Bhí sé de cheart ag iar-aire oideachais de chuid an DUP diúltú d’iarratas go n-athlonnófaí Gaelscoil atá i bhfoirgneamh 115 bliain in iarthar Bhéal Feirste, de réir breithiúnais sa Chúirt Achomhairc.
Cuireadh ar neamhní san Ard-Chúirt in 2017 cinneadh an iar-aire oideachais Peter Weir diúltú don iarratas go ndéanfaí Gaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál a athlonnú.
Cinneadh an uair sin go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain le diúltú an iarratais i leith athlonnú na scoile, ach chinn beirt as triúr breithiúna sa Chúirt Achomhairc go raibh Weir i dteideal diúltú don iarratas.
Máthair dalta de chuid Ghaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál a lorg an t-athbhreithniú faoin gcinneadh a rinne Weir in 2016.
D’áitigh dlíodóirí na mná nach raibh aon chiall le cinneadh an pholaiteora de chuid an DUP agus gur cliseadh a bhí ann ar an dualgas reachtúil atá ann an Gaeloideachas a fhorbairt.
D’éirigh san Ard-Chúirt in 2017 le héileamh na mná ar ordú cúirte a thabharfadh ar na húdaráis athlonnú na Gaelscoile a cheadú nó athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh.
Dúradh an uair sin nár chuir Peter Weir dearcadh Chomhairle na Gaelscolaíochta san áireamh nuair a dhiúltaigh sé don iarratas agus mhaígh an breitheamh go raibh sé “ró-righin” ina chur chuige.
Dúradh chomh maith gur cliseadh a bhí ann ar an dualgas reachtúil atá ann an Gaeloideachas a fhorbairt.
Timpeall 60 dalta atá cláraithe i nGaelscoil an Lonnáin atá ar an láthair chéanna ar Bhóthar na bhFál ó 2004.
Mhaígh dlíodóirí na mná in 2017 go raibh an foirgneamh “róbheag agus rósháinnithe” agus nach raibh sé “feiliúnach” mar láthair scoile. Ag deireadh na bliana 2015 a chuir Bord Gobharnóirí Ghaelscoil an Lonnáin iarratas faoi bhráid na Roinne Oideachais go n-aistreofaí an scoil go dtí an láthair ina mbíodh scoil Naomh Comhgall.
Cé go raibh tacaíocht ag an iarratas ó údaráis oideachais éagsúla dhiúltaigh Peter Weir dó i mí an Mheithimh agus tuairiscíodh go raibh ‘inmharthanacht’ na scoile i measc na gcúiseanna leis an diúltú sin.
Cinneadh sa Chúirt Achomhairc nach raibh cinneadh Weir “míchothrom ná mídhleathach”, cinneadh ar buille é do lucht an ghaeloideachais ó thuaidh.
Seán Mac Cearáin
Níl rud ar bith nua sa chinneadh sin.Cé go bhfuil sé de dhualgas ar chibé Áire atá i gceannas an Gaeloideachas a fhobairt ní gá dóibh sin a dhéanamh gan na rialacha i dtaca le “Pleanáil Ceantair”a chur sa áireamh.Mar chuid den pholasaí sin caithfidh an scoil bheith inmharthana.Le scoil a bheith inmhartha caithfidh 140 dálta bheith cláraithe ar feadh tréimhse áirithe.Tá 3 scoil i nDoire gan suíomh ceart nó uimhreacha inmharthana acu as siocar nár tugadh aon aird ar na rialacha sin.Tá scoil amháin ar an fhód corradh is 30 bliain.Is é an fáth go bhfuil cúrsaí amhlaidh ná gur thug Caitriona Ruaine SF cead do na scoileanna a oscáilt in éadan chomhlaire agus rialacha na roinne.Tá na trí scoil sin uilig anois inmharthana.mar sin ní bhíonn an lucht ar an Roinn i gcónaí.