Comhghairdeachas le Baile Gunnair – chloíodar leis an gcóras agus bhuadar an cluiche

Agus craobh na gclub críochnaithe agus sos as tsraith náisiúnta, is ar Chorn Mhic Giobúin a bheidh aird lucht na hiomána inniu

Comhghairdeachas le Baile Gunnair – chloíodar leis an gcóras agus bhuadar an cluiche

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

A leithéid de chríoch a bhí leis an dá chraobh shinsir club agus cúl an bhua thar a bheith déanach ag an dá chlub a bhí ar thóir a gcéad bhua sa chomórtas. Agus cad é mar chúl a scóráil an laoch, Harry Ruddle do Bhaile Gunnair. Léirigh sé an mhuinín a bhí ag na himreoirí sa ‘chóras‘ ag Baile Gunnair, fiú amháin agus an cluiche sna soicindí deireanacha d’am cúitimh gortuithe.

Sliotar buaite ar ais ina líne leathchúl féinig ag uimhir a dó, Ian Kenny, pas camáin d’uimhir a naoi, Paddy Leavey, agus eisean le pas camáin eile chuig Peter Hogan agus arís leis an gcamán, Hogan go Ruddle a bhí ag teacht ar luas diamhair i dtreo an chúil. Lean sé leis, agus, díreach taobh istigh den D a scaoil sé an t-urchar cinniúnach, stairiúil, buacach.

Sin creidiúint don chóras imeartha – seilbh a choimeád agus an liathróid a oibriú in ionad dul sa seans agus an sliotar a bhualadh fada. Déarfainn go raibh tromlach na leantóiri ag béicigh air an sliotar a ligint isteach go tapa mar bhí an spás agus an t-am ag Kenny an liathróid é a sheoladh isteach díreach. Ach chloíodar leis an gcóras agus bhuadar an cluiche.

Comhghairdeachas le Baile Gunnair. Is fada iad ar thóir an bhua sin agus ní go héasca a tháinig sé. 

Baile Gunnair curaidh na hÉireann 2022 san iomáint shinsir. Beidh llucht leanta na nDéise ag súil anois go dtabharfaidh sé sin spreagadh breise éigin don fhoireann contae.

Beidh briseadh beag an deireadh seachtaine seo i sraith Allianz na hiomána. 

Bhí dhá dheireadh seachtaine iomána suimiúil go leor againn agus is dócha an scéal is mó as na cluichí sin ná go bhfuil Luimneach fós folamh agus caint ann go bhfuil meath ag teacht orthu. N’fheadar faoi sin.

Fad is a bhí na cluichí sraithe agus club ag sciobadh na gceannlínte bhí gaiscí eile á ndéanamh freisin, ceann acu ag Scoil Naomh Iosaif, an Tulach, a bhuaigh Corn an Artaigh den chéad uair riamh. Bhí aistear deacair rompu i gcoinne Naomh Colmán agus CBC as Corcaigh mar aon le De La Salle Phort Láirge agus Ardscoil Rís Luimnigh sa chluiche ceannais ach thaispeánadar an-spiorad, diongbháilteacht agus dúthracht ar a slí chun an bua stairiúil seo a bhaint amach. 

Ach níl deireadh déanta ag Ardscoil mar beidh siad ag dul chun páirce i gcoinne sheaimpíní Chonnacht i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann agus seans acu iad féin a chur chun cinn chun craobh na hÉireann a bhuachaint.

Tá tamall le dul fós roimh Lá le Pádraig nuair a bheidh an cluiche ceannais ar siúl i bPáirc an Chrócaigh.

Tá comórtas tábhachtach eile ag teacht go ceann scríbe inniu i bPáirc IT Cheatharlach, áit a mbeidh comórtas ribín gorm na gcoláistí tríú leibhéal, Corn Mhic Giobúin, ar siúl. Imríodh an dá cluiche leathcheannais i lár na seachtaine, an chéad ceann tráthnóna Dé Céadaoin nuair a chas dhá Ollscoil na Gaillimhe, GMIT agus NUIG, ar a chéile, Stoirm Dudley san aer agus peileadóirí Ollscoil na hÉireann Gaillimh, NUIG, ar a slí go Ceatharlach chun Corn Sigerson a bhuachaint ag an nóiméad deireanach. 

Thóg sé am breise chun na foirne iomána a scaradh óna chéile agus is iad NUIG a bheidh ag dul chun páirce inniu agus iad ag iarraidh an corn luachmhar a chrochadh leo siar cois Coiribe le cur le Corn Sigerson.

Bhí an cluiche eile idir Ceatharlach agus Luimneach ar an Déardaoin agus stoirm eile chugainn agus tar éis am breise eile, is iad Ollscoil Luimnigh a bheidh mar fhreasúra ag NUIG um thráthnóna. Beidh an cluiche beo ar TG4.

Fág freagra ar 'Comhghairdeachas le Baile Gunnair – chloíodar leis an gcóras agus bhuadar an cluiche'