Comhbhá leis an DUP ón aicme pholaitiúil, ach naimhdeas ón gcosmhuintir dhílseach

Buaileadh buillí troma ar an DUP le seachtain. Tragóid dá mhuintir, dá bhean chéile, a gceathrar páiste agus dá mháthair ab ea bás Christopher Stalford agus gan ach 39 bliain slánaithe aige. Tubaiste don DUP a bheadh ann in am ar bith Teachta Tionóil óg, cumasach a chailliúint ach mí-ádh sa bhreis is ea é […]

Comhbhá leis an DUP ón aicme pholaitiúil, ach naimhdeas ón gcosmhuintir dhílseach

Buaileadh buillí troma ar an DUP le seachtain. Tragóid dá mhuintir, dá bhean chéile, a gceathrar páiste agus dá mháthair ab ea bás Christopher Stalford agus gan ach 39 bliain slánaithe aige. Tubaiste don DUP a bheadh ann in am ar bith Teachta Tionóil óg, cumasach a chailliúint ach mí-ádh sa bhreis is ea é tráth a bhfuil an páirtí faoi bhrú mór.

Is annamh a bhíonn gach dream in Stormont ar aon fhocal ach ba léir gur bhain bás tobann Theachta an DUP do Bhéal Feirste Theas croitheadh as gach ionadaí. Ag seisiún Tionóil speisialta ina ómós, moladh Christopher Stalford as a chineáltas, a éirim aigne, a dhíocas chun díospóireachta, a acmhainn grinn agus thar aon ní, a dhílseacht dá chlann. 

Bhí na deora le roinnt mhaith agus iad ag tabhairt chun cuimhne cé mar a sheasadh sé an fód dá fhealsúnacht pholaitiúil, é fóiréinseach, daingean, trodach in amanna nó ag spochadh as a chéilí argóna amanna eile.

D’aontaigh gach duine nach raibh sé naimhdeach ná doicheallach nuair a bhí an plé thart, agus go mbíodh ciúta nó focal aige do gach éinne. Mar chlabhsúr ar an seisiún sheas na Teachtaí ar feadh nóiméid ciúnais. 

Lá eisceachtúil amach is amach ab ea é in Stormont. Bhí sé soiléir go raibh meas ag daoine i ngach páirtí ar Christopher Stalford ach thairis sin ba léir go raibh siad ceanúil air. Ghabh an DUP buíochas leis na páirtithe eile go léir as a gcomhbhá, go háirithe an SDLP a chuir a gcomhdháil earraigh ar ceal Dé Domhnaigh mar chomhartha measa.

Ba bheag meas a bhí ar taispeáint don DUP ag léirsiú in éadan an Phrótacail iarBhreatimeachta i gcontae Ard Mhacha san oíche Dé hAoine. Oíche na seacht síon a bhí ann ach mháirseáil scór go leith bannaí dílseacha agus d’fhreastail na mílte ar an agóid i gCnoc an Mhargaidh. 

Bhí ceannaire an TUV, Jim Allister, agus an feisire Sammy Wilson, DUP, i measc na bpríomhchainteoirí. Tá fear an TUV diongbháilte go gcaithfear gach blas den bPrótacal a chur ar ceal; fuair sé na gártha molta, ní nach ionadh ós na daoine atá dubh dóite in aghaidh ‘teorainn i Muir Éireann’ a bhí i láthair. 

Níorbh amhlaidh an cás d’urlabhraí Breatimeachta an DUP in Westminster, Sammy Wilson. Nuair a sheas seisean, díreach i ndiaidh Jim Allister, thosnaigh an trasnáil. ‘Lundy’, ‘Feallaire’ ‘Sa tóir ar vótaí ata sibh’ a scread cuid den slua. Tá seantaithí ag Sammy ar rúscadh agus glafairt ach ba dheacair é a chlos. Chuir Jim Allister isteach air agus d’iarr ar an slua éisteacht a thabhairt dó, é ag rá leo go mbeadh deis acu lá an toghcháin chun a mbreithiúnas a thabhairt ar an DUP. Sheas Wilson an fód, lean sé lena chuid cainte ach ba léir gur bhain coimhthíos na léirseoirí stangadh as an DUP.

Tuairiscíodh níos deireanaí gur go fuar nó patuar a glacadh le Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, ag ócáid ar an Droim Mór an tseachtain roimhe sin nuair a bhí fáilte is fiche roimh Jim Allister agus daoine a bhí gníomhach i bhfeachtas an Bhreatimeachta i Sasana. Seans go raibh an slua níos teasaí i gcás Sammy Wilson toisc gur tuairiscíodh ar chlár raidió an mhaidin sin go raibh an DUP ag maolú a chuid éileamh i dtaca leis an bPrótacal. Ní bheadh aon ghlacadh ag lucht na hagóide le comhghéilleadh.

Tá lucht eagair na léirsithe ag iarraidh an brú ar an DUP a mhéadú. Má shíl Jeffrey Donaldson agus a chomhghleacaithe go meallfadh siad ar ais na vótóirí a bhí bogtha chuig an TUV nuair a tharraing siad an Chéad-Aire, Paul Givan, as Stormont, is cosúil go raibh dul amú orthu. Sí an cheist don DUP anois an ngabhfaidh siad níos faide lena n-éilimh chun an aicme vótóirí sin a shásamh? 

Nó an gcinnfidh siad go mbeidh an Prótacal buan agus gurbh fhearr cloí le leasuithe inaimsithe a éileamh? Más é sin a rogha caithfidh siad ionchais na vótóirí aontachtacha a bhainistiú níos fearr ná mar atá déanta go fóill.

Tógfaidh sé tamall ar an bpáirtí teacht chuige féin ón gcroitheadh a bhain bás tobann Christopher Stalford as ach i bhfoisceacht deich seachtaine do thoghchán an Tionóil níl am le spáráil acu. Bhí Stalford le bheith ina iarrthóir aonair i mBéal Feirste Theas agus an suíochán sin sábháilte, ceapadh. Beidh sé níos furasta iarrthóir a roghnú ná a theacht ar straitéis éifeachtach chun déileáil leis an bprótacal agus an drochmheas ar an DUP a léiríodh ag an léirsiú i gCnoc an Mhargaidh. 

Measann roinnt go n-aistreoidh vótóirí an TUV ar ais ag an DUP nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne agus fonn orthu Sinn Féin a choinneáil as an gcéad-aireacht. Seans go ndéanfaidh mar gur mó a bhfuath ar Shinn Féin ná a gcol leis an DUP. Ach cé a ghlaofadh straitéis air sin?

Fág freagra ar 'Comhbhá leis an DUP ón aicme pholaitiúil, ach naimhdeas ón gcosmhuintir dhílseach'