Clár na gcluichí 2021 fógartha agus séasúr idirchontae ceithre mhí beartaithe

Imreofar cluiche ceannais iomána na hÉireann ar an 21/22 Lúnasa agus imreofar an cluiche ceannais peile seachtain ina dhiaidh sin, ar an 28/29 Lúnasa

Clár na gcluichí 2021 fógartha agus séasúr idirchontae ceithre mhí beartaithe

Reáchtálfar comórtais idirchontae peile agus iomána idir mí Bealtaine agus mí Lúnasa i mbliana agus socruithe na gcomórtas fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael.

Imreofar cluiche ceannais iomána na hÉireann ar an 21/22 Lúnasa agus imreofar an cluiche ceannais peile seachtain ina dhiaidh sin, ar an 28/29.

Is iad na hiománaithe idirchontae a rachaidh chun páirce ar dtús i mbliana agus an chéad bhabhta den tSraith Náisiúnta Iomána le himirt ar an 8/9 Bealtaine.

Dhá ghrúpa sé fhoireann a bheidh i gceist i Roinn 1A agus Roinn 1B na sraithe iomána. Beidh ar a laghad cúig chluiche ag gach foireann ach ní bheidh aon chluiche ceannais sraithe ann.

Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile ar an 15/16 Bealtaine, seachtain i ndiaidh na hiomána.

Mar a fógraíodh roimhe seo, beidh grúpa Thuaidh agus grúpa Theas i ngach Roinn den tsraith agus cuirfear contaetha isteach i ngrúpaí le contaetha eile atá gar dóibh ó thaobh na tíreolaíochta de.

Imreoidh na foirne sna grúpaí in aghaidh a chéile faoi dhó. Rachaidh an dá fhoireann is fearr i ngach grúpa ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais. Tá sé i gceist na cluichí ceannais sraithe a imirt ar an 19/20 Bealtaine.

Ní bheidh Nua-Eabhrac, Londain ná aon fhoireann ón mBreatain páirteach i gcomórtais idirchontae na bliana seo agus ní bheidh Corn Tailteann ann sa pheil ach an oiread.

Reáchtálfar na craobhacha peile agus iomána nach mór ar an gcuma chéanna a reáchtáladh anuraidh iad.

Sa pheil, ní bheidh aon chluichí cáilithe ann agus díbreofar foirne ón gcraobh chomh luath agus a chailleann siad a gcéad chluiche.

San iomáint, beidh cúldoras ann d’fhoirne a chailleann cluiche i gcraobhacha na gcúigí, mar a bhí anuraidh. Athrú amháin ó 2020, áfach, ná go mbeidh comórtas dícháilithe ann i gCorn Mhic Cárthaigh. Cuirfear síos go dtí Corn Mhic Dhonncha in 2022 an fhoireann a chailleann an réamhbhabhta cáilithe.

Maidir le comórtais na gclubanna, deir CLG go mbeifear in ann tús a chur le craobhacha club chomh luath agus a dhíbreofar foireann an chontae ón gcraobh. D’fhéadfadh mar sin go dtosódh na craobhacha club ag deireadh mhí an Mheithimh sa pheil agus ar an 10 Iúil san iomáint.

Faoi thús mhí Lúnasa, ní bheidh fágtha sna craobhacha idirchontae iomána agus peile ach na foirne atá ag glacadh páirte i gcluichí leathcheannais na hÉireann.

Tá sé i gceist ag CLG tús na gcomórtas cúige do na clubanna á chur siar go dtí lár mhí na Samhna agus cluichí ceannais na hÉireann na gclubanna a imirt ar an 12/13 Feabhra 2022.

 

Fág freagra ar 'Clár na gcluichí 2021 fógartha agus séasúr idirchontae ceithre mhí beartaithe'