Clochar mór aitheanta i gConamara ar díol ar €850,000

Iar-chlochar de chuid Shiúracha na Trócaire atá i dTearmann Éinde, atá i gcroílár bhaile an Spidéil

Clochar mór aitheanta i gConamara ar díol ar €850,000

Tá clochar aitheanta 26 seomra codlata i mbaile Gaeltachta curtha ar díol ar €850,000.

Clochar de chuid Shiúracha na Trócaire a bhíodh i dTearmann Éinde, atá suite i gcroílár bhaile an Spidéil. Tá an foirgneamh buailte ar an séipéal sa tsráidbhaile agus é suite ó thuaidh den tSean-Chéibh.

Foirgneamh trí urlár atá ann, a tógadh ar dtús i 1923 agus ar cuireadh síneadh leis sna 1990idí. Bhí mná rialta ina gcónaí sa chlochar go dtí roinnt blianta ó shin ach tá sé folamh anois agus curtha ar an margadh.

26 seomra codlata atá ann chomh maith le hocht gcinn de sheomraí folctha, dhá chistin, dhá sheomra suí agus neart seomraí eile.

“Tá an réadmhaoin suite in áit iontach, i lár an tsráidbhaile agus ag breathnú amach ar an seanché atá ansin ar an Spidéal,” a dúirt Tony Kavanagh ó cheantálaithe Sherry Fitzgerald. “Suíomh deas, seanbhunaithe atá ann, achar beagán níos mó ná acra.”

Cuirfear suim mhór ina bhfuil i ndán don fhoirgneamh ach deir Kavanagh go bhfuil sé deacair a rá céard go díreach a tharlóidh dó. Suíomh “neamhghnách agus tarraingteach” a thug Sherry Fitzgerald air.

“Foirgneamh mór atá ann agus ní fheilfidh sé gach duine,” arsa Kavanagh.

Faoi phlean forbartha Chomhairle Chontae na Gaillimhe, atá i bhfeidhm go dtí 2028, tá an suíomh zónáilte le haghaidh áiseanna pobail, rud a fhágann go bhféadfaí é a úsáid mar ionad pobail, sláinte, ealaíon, oideachais nó a leithéid.

Ó tharla gur úsáideadh an clochar mar réadmhaoin chónaithe, fágann sin go bhféadfaí é a úsáid mar theach cónaithe.

“D’fhéadfadh duine atá go maith as é a úsáid mar theach cónaithe,” arsa Kavanagh. “Dá leagfaí an síneadh a cuireadh leis an bhfoirgneamh, nach é an chuid is deise de, agus dá ndéanfaí forbairt ar an mbunfhoirgneamh, bheadh teach cónaithe álainn, galánta agat.”

Fág freagra ar 'Clochar mór aitheanta i gConamara ar díol ar €850,000'

  • Christina Chen

    Ara níl sé sin ródhaor ach an oiread má chuimhníonn tú ar a mhéad agus ar an suíomh ina bhfuil sé!!