Comharthaí crochta ar fud Chorca Dhuibhne ag spreagadh daoine chun an Ghaeilge a labhairt gach lá

Tobar Dhuibhne, lucht Phlean Teanga Chiarraí Thiar a chuir na comharthaí in airde cois bóthair i ngach paróiste sa cheantar

Comharthaí crochta ar fud Chorca Dhuibhne ag spreagadh daoine chun an Ghaeilge a labhairt gach lá

Tá comharthaí as Gaeilge crochta fud fad Chorca Dhuibhne mar chuid d’fheachtas le daoine a spreagadh an Ghaeilge a úsáid.

Tobar Dhuibhne, lucht Phlean Teanga Chiarraí Thiar, a chuir na comharthaí in airde cois bóthair ar fud na leithinse inné mar chuid d’fheachtas feasachta leanúnach ar an bpleanáil teanga.

12 comhartha ar fad a crochadh agus ar na teachtaireachtaí atá orthu, tá ráitis spreagúla, beannachtaí na Nollag agus moladh earraí Gaeltachta a cheannach.

Tá ‘Cabhraigh leis an nGaeltacht – labhair Gaelainn’, ‘Labhraímid Gaelainn i gCorca Dhuibhne’ agus ‘Tá’n tú fós sa Ghaeltacht!’ i measc na manaí atá ar na comharthaí.

“Socraíodh na comharthaí a chur in airde ar fuaid na dúthaí chun meabhrú do dhaoine gur ceantar Gaeltachta é Corca Dhuibhne, idir chuairteoirí agus mhuintir na háite,” a mhínigh John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Thiar.

“Ráitisí atá ar na comharthaí a spreagfaidh daoine an Ghaelainn a labhairt agus a úsáid gach aon lá, tá súil againn. Tá aiseolas ana-dhearfach fachta againn cheana féin. Tuigeann daoine gur ceantar láidir Gaeltachta é Corca Dhuibhne, ach go bhfuil gá le hobair leanúnach mar phobal le cinntiú go mbeidh an áit ina Gaeltacht ar feadh i bhfad eile.”

Fág freagra ar 'Comharthaí crochta ar fud Chorca Dhuibhne ag spreagadh daoine chun an Ghaeilge a labhairt gach lá'