bheas rialtas ar an tír. Meán Fómhair seo caite a bhí an toghchán ann.

Fág freagra ar 'Comhrialtas trí pháirtí i ndán don Gearmáin, ach coinníollacha le tacaíocht an SPD'