Déanfar cíoradh agus ceiliúradh ar shaothar Phádraig Uí Chíobháin, duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge ár linne, ag ócáid speisialta amárach.
Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál atá ag eagrú na comhdhála faoi údar saothar amhail De Chion Focal, Tá Solas ná hÉagann Choíche, An Gealas i Lár na Léithe agus Desiderius A Dó.
An Dr Liam P. Ó Murchú a chuirfidh tús leis an gcomhdháil ar maidin agus beidh an Cíobhánach féin, arb as an nGráig in Iarthar Dhuibhneach dó, i mbun comhrá le Róisín Ní Ghairbhí mar chuid de na himeachtaí.
Ar na scoláirí eile a bheidh i mbun cainte, tá Pádraig de Paor, a mbeidh gearrscéalta an Chíobhánaigh faoi chaibidil aige, agus Sorcha de Brún a labharfaidh faoi thábhacht an cheoil ina shaothar.
‘Cad é mar shórt míorúilt é an gnéas?’ is teideal do chaint Peter Weakliam agus é ag trácht ar chúrsaí collaíochta agus creidimh i saothar an údair.
Ar an úrscéal Ré an Charbaid a dhíreoidh Gearóid Denvir agus Dréachta Chrích Fódla a bheidh mar ábhar caite ag Breandán Ó Cróinín. Corcaigh i litríocht Phádraig Uí Chíobháin a bheidh á phlé ag Tomás L Ó Murchú agus Stiofán Newman a chuirfidh clabhsúr ar an gcomhdháil.
Is féidir clárú don chomhdháil ach ríomhphost a sheoladh go dtí Stephen.newman@mic.ul.ie.
Fág freagra ar 'Cíoradh agus ceiliúradh le déanamh ar shaothar Phádraig Uí Chíobháin'