Clabhsúr á chur ag na cúigí ar an Pro 14

Agus babhta amháin cluichí fágtha acu tá na ceithre Chúige cinnte cheana féin dá gcuid áiteacha i gCorn na gCuradh an bhliain seo chugainn

Clabhsúr á chur ag na cúigí ar an Pro 14

Beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Mumhan arís anocht agus iadsan ag cur fáilte roimh Treviso (sa lár, Jean Kleyn). Jean Kleyn. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cé go bhfuil cúpla cluiche eile de réamhbhabhtaí an Pro 14 fós le himirt ag foirne ón Iodáil, ón mBreatain Bheag agus as Albain, imreoidh na ceithre Chúige a gcuid cluichí cáilithe deiridh an deireadh seachtaine seo. 

Bród amháin atá i gceist do na Cúigí ar fad don dara seachtain as a chéile mar go bhfuil siad ar fad cinnte cheana féin dá gcuid áiteacha i gCorn na gCuradh an bhliain seo chugainn. Mar sin féin ní dóigh go mbeidh aon chúige sásta bua bog a ghéilleadh don fhreasúra fiú mura bhfuil aon bhrabach eile ann.

Beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Mumhan arís anocht agus iadsan ag cur fáilte go Luimneach roimh Treviso, foireann atá i gcruachás ó thús an tséasúir. Tá foireann na hIodáile fós ar thóir a gcéad bhua as trí iarracht déag agus is deacair a shamhlú go n-éireoidh leo é sin a fháil anocht agus iad i gcoinne foireann a bhuaigh trí chluiche dhéag ó thús an tséasúir.

Sa mbaile freisin a bheas Cúige Laighean i gcoinne na nOspreys, foireann eile atá cinnte freisin dá n-áit i gCorn na gCuradh. Fágann sin nach mbeidh mórán beochta sa gcluiche seo. Mar sin féin, is cinnte go mbeidh imreoirí ar fhoireann Laighean ag iarraidh áit a dheimhniú ar an bhfoireann a bheas ag imirt i gcluiche ceannais an Pro 14 faoi cheann seachtaine. Seans go gcinnteoidh sé sin bua eile d’fhoireann Átha Cliath.

Anocht freisin beidh na hUltaigh ag imirt i gcoinne Zebre i mBéal Feirste. Níor bhuaigh Zebre ach ceithre chluiche sa gcomórtas go dtí seo.  Fágann sin go bhfuil dúshlán ollmhór roimh fhoireann na hIodáile más leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann an bhaile sa gcluiche seo.

San oíche Dé Luain a bheas na Connachtaigh ag tabhairt faoi na Scarlets, foireann atá sa tríú háit i nGrúpa B. Tá foireann na Gaillimhe naoi bpointe chun cinn ar an bhfreasúra agus ní baol dóibh fiú má chailleann siad an cluiche seo. Ní hionann an cás do na Scarlets.  Níl siad ach trí phointe chun cinn ar Chaerdydd, foireann atá sa gceathrú háit agus fós ar thóir an tríú háit órga sin a cheadódh dóibh imirt i gCorn na gCuradh. Is léir mar sin go bhfuil spreagadh ollmhór ag na Scarlets bua agus ceithre phointe a fháil ón gcoimhlint seo. Beidh  sárcluiche Dé Luain againn.

Fág freagra ar 'Clabhsúr á chur ag na cúigí ar an Pro 14'