CLUASTUISCINT: Comharthaíocht Sráide

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Déan achoimre 7 n-abairt ar an alt seo.
  • Déan ceannteideal nua a chumadh don alt seo.
  • Cén uair a reáchtáladh an cruinniú seo?
  • Cén bhaint atá ag 15% leis an scéal?
  • Cén ról atá ag an gCoiste Polasaithe?
  • Céard a bhí le rá ag an DUP?
  • Déan iarracht an abairt seo ón téacs a chur san ord ceart:

áireamh Sin, tá dlíthiúil ar an aon atá bunaithe ar an gcomhairle seicteachas a chur as dualgas an. Fhreasúrthacht ráite

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.

Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.

Éist leis na habairtí arís más gá.

Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

Éist leis an gcéad chúpla abairt arís agus aimsigh ainmfhocal baininscneach agus aidiacht bhriathartha.

Déan iarracht teacht ar thrí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú.

Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Éist le níos mó ná an chéad chúpla abairt más gá.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

Seo thíos an chéad chuid eile den alt. Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.

Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin. Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.

  1. faoi chomharthaíocht dhátheangach ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste feiceálacht na Gaeilge sa chathair
  2. “Cinnteoidh an polasaí nua forásach seo go leanfar leis an dul chun cinn sin agus go léireofar seo
  3. sa chomharthaíocht sráide s’againne.” Thacaigh comhairleoirí de chuid Shinn Féin, Comhaontas Glas, an SDLP
  4. Samhna nuair a chuir an DUP in iúl go raibh sé i gceist ag an bpáirtí bac a chur ar an bpolasaí agus comhairle dlí bhreise a lorg dá nglacfaí leis an rún.
  5. agus Páirtí na Comhghuaillíochta leis an dréachtphlean ag céim an choiste ach cuireadh moill ar an bplé faoin rún mí na
  6. agus cuirfear Béal Feirste roinnte agus forásach chun cinn,” a dúirt sé.
  7. “Tá áit lárnach ag Béal Feirste san athbheochan agus tá an teanga ina cuid de chroílár na cathrach leis
  8. an Cheathrún Ghaeltachta agus tá líon na n-aontachtaithe atá ag foghlaim na teanga ag méadú i rith an ama.
  9. Chuir Séanna Breathnach, comhairleoir de chuid Shinn Féin i mBéal Feirste, fáilte roimh an bpolasaí nua. “Cinnteoidh an polasaí nua

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.

Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Comharthaíocht Sráide'