D’athródh na muilte gaoithe i gceantar na Sceirde, mar atá siad leagtha amach, an radharc i dtreo bhun na spéire sa gcuid sin de Chonamara, a deir Liam Hanrahan, an ceannasaí ar rannóg pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Bhí sé ag labhairt ag cur i láthair agus díospóireacht ag cruinniú de Chomhairleoirí Contae thoghcheantar Chonamara le déanaí. Bhí scéim na Sceirdí ar an ábhar ba mhó a bhí ar chlár an chruinnithe seo.
Cuireadh Feilm Ghaoithe na Sceirdí ar chlár an chruinnithe ó tharla go mbeidh Comhairle Chontae na Gaillimhe féin ag cur aighneachta chuig an mBord Pleanála faoin bhforbairt atá i gceist.
Cé go raibh ráiteas Liam Hanrahan faoin radharc i dtreo na spéire suntasach, dúirt sé leis na Comhairleoirí freisin go gcaithfí chuile ghné den fhorbairt a chur sa gcomhaireamh, idir bhuntáistí agus pé ar bith locht a d’fheicfí ar an bplean, sula dtiocfaí ar chinneadh sa deireadh.
“Caithfidh an comhlacht atá i mbun na forbartha (Fuinneamh Sceirde Teo) a bheith in ann chuile cheist a fhreagairt chun sástacht an Bhoird Pleanála sula n-abrófar sea, nó ní hea, faoin tionscnamh seo,” a dúirt Hanrahan. Dúirt sé freisin go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh an Bord Pleanála ag iarraidh go reáchtálfaí éisteacht phoiblí faoin iarratas.
Dúirt an Comhairleoir Séamus Breathnach, Independent Ireland, gur fear é féin atá i bhfabhar forbartha ach go bhfuil údar imní aige faoi scéim na Sceirdí. ‘’Tá daoine tagtha chugam agus iad trína chéile faoin bhforbairt atá i gceist,’’ arsa an Breathnach. “Tá sé de dhualgas ormsa labhairt amach faoin imní atá ar na daoine seo.”
Dúirt Séamus Breathnach go raibh cuid de na muilte gaoithe i bhfad níos gaire don mhórthír ná mar a cheaptar. “Níl cuid acu amuigh ag carraigeacha na Sceirdí,” arsa an Comhairleoir Breathnach. “Tá an ceann is gaire don talamh i bhfoisceacht cúig chiliméadar (beagán le cois trí mhíle) do chósta Charna agus tádar san ainmhéid. De réir na bpleananna, beidh na muilte seo 325 méadar ar airde.”
Bhí an Breathnach agus an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin ar an mbeirt ba mhó a labhair faoin ábhar. “Tá sé i gceist go dtógfaí cuid de na muilte seo ar charraigeacha sa bhfarraige ach ní féidir bóthar atá ag teastáil a chur thrí phortach,” a deir an Curraoineach.
“Má thagann na comhlachtaí móra seo isteach – tiocfaidh siad agus imeoidh siad,” a deir an Comhairleoir Ó Curraoin. “Bíodh a fhios againn gur réimse farraige iascaigh atá anseo agus saothraíonn daoine áitiúla roinnt ar an gceird sin. Bealach traidisiúnta saoil atá ann.”
Ghearr an ceannasaí pleanála trasna ar an bpíosa cainte sin agus dúirt go bhfuil iarratas ar chead forbartha déanta ag Fuinneamh Sceirde Teo agus murar féidir leo cruthúnas a thabhairt chun sástachta an Bhoird Pleanála nach bhfaighidís ceadúnas forbartha. Thacaigh cathaoirleach Chomhairleoirí Chonamara, Thomas Welby leis an gcaint sin agus dúirt gur ceist don Bhord Pleanála sa deireadh cead forbartha a thabhairt, nó cead forbartha a dhiúltú. Dúirt an Comhairleoir Welby freisin go dtagann airgead isteach go hUachtar Ard agus go ceantar Ros Cathail chuile bhliain de bharr an chiste pobail atá ar fáil de bharr muilte gaoithe a bheith sa gceantar sin.
Mar fhreagra air sin, dúirt Tomás Ó Curraoin nach iad an Bord Pleanála atá ag riaradh na tíre, ná ag riaradh an tsaoil, sa deireadh.
Ag cur clabhsúir ar an díospóireacht, mhol an cathaoirleach, Thomas Welby, gur cheart do Chomhairleoirí Chonamara cruinniú príobháideach a bheith acu agus an cheist seo a bheith ar an gclár: “Ar cheart dóibh moladh aontaithe a chur chuig an mBord Pleanála nó ar cheart do chuile Chomhairleoir a mholadh féin a chur chun cinn chuig an mBord – má thograíonn sé/sí.”
Tá an cruinniú sin le reáchtáil ar an 7 Márta díreach sula mbeidh cruinniú oifigiúil ag grúpa Chomhairleoirí Chonamara.
Agus díospóireacht ar ábhar na Sceirdí ag críochnú d’éirigh idir an cathaoirleach, Thomas Welby agus Séamus Breathnach. Bhí an oiread sin sárú ann agus nach raibh mórán le tuiscint ach gur dhúirt an Breathnach go raibh sé ar aon intinn le Tomás Ó Curraoin, go raibh “dlí amháin do dhream amháin agus dlí eile don dhream eile”.
D’fhiafraigh an Comhairleoir Noel Thomas an raibh a fhios ag feidhmeannas na Comhairle Contae faoin méid airgid a gheofaí ar na rátaí as Feilm Ghaoithe na Sceirdí dá rachadh sí ar aghaidh. Ní raibh an t-eolas sin ar fáil fós, a deir an ceannasaí pleanála, Liam Hanrahan. Bheadh lámh ag an eagraíocht nua náisiúnta mara ( dualgas cladaí agus farraige orthu) sa réiteach sin, a deir Hanrahan, agus sin córas nua nach bhfuil feicthe againn fós.
Is beag caint a rinne an seachtar eile Comhairleoirí as toghcheantar Chonamara seachas cúpla ceist theicniúil i dtaobh dualgas agus ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir leis an iarratas pleanála atá déanta ag Fuinneamh Sceirde Teo.
Mhínigh an ceannasaí pleanála, Liam Hanrahan, go raibh cuimse staidéir ar cheisteanna éagsúla timpeallachta, éiceolaíochta, nádúir, tionchar farraige agus tuilleadh déanta ag an gcomhlacht forbartha.
Chomh fada agus a bhaineann sé le Comhairle Chontae na Gaillimhe beifear ag coinneáil le hábhair ar nós radharcanna agus pointí teicniúla pleanála. Cuirfear an tuarascáil sin ón rannóg pleanála os comhair cruinniú iomlán den Chomhairle Contae an mhí seo chugainn sula gcuirfear ar aghaidh é mar aighneacht go dtí an Bord Pleanála.
Beidh aighneacht na rannóige pleanála múnlaithe faoi anáil pholasaithe réigiúnach, agus taobh istigh de theorainneacha Phlean Forbartha Chomhairle Chontae na Gaillimhe, a deir Hanrahan. Dúirt sé freisin go mbeifí ag moladh go gcuirfí coinníollacha éagsúla i bhfeidhm, sa gcás agus go rachfaí ar aghaidh le Feilm Ghaoithe na Sceirde.
Is é an 24 Márta 2025 an dáta deireanach a nglacfar le haighneachtaí maidir leis an iarratas pleanála a bhaineann le plean Fheilm Ghaoithe na Sceirde.
Tá beagnach €34 millún caite cheanna féin ag comhlacht Fuinneamh Sceirde Teo ag réiteach le haghaidh an iarratais pleanála agus costais eile. Comhfhiontar é Fuinneamh Sceirde Teo idir Banc Macquarie as an Astráil agus ciste an Ontario Teachers’ Pension Plan i gCeanada. Áirítear go gcaithfí os cionn €1 billiún uilig ar an tionscnamh dá gceadófaí é. Thabharfadh sé leictreachas do 350,000 teach cónaithe agus stopfadh sé 550,000 tonna CO2 ó dhul amach san atmaisféar. Bheadh ciste tacaíochta pobail arbh fhiú €70 milliún é thar 20 bliain ina chuid den tionscnamh. Chaithfí an t-airgead seo, den chuid is mó, in imeall thiar Chonamara. Dúirt an comhlacht go mairfeadh feidhm na feilme gaoithe i gceantar na Sceirde 38 bliain.
Fág freagra ar 'Comhairleoirí glóracha agus comhairleoirí ciúine maidir le feirm ghaoithe na Sceirde'