Codladh an traonaigh á mholadh dúinn anois ag na saineolaithe sláinte

‘If you snooze you lose' a deirtear i mBéarla ach a mhalairt de phort atá ag saineolaithe an lae inniu maidir leis an gcodladh

Codladh an traonaigh á mholadh dúinn anois ag na saineolaithe sláinte

‘Codladh an traonaigh chugat’ an masla a caití tráth le duine ar a raibh an teist a bheith ina chodlatánach leisciúil.

‘Deartháir don mbás an codladh’ a deir seanrá míthrócaireach eile.

Samhlaítear le seandaoine é, mar a thugann an t-amhrán cáiliúil chun cuimhne:

‘Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine

Cuir a chodladh, nigh a chosa is bog deoch don seanduine.’

Ag éisteacht le hagallamh leis an amhránaí iontach, agus an réalt dhomhanda Adele ag cur síos ar na hamhráin bhreátha atá scríte agus canta aici agus an leanbhín óg atá á thógaint aici, ní mhairfeadh sí in ao’chor a dhearbhaigh sí, mura mbeadh dhá uair an chloig déag codlata aici gach aon oíche dá saol.

Ná fanfaimis go léir caite sa chnaiste chomh fada san, dá mbeadh a tallann againn.

Agus an méid sin ráite nach mó ‘teachtaireacht’ dearfach is diúltach a fhaighimid maidir leis an suan céanna.

‘If you snooze you lose’ a deirtear i mBéarla

A mhalairt de phort áfach atá ag saineolaithe sláinte an lae inniu maidir leis an gcodladh.

Molann siad go hard an néal a dhéanamh isteach sa lá.

Nach bhfuil an Spáinnéarach á dhéanamh le cuimhne na ndaoine…an siesta cáiliuil a bhíonn acu gach lá, samhradh is geimhreadh. An power nap a bhaisteann lucht an Bhéarla air.

Tá a íogaireacht fhéin a’ baint le cúram seo an néil, áfach.

Ní mór duit bheith ábalta do mheabhair is do mheanma a chiúnú is a smachtú ar an dtoirt. Ní gá go dtitfeadh tromshuan ort.

Tríocha neomat ar a mhéid a mholtar. Má théann tú thairis an leathuair ní chun do mhaitheasa é. Ceapfaidh an corp gurb í an oíche atá titithe.

Sé cás an bhioráin suain ansan agat é…

Fág freagra ar 'Codladh an traonaigh á mholadh dúinn anois ag na saineolaithe sláinte'

  • jpmorley0@gmail.com

    …go mbí néalta áthais trí do néalta suain agat!
    Dála an scéil tá caibidil iomlán ar shranntarnach in Iomramh Bhréanainn ag D Mac a’tSíthigh, trócaire ar a anam, a bhuafadh glan ar aon rud a scrígh Rabelais nó éinne eile, dar liom. Bhíos sna trithí laga ag gáirí agus mé ag gabháil tríd. An criú caite anuas ar a chéile i dtóin an bháid, gach duine acu i ndeireadh na feide ach fós féin teipeann ar an údar aon néal a fháil. An droch-mhianach agus an cancar nimhiúil ag borradh is ag at istigh ina chroí feadh an ama. Ní fhéadfaí cur síos mar é a scríobh in aon teanga eile, deinim amach. Saibhreas & comhfhuaim na teanga féin ‘sea cuid den iontas a bhaineann léi mar chaibidil. Ba cheart í fhoillsiú mar leabhrán ar leithligh.