COGADH NA SAOIRSE: ‘On behalf of the people who tried to kill your father in 1921, I welcome you to Ireland’

Tá díospóireacht ghéar ar bun i gcónaí faoin méid a tharla i Sulchóid Bheag an lá cinniúnach úd céad bliain ó shin inniu

COGADH NA SAOIRSE: ‘On behalf of the people who tried to kill your father in 1921, I welcome you to Ireland’

Ar dhuine acu siúd a bhí ag an gcomóradh ar an luíochán i Sulchóid Bheag bhí Máirtín Mac Cormaic. Tháinig a dheirfiúr agus buíon eile dá ghaolta as Meiriceá i gcomhair na hócáide.

Bhí cúis mhaith acu le bheith ann: go raibh a n-athair Pádraig ar dhuine den bhuíon d’Óglaigh na hÉireann a rinne an luíochán.

Gaeilgeoir maith é Máirtín Mac Cormaic. Bhí a athair amhlaidh de réir gach tuairisce. Mhúineadh sé Gaeilge. Chaith sé seal ina thimire ag Conradh na Gaeilge, cé nach raibh ansin ach leithscéal le hobair na nÓglach a chur chun cinn.

An comóradh ar an luíochán, a dúirt mé. Cuimhneachán ab fhearr le daoine eile a thabhairt air.

Tá díospóireacht ghéar ar bun i gcónaí faoin méid a tharla i Sulchóid Bheag an lá cinniúnach úd.

Tabhair faoi deara nach raibh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, sásta, freastal ar chomóradh ná ar chuimhneachán.

Ba é Séamus Robinson a bhí i gceannas ar na hÓglaigh nuair a rinneadh an luíochán. Dúirt a iníon gur de thimpiste a maraíodh an dá phóilín.

Tá dhá inseacht ar an scéal sin: gur dhírigh na póilíní a gcuid raidhfilí nuair a fógraíodh orthu géilleadh agus nach mar sin a tharla ar chor ar bith ach go raibh sé i gceist ón tús iad a mharú.

Níor chuir Dan Breen fiacail ann: dúirt seisean gur thrua nach seisear póilíní a tháinig an bealach. Dá marófaí seisear acu bheadh éifeacht i bhfad níba mhó aige, a dúirt sé.

Is cuimhin liom go ndearna Nollaig Ó Gadhra agallamh le Dan Breen uair amháin. Dúirt Breen ina chuid cainte go raibh tábhacht le hathbheochan na Gaeilge.

Nuair a craoladh an t-agallamh scríobh bean isteach chuig RTÉ ag casaoid. Nach beag an náire a bhí ar Dan Breen a bheith ag caint ar athbheochan na Gaeilge, a dúirt sí. Fear é nach ndearna aon iarracht riamh an Ghaeilge a fhoghlaim.

Is beag cuimhne a bhí aige ar an nGaeilge, a dúirt sí, an lá ar mharaigh sé féin agus a chairde a hathair i Sulchóid Bheag— Gaeilgeoir ó dhúchas as Gaeltacht Iorrais.

B’in é James McDonnell. Baintreach a bhí ann a raibh cúram cúigear clainne air.

Maidir leis an dearcadh atá ag Máirtín Mac Cormaic ar an scéal tá sé tuisceanach go maith faoi. Tá sé bródúil as an troid a rinne a athair i gCogadh na Saoirse ach níor mhaith leis beag is fiú ar fad a dhéanamh de na póilíní.

Iriseoir é Máirtín. Chaith sé blianta ag obair don Irish Independent agus scríobhadh sé do na hirisí Gaeilge freisin. Bhíodh sé le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ó am go ham.

In alt a scríobh sé cúpla bliain ó shin thrácht sé ar na póilíní a maraíodh i Sulchóid Bheag. Dúirt sé an méid seo: “The memorial at Soloheadbeg bears only the names of the men who carried out the ambush, including that of my father, Paddy McCormack. I believe it is now time to add the names of James McDonnell and Patrick O’Connell.”

Dearmad a bheadh ann a cheapadh go raibh Máirtín Mac Cormaic in aghaidh an fhoréigin ar feadh a shaoil ar fad. Bhí sé páirteach i bhfeachtas an IRA sna Sé Chontae sna caogaidí. Gabhadh é agus chuir sé téarma príosúin isteach ar Churrach Chill Dara.

Déanfar neart cainte faoi eachtraí a tharla le linn luíocháin eile ar fud na tíre sula mbeidh séasúr seo an chomórtha atá tosaithe anois thart.

Roinnt blianta ó shin ghlaoigh Garda Ros Muc orm féin. “An bhféadfá a theacht aniar chugainn,” ar seisean.

“Céard atá déanta anois agam?” arsa mise.

“Níl tada chomh fada agus is eol dom,” ar seisean, “ach tá fear darbh ainm Feeley tagtha as an Nua-Shéalainn anseo agus deir sé go raibh a athair ar dhuine de na póilíní a ndearnadh luíochán orthu i Scríb anseo i gConamara i 1921. Tá a fhios agam go bhfuil eolas maith agatsa ar stair an luíocháin sin.”

“Maith go leor,” arsa mise, “ach ba é deartháir mo sheanathar, Colm Ó Gaora, a cheadaigh an luíochán sin.”

“Ná cuireadh sé sin imní ar bith ort,” ar seisean. “Fear tuisceanach é seo.”

Chuaigh mé chomh fada leis.

“On behalf of the people who tried to kill your father in 1922, I welcome you to Ireland,” arsa mise leis. “Thank you very much,” ar seisean agus chuaigh an comhrá ar aghaidh go breá cairdiúil as sin.

Choinníodh a athair dialann bheag, a dúirt sé. Scríofa inti bhí an méid seo aige “ambushed at Screebe today.. slightly wounded… Pearson badly wounded.”

Dúchrónach ba ea Pearson. Cailleadh eisean go luath ina dhiaidh sin de bharr a chuid créachtaí.

Nuair a d’fhág na Sasanaigh na Sé Chontae Fichead chuaigh Feeley ar imirce go dtí an Nua-Shéalainn. Chuaigh sé sna póilíní sa Nua-Shéalainn ina dhiaidh sin.

Ar cheart lucht an RIC a mharú? Ar éigean a bhí aon dul as má bhí dúshlán Impireacht na Breataine le tabhairt. Mar a déarfadh Mícheál Ó Coileáin b’iadsan “the eyes and the ears of the British Government in Ireland”.

Tá leithéidí iarcheannaire Fhine Gael, John Bruton, ag rá i gcónaí go bhféadfadh dul chun cinn a bheith déanta go síochánta ag an am, go mbainfí Rialtas Dúchais amach ar an mbealach sin.

B’fhéidir é ach ní minic le Bruton a mhíniú gur Rialtas Dúchais a bheadh ina chuid d’Impireacht na Breataine a bheadh ann.

Shásódh sé sin John Bruton agus daoine eile a bhfuil an port céanna acu. Ní shásódh sé an bhuíon Óglach a rinne an luíochán i Sulchóid Bheag céad bliain ó shin.

Fág freagra ar 'COGADH NA SAOIRSE: ‘On behalf of the people who tried to kill your father in 1921, I welcome you to Ireland’'

  • Larry Phelan

    An-alt a Josie, maith thú. An bhfuil cuntas agat in aon áit ar an luíochán úd i Scríb? Is dócha go bhfuil sé in Mise ach é a léamh arís.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tá sé in “Mise” Féach freisin ar an idirlíon Home/The bureau of Military History 1913-1921. Cuir isteach an focal “Screebe”.