Coimhlint mhór Ghaeltachta romhainn ó dheas, dul chun cinn na Gaillimhe agus drochnós na Mumhan

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de scéalta móra spóirt an deireadh seachtaine

Coimhlint mhór Ghaeltachta romhainn ó dheas, dul chun cinn na Gaillimhe agus drochnós na Mumhan

Dara Ó Sé (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Coimhlint Ghaeltachta romhainn i gCiarraí

Casfaidh dhá fhoireann Ghaeltachta ar a chéile an deireadh seachtaine seo chugainn i gCiarraí agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluiche ceannais chraobh idirmheánach peile an chontae. Tabharfaidh cumann caide na Gaeltachta as Corca Dhuibhne agus Piarsaigh na Dromad as Uíbh Ráthach aghaidh ar a chéile Dé Domhnaigh i Staid an Ghearaltaigh.

Cháiligh an Ghaeltacht ó Ghrúpa 3 nuair a bhuaigh siad i gcoinne Bhaile an Mhuilinn/Chaisleán na Mainge Dé Domhnaigh. Farasbarr sé phointe a bhí acu, 1-11 in aghaidh 0-8. Bhí Baile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge chun tosaigh ar feadh cuid mhaith den chéad leath ach d’aimsigh Dara Ó Sé cúl don Ghaeltacht díreach roimh an mbriseadh rud a d’fhág aon chúilín amháin chun cinn iad ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-5. D’aimsigh an fhoireann bhaile sé phointe as a chéile luath sa dara leath chun a gcéilithe comhraic a chur de dhroim seoil.

Bhí Piarsaigh na Dromad ag imirt i ngrád na sóisear anuraidh agus tá dul chun cinn iontach déanta acu sa chraobh idirmheánach cheana féin i mbliana. Bhain siad áit amach sa bhabhta leathcheannais nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chorra ag an deireadh seachtaine. Scóráil Keelan Farley cúl tábhachtach dóibh díreach roimh leath ama chun aon phointe amháin a fhágáil idir na foirne ag an mbriseadh. Bhí siad gob ar ghob arís sa dara leath ach fuair Niall O’Shea cúilín na cinniúna d’fhir Uíbh Ráthaigh in am cúitimh chun iad a thabhairt slán, 1-13 in aghaidh 0-15.

Tá an cluiche leathcheannais idir an Ghaeltacht agus Piarsaigh na Dromad socraithe don Domhnach seo chugainn ag 3.15pm i Staid an Ghearaltaigh. Imreofar an cluiche leathcheannais eile idir An Teampall Nua agus Gleann Fleisce ar an bpáirc chéanna ag 1.30pm.

Dul chun cinn na Gaillimhe

Imreoir na Gaillimhe, Áine McDonagh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Cluiche idir Gaillimh agus Corcaigh a chuir tús le sraith peile na mban i mbliana agus tiocfaidh na foirne le chéile arís sa chluiche deireanach agus áit bainte amach acu sa bhabhta ceannais. Tháinig an dá fhoireann slán óna gcluichí leathcheannais an deireadh seachtaine seo agus beidh siad sásta leis an aicsean a rinne siad.

Bhuaigh Corcaigh ar Áth Cliath i bPáirc Uí Nualláin agus é cruthaithe arís acu go bhfuil siad in ann ag seaimpíní na hÉireann. Tá buaite acu ar Áth Cliath faoi dhó anois le coicís anuas agus beidh bainisteoir Chorcaí Ephie Fitzgerald sásta le taispeántas an deireadh seachtaine seo. Bhí am breise ag teastáil ach ba iad mná Chorcaí a thug an lá leo i gcluiche a thabharfaidh an-mhuinín dóibh roimh thús na craoibhe.

Sa chluiche leathcheannais eile, bhíothas den tuairim go mbeadh Gaillimh rómhaith do Dhún na nGall agus b’amhlaidh an scéal. Bhí foireann Tim Rabbitte níos fearr ná na Conallaigh agus bhuaigh siad le seacht bpointe. Céim eile chun cinn do sheaimpíní Chonnacht.

Níl cluiche ceannais na sraithe bainte amach ag Gaillimh ó 2015 agus deich mbliana roimhe sin arís a d’imir siad i gcluiche ceannais na hÉireann go deireanach. Bhí blianta ann nach raibh cuid de na himreoirí is fearr sa chontae sásta imirt dóibh ach tá dul chun cinn mór déanta acu ar chuile bhealach le bliain nó dhó anuas.

Ba iad an t-aon dream a bhuaigh ar Áth Cliath anuraidh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar fhoireann Mick Bohan sa tsraith agus tá sé léirithe acu i mbliana go bhfuil siad ag feabhsú i gcónaí. Is iad Corcaigh agus Áth Cliath boic mhóra na peile faoi láthair ach dá n-éireodh le Gaillimh mná Chorcaí a bhualadh i gcluiche ceannais na sraithe, ábhar mór spreagtha a bheadh ann dóibh.

Drochnós ag Cúige Mumhan i gcluichí leathcheannais

Díomá ar imreoirí Chúige Mumhan. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Briseadh croí a bhí i ndán arís do lucht rugbaí na Mumhan an deireadh seachtaine seo agus cluiche leathcheannais eile i gCorn na gCuradh caillte acu. D’fhág bua Saracens gur seacht gcluiche leathcheannais as a chéile atá caillte ag Cúige Mumhan i gCorn na gCuradh, nó i gCorn Heineken, mar a thugtaí air.

Bhí mí-ádh ar na Muimhnigh agus gan teacht acu ar Joey Carbery ná ar Keith Earls, an bheirt imreoirí is fearr acu chun deiseanna scórála a chruthú ach ba í fírinne an scéil go raibh Saracens róláidir dóibh, díreach mar a bhí sa bhabhta leathcheannais dhá bhliain ó shin.

B’iomaí cosúlacht idir an dá chluiche sin a chaill siad in aghaidh Saracens agus cuid de na cluichí móra eile atá caillte ag na Muimhnigh le blianta beag anuas.

Sna cúig chluiche leathcheannais a chaill Cúige Mumhan ó 2013, ghéill siad an chéad úd agus bhí siad chun deiridh ag leath ama.

Déantar an-cheiliúradh ar chroí agus spiorad Chúige Mumhan ach cén mhaith sin má chuirtear drochthús leis na cluichí i gcoinne na bhfoirne is láidre. Go dtí go mbrisfear an drochnós sin, beidh sé deacair ar Chúige Mumhan aon dul chun cinn a dhéanamh sa chomórtas is ansa leo.

Fág freagra ar 'Coimhlint mhór Ghaeltachta romhainn ó dheas, dul chun cinn na Gaillimhe agus drochnós na Mumhan'