Comhlacht Gaeltachta i mbun trealamh féinchosanta lochtach a dheisiú d’oibrithe sláinte

Tá an comhlacht déantúsaíochta Sullane Valley atá lonnaithe i mBaile Mhic Íre i nGaeltacht Chorcaí i mbun cuid den trealamh cosanta pearsanta a tháinig ón tSín a dheisiú

Comhlacht Gaeltachta i mbun trealamh féinchosanta lochtach a dheisiú d’oibrithe sláinte

Tá iarrtha ar chomhlacht Gaeltachta i gCorcaigh teacht i gcabhair ar an HSE maidir le trealamh cosanta pearsanta a tháinig ón tSín a chur in oiriúint d’oibrithe sláinte na tíre seo.

Is é an comhlacht déantúsaíochta Sullane Valley, comhchomhlacht leis an siopa fabraice aitheanta ‘The Fabulous Fabric Company’ nó ‘Fabraic Fíor-Álainn’, atá lonnaithe i mBaile Mhic Íre i nGaeltacht Chorcaí atá i mbun cuid den trealamh cosanta pearsanta a tháinig ón tSín a dheisiú.

Feidhmneannacht na Seirbhíse Sláinte a d’iarr ar an chomhlacht Gaeltachta teacht i gcabhair orthu nuair a fuair an HSE amach nach raibh 20% den trealamh féinchosanta a tháinig ón tSín le déanaí ar chaighdeán sách maith d’oibrithe na seirbhíse sláinte.

Ag labhairt di ar an chlár An Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Siobhán Uí Scannláin, úinéir The Fabulous Fabric Company, go raibh an fhoireann “an-sásta” a bheith in ann cúnamh a thabhairt don HSE in am seo an ghátair.

“Tá áthas orthu.  Táid an-chruthaitheach. Táid go léir toilteanach bheith ag gabháilt dó agus a bheith ag fuáil. Le cúnamh Dé go mbeidh muid uilig in ann cuidiú le chéile.”

Dúirt Uí Scannláin go raibh siad I mbun cultacha aon phíosa, a cheannaigh an HSE ó chomhlachtaí sa tSín, a dheisiú faoi láthair.

“Tháinig an-chuid saghas jumpsuits isteach chucu. Bhaineamar na cosa dóibh san agus bhaineamar úsáid astu san mar na muinchillí , mar an-chuid de na muinchillí atá ar an bhfeisteas atá istigh tá siad róghairid.” 

Ag labhairt di le Dara Ó Cinnéide, dúirt úinéir The Fabulous Fabrics Company, go ndeachaigh baill foirne de chuid an chomhlachta go dtí Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, chun tuiscint a fháil ar na lochtanna a bhain leis an trealamh sula ndeachaigh siad i mbun oibre.

I measc na leasuithe atá le déanamh ar na cultacha aon phíosa, bhí muinchillí le deisiú agus velcro le cur in áit na zipeanna.

“Bhíomar in ann na cosa ón jumpsuit san a chur ar an rud mar mhuinchillí agus bhí leaistic ar an mbun. Theastaigh uathu an zip a bhaint. B’fhearr leo velcro a bheith air mar tá sé níos sábháilte.”

 “An rud is tábhachtaí go mbainfidís díobh an feisteas san go tapaidh nuair atádar críochnaithe leis an othar atá tinn, é a bhaint go héasca agus é a chaitheamh sa bhosca bruscair.  Sin an sprioc a bhí againn … an rud a choinneáil an-shimplí, cosaint iomlán, ach go mbeidís in ann é a bhaint díobh go tapaidh.”

Dúirt Siobhán Uí Scannláin gur chaith beirt bhall den bhfoireann, Margaret O’Sullivan agus Geraldine Cullinane, an deireadh seachtaine ag fuáil “ó dhubh go dubh” agus go raibh an fhoireann go léir anois ag obair ar an togra speisialta ó thus na seachtaine.

Dúirt sí gurb é an bua a bhí ag an éadach a bhí in úsáid sna hearraí atá tagtha ón tSín nach scaoileann sé aon leacht tríd, agus go raibh an comhlacht ar a míle dícheall ag iarraidh a thuilleadh den éadach sin a fháil ach go raibh deacrachtaí leis sin faoi láthair. 

“Sin í an fhadhb atá againn le cúpla seachtain anuas, ní féidir linn teacht ar fhabraic.  Táimid ag triail ar maidin é sin a fháil.  Dá bhféadfadh muid é sin a fháil, d’fhéadfadh muid aon rud a dhéanamh.”

“Tá muid ag obair leis an rud atá againn. Tá boscaí thall sa mhonarcha le ceartú agus tá muid toilteanach aon rud a dhéanamh chun feisteas oiriúnach a dhéanamh.  Tuigimid anois cad atá uathu, cad atá á lorg ag na banaltraí dá bhfoireann.  Nuair atá an tuiscint sin agat is féidir leat pé rud a dhéanamh,” a dúirt Siobhán Uí Scannláin ar an chlár An Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Comhlacht Gaeltachta i mbun trealamh féinchosanta lochtach a dheisiú d’oibrithe sláinte'