LEABHAIR
Clinic Leabhar Gaeilge do Pháistí i bPOTA café
Bíonn an-tóir ar leabhair an t-am seo den bhliain agus d’éinne atá ag lorg moltaí maithe do dhaoine óga, is fiú bualadh isteach go dtí an Clinic Leabhar a bheidh ar bun i POTA Café i mBaile na hAbhann an deireadh seachtaine seo. Beidh na ‘Dochtúirí Leabhair’ sna cótaí bána ó Leabhair Pháistí Éireann ag cur clinic ‘buail isteach’ ar fáil sa gcaifé ar an Satharn, 13 Nollaig ón 11:30am go dtí 3:30pm.
Is féidir bualadh isteach chucu agus foirm bheag a líonadh amach agus insint dóibh cén chineál scéalta agus leabhair a thaitníonn leat agus bunaithe air sin agus comhrá 10 go 15 nóiméad leis an ‘dochtúir leabhar’ tabharfar oideas léitheoireachta don pháiste. Beidh moltaí san áireamh san oideas de leabhair a thaitneodh leis an bpáiste bunaithe ar an aoisghrúpa ina bhfuil siad agus na spéiseanna atá acu. Tabharfar cóip freisin den Treoirleabhar Léitheoireachta 2025, treoir é seo a chur Leabhair Pháistí Éireann le chéile i mbliana ina bhfuil eolas faoi leabhair Ghaeilge do pháistí. Trí Ghaeilge a bheidh na coinní leis an dochtúir leabhar.
AN NOLLAIG
An Fathach Leithleasach
Tá roinnt deiseanna fágtha leis an dráma Nollag An Fathach Leithleasach a fheiceáil sa Taibhdhearc i nGaillimh. Seó teaghlaigh é seo atá bunaithe an scéal The Selfish Giant le Oscar Wilde. Insíonn an dráma scéal faoi fhathach a choinníonn páistí amuigh as a ghairdín go dtí go dtarlaíonn eachtraí a chuireann brú air cuimhneamh ar an bhflaithiúlacht. Meascán den cheol, gluaiseacht agus dearadh spraíúil atá sa seó agus é feiliúnach do pháistí agus dá muintir. Beidh seónna ar bun an deireadh seachtaine seo agus an deireadh seachtaine seo chugainn atá oscailte don phobal.
Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil ar shuíomh idirlín na Taibhdheirce.
Féilire Amhrán Traidisiúnta na hÉireann
Seoladh Féilire Amhrán Traidisiúnta na hÉireann an tseachtain seo caite, foilseachán de chuid Taisce Cheol Dúchais Éireann. Féilire 2026 atá ann le crochadh ar an mballa agus pictiúir agus amhráin thraidisiúnta curtha le gach mí den bhliain ann. Tá gach lá sa mbliain nasctha le hamhráin thraidisiúnta nó stairiúla, féilte agus imeachtaí séasúracha agus tagairt sa bhféilire d’os cionn 300 amhrán i gcaitheamh na bliana. Chomh maith leis sin, dírítear ar amhrán ar leith gach mí agus tá grianghraif chartlainne speisialta curtha leis an amhrán sin. Tá nascadh déanta freisin le taifeadtaí ar líne agus cód QR scaipthe tríd an bhféilire áit gur féidir le daoine iad a scanadh agus éisteacht leis na taifeadtaí ar líne i gcartlann an Taisce Cheol Dúchais Éireann.
Léiriú do dhaoine fásta bunaithe ar an Nollaig sa Naigín
Beidh léiriú do dhaoine fásta bunaithe ar an leabhar An Nollaig sa Naigín á chur i láthair ag an scríbhneoir Ré Ó Laighléis sa Riverbank Arts Centre sa Droichead Nua, i gcontae Cill Dara ar an Aoine, 12 Nollaig ag a 7:00pm. Cóiriú bunaithe ar an bpictiúrleabhar den teideal céanna atá ann ina ndéantar iniúchadh ar thuiscintí ar an Nollaig idir an t-iontas is an sonas a bhaineann leis an séasúr chomh maith leis an mbrón agus an t-uaigneas. Beidh scéalaíocht ag Ó Laighléis agus amhránaíocht agus ceol ag Pádraig Cleary agus Shearie Fean.
Ticéid ar fáil ag an nasc seo.
TEILIFÍS
Sceideal na Nollag seolta ag TG4 agus Cúla 4
Tá sceideal na Nollag fógartha ag TG4 agus Cúla4 agus réimse mór ábhar á chraoladh ag na cainéil i gcaitheamh na Nollag idir scannáin faisnéise, fadscannáin, cláir cheoil agus siamsaíochta don teaghlach. I measc na gclár a bheidh le feiceáil beidh Gene Kelly – Réalt an rince a bheidh á thaispeáint Lá Nollag, déanann an clár seo cur síos ar réalta Hollywood agus an nasc a bhí aige le hÉirinn. Taispeánfar an fadscannán de chuid Cine4 Fidil Ghorm den chéad uair ar an teilifís Lá Nollag agus beidh an clár George Best i gCorcaigh le feiceáil i gcaitheamh na Nollag freisin, clár ina ndéantar cur síos ar an tréimhse a chaith an réalta scair le Cork Celtic.
Beidh an ceol lárnach ar sceideal TG4 an Nollaig seo freisin. Cuirfear an seó faisnéise Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25 i láthair, clár a leanann ceoltóirí as Éirinn agus as an tSeapáin ag Expo 2025 in Osaka na Seapáine. Ar an 3 Eanáir taispeánfar ‘Ceiliúradh ar Mhicheál D. Ó hUigínn, clár ina mbeidh ceoltóirí ag teacht le chéile le taispeántas filíochta agus amhránaíochta a chur i láthair in ómós don iarUachtarán. Ar ndóigh beidh cláir a mbíonn súil ag daoine leo ag an tráth sin chugainn arís, ina measc Geantraí na Nollag, agus tuilleadh ceoil ó Fleadh 25 – Na Bannaí Céilí agus Bláth na hÓige – An Turas go Lorient.
Craolfar rogha scannán ar Cúla4 don lucht féachana óg i gcaitheamh na Nollag. Ina measc beidh leaganacha Gaeilge de mhórscannáin bheochana Shrek, Kung Fu Panda, agus The Lorax, chomh maith leis an bhfadscannán nua ilteangach Nollaí.
Tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín TG4 agus Cúla4.
CEOL
Gradaim Nós ag filleadh ar Bhéal Feirste in 2026
Fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh ócáid bhronnta Ghradaim Nós ag filleadh ar Bhéal Feirste in 2026. Cuirfear an ócáid ar bun sa Black Box i mBéal Feirste ar an 16 Bealtaine, 2026. Seo an tríú bliain as a chéile ag na gradaim a bheith á reáchtáil agus iad ag déanamh ceiliúradh ar an gceol agus an amhránaíocht Ghaeilge. Naoi gcatagóir atá sna gradaim – Amhrán na Bliana, Amhrán Dátheangach, Albam na Bliana (nuacheol agus ceol traidisiúnta), Físeán na Bliana, Ealaín na Bliana, Nuatheachtaí na Bliana (Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí), Ceoltóir Aonair, agus Banna na Bliana. Glacfar le hainmniúcháin go luath sa mbliain nua.
Fág freagra ar 'Clinic leabhar do pháistí i gcaifé POTA, An Fathach Leithleasach sa Taibhdhearc, Sceideal na Nollag fógartha ag TG4 agus Cúla4'