CLUASTUISCINT: Cuimhní ar 9/11

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Cuimhní ar 9/11

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

1) “D’éalaigh an mhaidin orm,” a deir an t-údar ag tús an ailt. Cad is brí leis an líne sin meas tú?

2) Cén fáth a luaitear Woodside?

3) Bhí an t-údar ag dul go New Jersey, cén fáth mar sin a luaitear na háiteanna eile?

4) Cén bhaint atá ag Baile Dháith agus Ard na Caithne leis an scéal?

5) Cén fáth ar baineadh preab as an údar?

6) Meas tú cén fáth ar mhothaigh an t-údar leochaileach?

7) Cén fáth a raibh deireadh le hobair?

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis na seacht n-abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíosa píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin agaibh.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. dheataigh a bhí ag séideadh suas tríd an gcathair. Bhí boladh gránna á iompar sa cheo duairc úd, agus níorbh é boladh an aitinn é. Tráthnóna ina dhiaidh san chuas
  2. Scaoileadh abhaile sinn i lár an lae. Fuaireas síob ó bhean a bhí ag maireachtaint in Astoria. Bhaineas an tigh amach agus thugas an chuid eile den dtráthnona ag féachaint ar an dteilifís.
  3. Ní raibh sé ach tosnaithe leis an tseirbhís. Bhuaileas lena mháthair Helen agus a athair Seán, cainteoir líofa Gaoluinne ó Mhaigh Eo, ina dhiaidh san. Ní raibh de shólás acu ach go bhfuarthas corp John sa smionagar.
  4. isteach chomh fada leis an Armory ar Ave Lexington mar a raibh an Gobharnóir George Pataki ag bualadh leis na daoine. Bhí na fallaí daite le nótaí ó dhaoine a bhí ag lorg a ndaoine muinteartha.
  5. Ní mar sin do scata eile acu. Lean na sochraidí, lean an cuardach. Chífeá leoraithe móra agus tarpól ar a mbarr, iad ag gabháil aníos ó láthair an áir
  6. Maraíodh 2,606 a bhí ar an láthair an mhaidin úd, gan trácht orthu siúd a bhí sna heitleáin. Bhí 343 ball de sheirbhís dóiteáin Nua-Eabhrac i measc na marbh. Bhí John Tierney, Engine 33, Ladder 9, ar dhuine acu siúd.
  7. agus iad á dtarrac amach go Staten Island féachaint an bhfaighidís aon rian d’aon duine iontu. Sinne a mhair agus a d’oibrigh ansan lean tréimhse sceimhle agus smachta ó Rialtas na Stát Aontaithe.
  8. Thugas fén obair arís an mhaidean dár gcionn. Taibhsíodh dom go raibh dualgas orm san a dhéanamh. Thána trasna abhainn an Hudson an tráthnóna san ar bhád farantóireachta. Bhí cathair Manhattan fé phúir

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh. 
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Cuimhní ar 9/11'