CLUASTUISCINT: Pacáiste seolta ag COGG a léiríonn na ‘deiseanna’ agus ‘bearnaí’ sa soláthar Gaeilge ag an tríú leibhéal

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Cad atá sa phacáiste eolais seo?
  2. Cén post atá ag Tomás Ó Síocháin?
  3. Cé air atá an pacáiste dírithe?
  4. Cén bhaint atá ag Aoife Ní Shéaghdha leis an scéal?
  5. Cad é an buntáiste bhaineann leis an bpacáiste dar le hAoife?
  6. Cad deir sí a chaithfidh daoine le Gaeilge líofa a dhéanamh?
  7. Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

Ní gá go bhfuil tá réimse bhuntáiste dóibh suim agat anois agus tá go léir. leathan gairmeacha ann an Ghaeilge mar sa mhúinteoireacht, cé go bhfuil sé go hiontach má tá, ach

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra agus den tuiseal ginideach iolra.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. go mbeifear in ann sprioc an Stáit cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach.
    2. Tá ráite ag Teachtaí Dála áirithe gur gá cúrsaí nua tríú leibhéal a bhunú láithreach bonn chun
    3. nó cuid de chúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge agus táthar ag iarraidh go n-ardófaí sin go 5%.
    4. Tá éileamh déanta ag Conradh na Gaeilge go dtiocfadh a chúig oiread de mhéadú
    5. ar líon na mac léinn atá ag staidéar trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal.
    6. De réir taighde a rinne an Conradh, thart ar 1% de mhic léinn a dhéanann cúrsa tríú leibhéal
    7. Tá súil ag COGG go dtarraingeoidh an pacáiste nua eolais tuilleadh airde ar na cúrsaí atá ar fáil i
    8. nGaeilge agus iad den tuairim go bhfuil “gá” le breis fógraíochta i leith na gcúrsaí Gaeilge atá ann.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Pacáiste seolta ag COGG a léiríonn na ‘deiseanna’ agus ‘bearnaí’ sa soláthar Gaeilge ag an tríú leibhéal'

  • Seanán Ó Coistín

    AR AN tríú leibhéil. Is é ar an réamhfhocal ceart nuair atá leibhéal faoi thrácht.