Cloisfear Gaeilge ar an ardán má bhíonn rith an ráis le ‘An Cailín Ciúin’ ag na gradaim Oscar

Deir stiúrthóir agus scríbhneoir An Cailín Ciúin gur léirigh an scannán gur ‘raiméis’ a bhí sa chaint nach raibh lucht féachana ann do scéal i nGaeilge

Cloisfear Gaeilge ar an ardán má bhíonn rith an ráis le ‘An Cailín Ciúin’ ag na gradaim Oscar

Colm Bairéad, Catherine Clinch agus Cleona Ni Chrualaoi. Pictiúr :Naoise Culhane

Beidh an Ghaeilge sa treis in óráid Oscar den chéad uair má bhíonn an lá leis An Cailín Ciúin ag an searmanas mór in Hollywood Los Angeles Dé Domhnaigh.

Dheimhnigh Colm Bairéad, stiúrthóir agus scríbhneoir an chéad scannáin Ghaeilge a bhain áit amach ag na Oscars, do Tuairisc go mbeidh an teanga á labhairt ar an phóidiam sa Dolby Theatre má bhíonn rith an ráis leis An Cailín Ciúin.

“Má bhíonn an t-ádh orainn, má éiríonn linn an Oscar a bhuachan, is cinnte go mbeidh Gaeilge á labhairt ar an ardán. Is ócáid stairiúil í go bhfuil scannán Gaeilge ag na Oscars, an chéad fhadscannán riamh le hainmniúchán a fháil.”

Dúirt Colm Bairéad gur éirigh leis An Cailín Ciúin, a bhfuil breis agus €1.7 milliún saothraithe aige ag Oifig na dTicéad, spior spear a dhéanamh den argóint nach fiú scannáin a dhéanamh i nGaeilge mar nach mbíonn lucht féachana ann dá leithéid.

“Bhí an meon seo ann roimh An Cailín Ciúin gur drochsmaoineamh a bheadh ann scannán Gaeilge a dhéanamh ó thaobh cúrsaí tráchtála, ó thaobh ‘an box office’ agus mar sin de.

“Bhí an meon sin ann nach bhféadfadh rath a bheith ar scannán Gaeilge. Ach tá cruthaithe againn anois gur raiméis atá sa chaint sin agus go bhfuil lucht féachana ann, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na cruinne do scéal atá inste sa teanga seo againne.”

Carrie Crowley Pictiúr:Naoise Culhane

Dúirt Carrie Crowley, duine de phríomhaisteoirí an scannáin, le Tuairisc nach raibh aon bhaint aici le haon saothar eile a raibh oiread mealltachta ag baint leis.

“Sílim go bhfuil ceacht le foghlaim ón scannán. Daoine a shíl nach raibh Gaeilge acu, tá siad ag breathnú ar an scannán agus tuigeann siad é. Níl mórán comhrá sa scannán ach bíonn daoine ag déanamh iontais gur thuig siad é.

“Rud atá tarlaithe domsa, in ionad daoine a chasann orm ar an tsráid ag rá ‘How’s it going’, tá daoine ag rá rudaí beaga i nGaeilge liom. Aithníonn siad go bhfuil baint againn leis an nGaeilge agus tá siad lánsásta an Ghaeilge a úsáid. Is breá liom é sin.”

An cairpéad dearg thíos san aerfort do An Cailín Ciúin agus lucht an scannáin imithe chuig na hOscars

Tá rannóg na scannán idirnáisiúnta ag na 95ú Gradaim Oscar áirithe ar cheann de na rannóga is déine ó thaobh na hiomaíochta i mbliana.

Is iad na scannáin eile atá san iomaíocht leis An Cailín Ciúin All Quiet on the Western Front ón nGearmáin, rogha láidir na coitiantachta, Argentina, 1985 na hAirgintíne, Close na Beilge agus EO ón bPolainn.

“Cibé rud a tharlaíonn tá muid chun an scannán féin a cheiliúradh agus gach rud atá bainte amach ag an scannán go dtí seo a cheiliúradh,” a deir Colm Bairéad.

“Cabhraíonn rudaí mar seo leis an teanga, scannán mar seo a bheith i lár an aonaigh. Cuireann siad le muinín daoine an Ghaeilge a úsáid. Sin cúis mhór amháin gur chóir leanúint leis an infheistíocht sna scannáin seo agus tá mé féin ag súil le gach rud atá ag teacht maidir le scannáin na Gaeilge.”

An tAire Catherine Martin leis an aisteoir Catherine Clinch Pictiúr:Naoise Culhane

Dúirt Aire na Gaeltachta agus na Meán Catherine Martin le Tuairisc gur údar mór bróid agus misnigh rath An Cailín Ciúin.

“Tá mé ag tnúth go mór leis an tseachtain seo, ag taisteal le go leor de na daoine as Éirinn, lucht An Cailín Ciúin agus na hÉireannaigh eile a fuair ainmniúcháin do na Oscars.

“Ní hamháin go bhfuil bród orm mar gheall ar An Cailín Ciúin, ní hamháin leis an ainmniúchán Oscar ach as an tslí atá an scannán ag dul i bhfeidhm ar dhaoine, ach tá na Ghaeilge á cur i mbéal an phobail aige. Nach bhfuil sé iontach?

“Agus nach bhfuil sé iontach ar fad go mbeidh ár dteanga dhúchais le cloisteáil le linn na hócáide Dé Domhnaigh. Bíonn an domhan mór ag breathnú ar an searmanas sin agus beidh mé an-bhródúil as sin.”

Cuireadh síos an cairpéad dearg in Aerfort Bhaile Átha Cliath inné do lucht an scannáin An Cailín Ciúin a bhí ag déanamh a slí go dtí na Gradaim Oscar.

An Cailín Ciúin ar an gcéad scannán Gaeilge (agus an chéad scannán as Éirinn) a fuair ainmniúchán don Ghradam Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Tá saothar Choilm Bhairéad sa Táin cheana féin mar cheann de na scannáin is fearr riamh ón tír seo agus mar gheall ar na duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta go léir atá buaite aige.

Fág freagra ar 'Cloisfear Gaeilge ar an ardán má bhíonn rith an ráis le ‘An Cailín Ciúin’ ag na gradaim Oscar'