Comharthaíocht dhátheangach bhreise le cur ar bhusanna Bhéal Feirste

Chuir an grúpa feachtasaíochta An Dream Dearg fáilte roimh an scéala ach dúirt siad freisin gur gá níos mó le déanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i lár na cathrach

Comharthaíocht dhátheangach bhreise le cur ar bhusanna Bhéal Feirste

Tá comharthaí i nGaeilge le taispeáint ar sheirbhís nua bus i mBéal Feirste.

D’fhógair an tAire Bonneagair ó thuaidh, Nichola Mallon, go mbeadh an chomharthaíocht dhátheangach le feiceáil ar an tseirbhís Glider in Iarthar Bhéal Feirste.

Dúirt Mallon, leascheannaire an SDLP, go raibh “an-áthas” uirthi an chomharthaíocht nua a fhógairt. Dúirt sí gur “céim sa treo ceart” a bhí sa scéal ach go raibh go leor oibre le déanamh fós chun cothromaíocht a bhaint amach don Ghaeilge.

“Cuirfear comharthaí i mBéarla agus i nGaeilge ar na feithiclí Glider in iarthar na cathrach den chéad uair. Seo céim ar an mbóthar ceart i dtreo an chomhionannais teanga. Ba mhaith liom a rá go bhfuil mé uaillmhianach agus tiomanta an t-athrú a gealladh in New Decade, New Approach a dhéanamh. Bliain ó síníodh an Comhaontú sin tá áthas orm go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agam ar na geallúintí a tugadh do phobal na Gaeilge,” a dúirt an tAire Mallon.

“Ní féidir an comhionannas a chur ar an méar fhada agus cé go bhfuil go leor fós le déanamh, ba mhaith liom a rá go soiléir go gcaithfear an t-athrú is riachtanach a dhéanamh..

Chuir an grúpa feachtasaíochta An Dream Dearg fáilte roimh an scéala ach dúirt siad freisin go raibh níos mó le déanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i lár na cathrach.

Dúirt Pat Sheehan, MLA de chuid Shinn Féin, go gcuirfeadh an cinneadh le cultúr Bhéal Feirste.

“Céim dhearfach í seo chun an Ghaeilge a dhéanamh feiceálach mar chuid de shaol na cathrach. 

“Ta níos mó agus níos mó daoine ag labhairt Gaeilge ina saol laethúil ar fud Bhéal Feirste agus cuireann sí le beocht chultúrtha na cathrach,” a dúirt Sheehan.

“Cuideoidh na comharthaí seo ar na busanna le scéal na sráideanna agus na logainmneacha a insint.”

Cé go bhfuil comharthaíocht dhátheangach ar sheirbhís an Metro 10 le beagnach deich mbliana anuas rinneadh cinneadh in 2018 fáil réidh leis an nGaeilge ar na comharthaí nuair a shroichfeadh na busanna sin oirthear na cathrach.

Fág freagra ar 'Comharthaíocht dhátheangach bhreise le cur ar bhusanna Bhéal Feirste'

  • Paul Laughlin

    Scéal ar dóigh atá ann ach cad é atá ag tarlú i nDoire. An mbeidh an polasaí céanna i bhfeidhm?