Cluichí crua roimh an nGaeltacht agus an Rinn sna babhtaí ceathrú ceannais

Tabharfaidh Cumann Caide na Gaeltachta aghaidh ar Na Gaeil i gCraobh Idirmheánach Peile Chiarraí tráthnóna agus is in aghaidh Bhaile na Cúirte a bheidh An Rinn i gCraobh Shinsir Peile Phort Láirge amárach

Cluichí crua roimh an nGaeltacht agus an Rinn sna babhtaí ceathrú ceannais

Colm Ó Muircheartaigh (An Ghaeltacht) agus Donie Breathnach (An Rinn). Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dé Sathairn, an 19 Meán Fómhair
An Ghaeltacht v Na Gaeil – Páirc Aibhistín de Staic, 7.00i.n.

Tar éis dóibh briseadh a thógail chun páirt a ghlacadh i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí, beidh imreoirí na Gaeltachta agus Na nGael ag dul chun páirce sa Chraobh Idirmheánach tráthnóna i gcluiche ceathrú ceannais.

Bhí cuid mhaith d’imreoirí na nGael mar chuid d’fhoireann Bhord Naomh Bréanainn a chaill i gcluiche leathcheannais an chontae an deireadh seachtaine seo caite, fir Chiarraí Jack Barry and Diarmuid O’Connor ina measc.

Níl sé rófhada ó d’imir cuid de na himreoirí a bheidh ag imirt anocht in aghaidh a chéile agus fir na Gaeltachta mar chuid d’fhoireann Chiarraí Thiar a chaill in aghaidh Bhord Naomh Bréanainn sa Chraobh Shinsir an mhí seo caite

Bhí foireann na Gaeltachta ag dul go maith roimhe seo agus na trí chluiche a bhí acu i nGrúpa 1 na craoibhe buaite acu ach feicfimid linn ar chuir an briseadh sé seachtaine isteach orthu.

Meastar go bhfuil gortuithe ag cur as do roinnt d’imreoirí na Gaeltachta ach beidh taispeántas maith ag teastáil más leo na Gaeil a shárú inniu.

Níl an cumann ó Thrá Lí ach tar éis áit a bhaint amach sa ghrád Idirmheánach ach bhuaigh siad Craobh Shóisir na hÉireann ag tús na bliana. Meastar iad i measc na bhfoirne is fearr ag an leibhéal seo cheana féin.

Beidh beoshruthú ar an gcluiche idir an Ghaeltacht agus na Gaeil ar fáil anseo ar €5.

Dé Domhnaigh, an 20 Meán Fómhair
An Rinn v Baile na Cúirte – Páirc Uí Fhearchair, 3.00i.n.

Tá cluiche ceathrú ceannais á imirt chomh maith ag foireann na Rinne amárach agus iad ag imirt i gCraobh Shinsir Peile Phort Láirge. Is in aghaidh Bhaile na Cúirte a bheidh fir na Gaeltachta i bPáirc Uí Fhearchair.

Cluiche crua a bheidh ann don Rinn agus scrios déanta ag gortuithe ar an bhfoireann. Ní bheidh teacht acu ar thriúr imreoirí idirchontae, Ray Ó Ceallaigh, Tadhg Ó hUallacháin agus Lorcán Ó Cuirrín, agus ní fheicfear ag imirt Christy Breathnach ná Corey de Róiste ach an oiread.

Cé gur chaill an Rinn in aghaidh an tSráidbhaile an deireadh seachtaine seo caite, bhain siad áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh Raonaithe na Broice a shárú sa chéad chluiche a bhí acu sa chraobh.

Chuaigh Baile na Cúirte chomh fada le cluiche ceannais an chontae anuraidh. Chaill siad an cluiche sin in aghaidh Ráth Ó gCormaic ach tá foireann óg acu agus taispeántais mhaithe tugtha acu in aghaidh Aird Mhór agus Clais Mhór sa chraobh go dtí seo.

Fág freagra ar 'Cluichí crua roimh an nGaeltacht agus an Rinn sna babhtaí ceathrú ceannais'