Iar-aire stáit na Gaeltachta ceaptha ina cheannaire ar an Seanad

Tá an Seanadóir as Conamara Seán Kyne ceaptha ina cheannaire ar an 27ú Seanad

Iar-aire stáit na Gaeltachta ceaptha ina cheannaire ar an Seanad

Ceapadh an Seanadóir Seán Kyne, a chaith seal ina aire stáit don Ghaeltacht, ina cheannaire ar an Seanad nua. Ceapadh ina cheannaire é ar ghrúpa Fhine Gael taobh istigh den Seanad freisin.

Is as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe é Kyne agus is é an chéad Ghaillimheach a ceapadh ina cheannaire Seanaid i stair an stáit. Dúirt sé go raibh “lúcháir” air gur iarr an Tánaiste Simon Harris air a bheith i gceannas ar Fhine Gael sa Seanad agus ina cheannaire ar an Seanad féin.

Toghadh Seán Kyne ina Sheanadóir den chéad uair in 2020, i ndiaidh dó a shuíochán i nDáil Éireann a chailleadh in olltoghchán na bliana sin. Sheas sé don Dáil arís in olltoghchán na bliana seo caite ach níor éirigh leis a shuíochán a ghnóthú ar ais. Toghadh chun an tSeanaid arís i mbliana ar an Rolla Saíochta agus Oideachais.

“Tuigim an difríocht a dhéantar sa Seanad, idir an reachtaíocht a scrúdú agus a fheabhsú agus díospóireachtaí ar réimse ceisteanna a áisiú. Is féidir le hobair an tSeanaid difríocht a dhéanamh do na saoránaigh, do na pobail, agus don tír. Mar cheannaire beidh mé ag díriú ar chúpla rud, ina measc úsáid agus feiceálacht na Gaeilge a mhéadú sa Seanad agus i sochaí na hÉireann araon,” a dúirt an Seanadóir Kyne.

Luaigh sé freisin gur mhaith leis dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine atá ag dul in aois, le fadhbanna infreastruchtúir, agus go mbeidh sé ag iarraidh comhlachtaí stáit “a thabhairt chun cuntais”.

Tá Seán Kyne ar dhuine den naonúr Seanadóirí nua a bhfuil an Ghaeilge acu. Is iad an t-ochtar eile Shane Curley, Laura Harmon, Joe O’Reilly, Rónán Mullen, Michael McDowell, Joe Conway, Lorraine Clifford-Lee agus Evanne Ní Chuilinn. Bhí seachtar cainteoirí Gaeilge sa Seanad deireanach.

Fág freagra ar 'Iar-aire stáit na Gaeltachta ceaptha ina cheannaire ar an Seanad'

  • An tEisreachtach

    An fear a dúirt go poiblí ar ‘Sheacht Lá’, nuair nár éirigh leis suíochán a bhaint san Olltoghchán, go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht! An féidir aon ní a chreidiúint ó na daoine seo?

  • Mícheál Ó Flaithearta

    An fear bocht. Bhí aige cloí lena chinneadh díreach tar éis an Olltoghcháin!

  • Siún

    Molaim go gcaithefeadh gach Gael cluasáin leis an litir G greamaithe urthu ar an dá thaobh as seo amach; go háirid agus sinn ag agóidíocht.

    Aithneoidh cluasán cluasán eile.