Comhlacht ceaptha le hathbhreithniú a dhéanamh ar dheich bplean teanga

An comhlacht Barr Feabhais Teo atá lonnaithe i mBéal Feirste a ceapadh le hathbhreithniú a dhéanamh ar na chéad phleananna teanga

Comhlacht ceaptha le hathbhreithniú a dhéanamh ar dheich bplean teanga

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan inniu go bhfuil comhlacht ceaptha le hathbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú na bpleananna teanga Gaeltachta.

An comhlacht Barr Feabhais Teo atá lonnaithe i mBéal Feirste a ceapadh le hathbhreithniú a dhéanamh ar an chéad 10 bplean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Is iad na pleananna teanga a ndéanfar athbhreithniú orthu ar dtús: Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Na Déise; Ciarraí Theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí Thiar; Conamara Láir; An Cheathrú Rua; Maigh Eo Thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór.

Tá maoiniú €92,000 curtha ar fáil ag an Roinn don chomhlacht Barr Feabhais, a bunaíodh in 2022 chun an t-athbhreithniú a dhéanamh. An Dr, Mícheál Ó Duibh, iarPhríomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta atá i mbun an chomhlacht aistriúcháin agus comhairleoireachta.

Cé go leagtar amach sna Treoirlínte Pleanála Teanga go ndéanfaí athbhreithniú tréimhsiúil ar phleananna teanga tar éis trí bliana, tá cúig bliana caite ó tosaíodh ar chuid acu a chur i bhfeidhm.

Bhí sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta féin tabhairt faoin athbhreithniú ar an chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht in 2021 ach beartaíodh an obair a chur siar an uair sin de bharr phaindéim an Covid-19.

Is iad na hoifigigh pleanála teanga féin a d’éiligh go ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách ar a gcuid pleananna.

I Ráth Chairn a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta an t-athbhreithniú, áit ar iompaigh sé an fód don gTeic nua atá le tógáil ansin.

Tá plean teanga ceadaithe do gach ceann de na 26 Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.

Seacht mbliana atá ag na coistí leis na pleananna teanga a ceadaíodh a chur i bhfeidhm. Beidh athbhreithniú eile le déanamh ar gach plean teanga i mbliain a sé, de réir threoirlínte na Roinne.

Is ionann an cur chuige a bheidh i bhfeidhm ó thaobh athbhreithniú na Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge.

Fág freagra ar 'Comhlacht ceaptha le hathbhreithniú a dhéanamh ar dheich bplean teanga'