‘Coilíneachas glas’ –  Sámaigh óga agus lucht aeráide ag léirsiú i gcoinne muilte gaoithe

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tá dhá bhliain ann ó rialaigh Cúirt Uachtarach na hIorua go sáraíonn páirc ollmhór ghaoithe i lár na tíre cearta daonna phobal bundúchasach na Sámach, ach níl aon réiteach ar an gceist go fóill

‘Coilíneachas glas’ –  Sámaigh óga agus lucht aeráide ag léirsiú i gcoinne muilte gaoithe

Cén fáth ar ghlac Greta Thunberg páirt in agóid i gcoinne muilte gaoithe?

An gníomhaí aeráide is iomráití ar domhan ag léirsiú i gcoinne ceann de na bealaí atá againn chun fuinneamh in-athnuaite a chur ar fáil?

Bheadh mearbhall ar an Saoithín Aeráide freisin mura mbíodh súil á coinneáil aige le tamall de bhlianta anuas ar scéal Fosen, ceantar tuaithe i lár na hIorua, mar a bhfuil ceann de na páirceanna muilte gaoithe ar talamh is mó ar domhan á tógáil.

Tá cuid mhór de pháirc Fosen tógtha cheana féin. 278 muileann gaoithe atá beartaithe san iomlán agus nuair a bheidh an pháirc réidh cuirfidh sí 1 GW ar fáil, an méid céanna le stáisiún cumhachta núicléach beag.

Ach cothrom is dhá bhliain ó shin rialaigh Cúirt Uachtarach na hIorua go sáraíonn an pháirc cearta daonna na Sámach, pobal bundúchasach atá i mbun aoireachta réinfhianna i gceantar Fosen (agus go deimhin sa leath thuaidh de Chríoch Lochlann ar fad) le cuimhne na ndaoine. Cuireann na muilte gaoithe sceon sna réinfhianna.

Chinn an Chúirt Uachtarach gur chóir éirí as an tógáil agus go deimhin gur chóir na muilte atá tógtha cheana féin a bhaint anuas. Ach cé go bhfuil dhá bhliain caite ón rialú sin, níl sé curtha i bhfeidhm fós ag rialtas na hIorua. Tá an rialtas i sáinn: tá 1.1 billiún euro luaite leis an bpáirc ghaoithe agus chaillfeadh cáiníocóirí na tíre agus infheisteoirí eile an t-airgead sin dá gcuirfí deireadh leis an togra.

Idir an dá linn, níl pobal na Sámach ag fanacht ina dtost faoin scéal. An tseachtain seo caite, den dara huair i mbliana, thug na céadta Sámach óg as an Iorua, as an tSualainn agus as an bhFionlainn aghaidh ar Osló chun an fhearg atá orthu faoi neamhaird rialtas na hIorua ar chinneadh na Cúirte Uachtaraí a léiriú. Sheas agóideoirí de chuid na heagraíochta timpeallachta ón Iorua Natur og Ungdom (‘Dúlra agus Óige’) leo.

Bhlocáil an dá dhream sráideanna, foirgneamh an chomhlachta fuinnimh stáit Statkraft, agus bhuail seisear toscairí óga Sámacha le rí na hIorua, Harald V, agus d’iarr air teacht i gcabhair orthu. Ach oiread leis na ríochtaí eile san Eoraip níl cead ag rí na hIorua a ladar a chur isteach i gcúrsaí an rialtais, ach bhí siombalachas mór ag baint leis an gcruinniú a bhí ag na Sámaigh óga leis.

‘Ní dúinn féin amháin atá muid anseo,’ a dúirt duine dá n-urlabhraithe, an popamhránaí Ella Marie Hætta Isaksen, le craoltóir náisiúnta na hIorua, NRK, maidir leis na hagóidí, a mhair ar feadh an chuid is mó de sheachtain. ‘Baineann an cás seo leis an muinín ar féidir linn, [le pobal na hIorua] ar fad, a bheith againn as an gcóras dlí.’

Níl Osló chomh fada sin ó Stócólm, mar a bhfuil cónaí ar Greta Thunberg, agus den dara huair i mbliana thug an gníomhaí aeráide iomráiteach ón tSualainn aghaidh ar phríomhchathair na hIorua chun tacaíocht a thabhairt do phobal na Sámach. Arís eile, bhí sí i measc na n-agóidithe ar iompair na póilíní ar shiúl iad.

Tá tábhacht nach beag le tacaíocht Thunberg do chás na Sámach toisc go léiríonn sé nach bhfuil na Sámaigh (agus pobail bhundúchasacha eile mar iad ar fud na cruinne) i gcoinne na n-iarrachtaí atá ar bun an domhan a shábháil ó ollchliseadh aeráide – ach go bhfuil a leithéid ann agus an bealach mícheart chun tabhairt faoi.

‘Coilíneachas glas’ a thugann na Sámaigh, ar imir na tíortha Lochlannacha cos ar bolg orthu ar feadh na gcéadta bliain, ar na hiarrachtaí creach a dhéanamh ar a bhfuil fágtha dá gcuid tailte aoireachta réinfhianna chun géarchéim na haeráide a réiteach. Ní hí páirc ghaoithe Fosen an t-aon sampla amháin den mheon sin: scéal mór eile is ea an mhianadóireacht i dtuaisceart na Sualainne, mar ar aimsíodh an fosú mianraí tearcithreach is mó san Eoraip i dtús na bliana seo. Úsáidtear na mianraí sin (litiam ina measc) do chadhnraí gluaisteán leictreach agus araile.

Idir an dá linn, dhá bhliain i ndiaidh rialú Chúirt Uachtarach na hIorua, tá cás na muilte gaoithe i gceantar Fosen fós gan réiteach.

Fág freagra ar '‘Coilíneachas glas’ –  Sámaigh óga agus lucht aeráide ag léirsiú i gcoinne muilte gaoithe'