Coimhlint bhréige atá ar siúl ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus ní baol don seanreacht

Ábhar feirge seachas ábhar gáire den chuid is mó í an phleidhcíocht atá ar siúl faoi láthair ag Fine Gael agus Fianna Fáil

Coimhlint bhréige atá ar siúl ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus ní baol don seanreacht

An Taoiseach Leo Varadkar agus Mícheál Martin. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá an pholaitíocht tábhachtach, mar bíonn tionchar as cuimse ar ár saol ag na cinntí a thógann an Rialtas agus an uile dhuine a thoghtar chun na Dála – cinntí faoi chúrsaí sláinte, oideachais, tithíochta, infheistíochta, infreastruchtúir, oideachais is eile.

Mar sin ábhar feirge seachas ábhar gáire don chuid is mó í an phleidhcíocht atá ar siúl faoi láthair ag Fine Gael agus Fianna Fáil agus iad ag cur i gcéill nach i gcomhar le chéile atá siad.

Bréagchath atá ann mar tá a fhios ag an saol go seachnóidh Mícheál Martin olltoghchán chomh fada agus is féidir leis. Cén fáth nach seachnódh i bhfianaise na bpobalbhreitheanna, agus mura dtagann athrú míorúilteach ar leibhéal na tacaíochta ag a pháirtí beidh Fine Gael chun tosaigh ar Fhianna Fáil arís agus beidh rogha ag Martin nach dteastaíonn uaidh –comhrialtas le Fine Gael nó le Sinn Féin.

Tá baol ann freisin do Leo Varadkar. Dá mbeadh na huimhreacha ann a cheadódh d’Fhianna Fáil agus Sinn Féin rialtas a bhunú gheobhadh Fianna Fáil réidh le Martin ar an toirt dá mba ghá sin don mhargadh. Is cá bhfágfadh sin Leo Varadkar?

Is cosúil go bhfuil an Taoiseach faoi bhrú ó na tíogair óga, Simon Harris is Eoghan Murphy, a gcuireann sé as dóibh go bhfeicfí ag damhsa de réir phort Fhianna Fáil iad.  D’oirfeadh sé d’Fhine Gael mar sin go mbeadh  seasmhacht ag an rialtas go dtí 2020, mar a mhol Varadkar ina litir chuig Fianna Fáil.

Ach teastaíonn ó Fhianna Fáil a chur ina luí ar an bpobal gurb iad féin an freasúra agus ní leathchuid den Rialtas. Ba mhaith leo go gceapfaí go mbíonn siad i gcoimhlint leis an Rialtas agus nach féidir leis an rialtas dá bharr sin brath ar a gcuid tacaíochta gan dul i mbun dian-idirbheartaíochta leo ar dtús.  Sin é an chuma ar mhaith leo a bheith ar an scéal ach ní hamhlaidh atá.

Ag an am céanna, sa saol mar atá, tá na fadhbanna móra thuasluaite fós gan réiteach chomh maith le fadhbanna amhail margaí nua trádála a aimsiú,  ceist athaontaithe na tíre, athbheochan na Gaeilge, gan trácht ar an mBreatimeacht agus a thionchar sin ar an ngeilleagar.

Ach is fearr le polaiteoirí an dá mhórpháirtí cluichí a imirt agus caitheamh leis na cúrsaí seo amhail is gur ar stáitse amharclainne atá siad, mar a d’áitigh mo chara, Máirín Ní Ghadhra le déanaí ar Tuairisc.ie.

Tá baint mhór ag na meáin leis an scéal seo freisin.  Féach an cineál ceisteanna a chuir iriseoirí ar Shinn Féin maidir lena rún mímhuiníne san aire tithíochta. Nach cleas a bhí ann, a dúirt siad, toisc go bhfuil Fianna Fáil ag diúltú tacú leis!

Tá ag teip ar pholasaí tithíochta an rialtais, mar atá léirithe ag na figiúirí arís is arís eile, ach ní dhéanann Fianna Fáil ach a thabhairt le tuiscint go mbíonn siad ag caint go borb leis an rialtas faoi seo go príobháideach.  San idirlinn, leanfar le polasaithe na teipe.

Tá rud mór amháin atá contráilte leis an bpolaitíocht in Éirinn faoi láthair.  Tá chuile dhuine ag caoineadh faoi chúrsaí tithíochta, mar shampla, agus iad cráite faoina bhfuil ar siúl nó faoin easpa gnímh.  Ach fós is iad na seanpháirtithe leis na seanpholasaithe a fhaigheann tacaíocht fhormhór na ndaoine céanna sna pobalbhreitheanna.

Níl meas ag an bpobal ar pholaiteoirí, agus damnaítear iad go minic mar gheall ar mhí-éifeacht nó fiú caimiléireacht, ach fós is iad na seanpháirtithe is mó a fhaigheann tacaíocht.

Is cosúil go dtaitníonn sé linn a bheith ag casaoid faoi chúrsaí ach nach bhfuil iontaoibh againn astu siúd a gheallann dúinn go ndéanfaidh siad athrú.

Gan dabht is é an Breatimeacht agus na roghanna atá le déanamh faoi – roghanna ar ndóigh nach bpléitear beag nó mór sna meáin mhóra – an scéal is mó atá romhainn.

Cén saghas éisteachta a thabharfar mar shampla don pháirtí nua atá á bhunú le cás an Éirimeachta a chur chun cinn? Tá daoine fiúntacha ag tacú leis an iarracht seo amhail iar-ambasadóir na hÉireann go Ceanada, Ray Bassett, agus an t-ollamh le heacnamaíocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Ray Kinsella.

Cé go bhfuil tacaíocht leithéid na beirte sin ag an iarracht tá an baol ann cheana féin i go bhfuil fórsaí ar an eite dheis ó thaobh cúrsaí reiligiúin ag iarraidh leas a bhaint as an scéal. Orthu sin atá á lua leis an iarracht tá Hermann Kelly agus Paul Manning, beirt a ghlac páirt sna feachtais in aghaidh an phósta chomhghnéis agus in aghaidh an ghinmhillte.

Tá móramh mór ann ar aon chuma in aghaidh scaradh leis an Aontas Eorpach faoi láthair, ach dá mbeadh Breatimeacht crua ann agus dá bhfeicfí an dochar a dhéanfadh sé do chúrsaí trádála le Sasana, agus tionscal na mairteola go háirithe, thabharfaí cluas ansin dóibh siúd a mholann athrú ar ár gcaidreamh leis an AE.

Is ar éigean ámh a bheadh  eagraíocht de chuid na heite deise in ann dul i bhfeidhm ar an bpobal maidir le ceist an Aontais Eorpaigh.

In ainneoin na gcluichí polaitíochta go léir atá ar siúl faoi láthair, ní baol don chóras mar atá.

Fág freagra ar 'Coimhlint bhréige atá ar siúl ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus ní baol don seanreacht'

  • Seán Mac Gearailt

    Troid na mbó maol atá ar siul gan amhras. ach ní athródh páirtí nua an scéal, beag ná mór.