Cinneadh iar-aire de chuid an DUP diúltú d’iarratas faoi Ghaelscoil ‘cothrom’ agus ‘dleathach’

De réir breithiúnais sa Chúirt Achomhairc bhí sé de cheart ag Peter Weir diúltú d’iarratas go ndéanfaí Gaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál a athlonnú

Cinneadh iar-aire de chuid an DUP diúltú d’iarratas faoi Ghaelscoil ‘cothrom’ agus ‘dleathach’

Bhí sé de cheart ag iar-aire oideachais de chuid an DUP diúltú d’iarratas go n-athlonnófaí Gaelscoil atá i bhfoirgneamh 115 bliain in iarthar Bhéal Feirste, de réir breithiúnais sa Chúirt Achomhairc.

Cuireadh ar neamhní san Ard-Chúirt in 2017 cinneadh an iar-aire oideachais Peter Weir diúltú don iarratas go ndéanfaí Gaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál a athlonnú. 

Cinneadh an uair sin go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhain le diúltú an iarratais i leith athlonnú na scoile, ach chinn beirt as triúr breithiúna sa Chúirt Achomhairc go raibh Weir i dteideal diúltú don iarratas.

Máthair dalta de chuid Ghaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál a lorg an t-athbhreithniú faoin gcinneadh a rinne Weir in 2016.

D’áitigh dlíodóirí na mná nach raibh aon chiall le cinneadh an pholaiteora de chuid an DUP agus gur cliseadh a bhí ann ar an dualgas reachtúil atá ann an Gaeloideachas a fhorbairt.

D’éirigh san Ard-Chúirt in 2017 le héileamh na mná ar ordú cúirte a thabharfadh ar na húdaráis athlonnú na Gaelscoile a cheadú nó athbhreithniú a dhéanamh ar a chinneadh.

Dúradh an uair sin nár chuir Peter Weir dearcadh Chomhairle na Gaelscolaíochta san áireamh nuair a dhiúltaigh sé don iarratas agus mhaígh an breitheamh go raibh sé “ró-righin” ina chur chuige.

Dúradh chomh maith gur cliseadh a bhí ann ar an dualgas reachtúil atá ann an Gaeloideachas a fhorbairt.

Timpeall 60 dalta atá cláraithe i nGaelscoil an Lonnáin atá ar an láthair chéanna ar Bhóthar na bhFál ó 2004.

Mhaígh dlíodóirí na mná in 2017 go raibh an foirgneamh “róbheag agus rósháinnithe” agus nach raibh  sé “feiliúnach” mar láthair scoile. Ag deireadh na bliana 2015 a chuir Bord Gobharnóirí Ghaelscoil an Lonnáin iarratas faoi bhráid na Roinne Oideachais go n-aistreofaí an scoil go dtí an láthair ina mbíodh scoil Naomh Comhgall.

Cé go raibh tacaíocht ag an iarratas ó údaráis oideachais éagsúla dhiúltaigh Peter Weir dó i mí an Mheithimh agus tuairiscíodh go raibh ‘inmharthanacht’ na scoile i measc na gcúiseanna leis an diúltú sin.

Cinneadh sa Chúirt Achomhairc nach raibh cinneadh Weir “míchothrom ná mídhleathach”, cinneadh ar buille é do lucht an ghaeloideachais ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Cinneadh iar-aire de chuid an DUP diúltú d’iarratas faoi Ghaelscoil ‘cothrom’ agus ‘dleathach’'

  • Seán Mac Cearáin

    Níl rud ar bith nua sa chinneadh sin.Cé go bhfuil sé de dhualgas ar chibé Áire atá i gceannas an Gaeloideachas a fhobairt ní gá dóibh sin a dhéanamh gan na rialacha i dtaca le “Pleanáil Ceantair”a chur sa áireamh.Mar chuid den pholasaí sin caithfidh an scoil bheith inmharthana.Le scoil a bheith inmhartha caithfidh 140 dálta bheith cláraithe ar feadh tréimhse áirithe.Tá 3 scoil i nDoire gan suíomh ceart nó uimhreacha inmharthana acu as siocar nár tugadh aon aird ar na rialacha sin.Tá scoil amháin ar an fhód corradh is 30 bliain.Is é an fáth go bhfuil cúrsaí amhlaidh ná gur thug Caitriona Ruaine SF cead do na scoileanna a oscáilt in éadan chomhlaire agus rialacha na roinne.Tá na trí scoil sin uilig anois inmharthana.mar sin ní bhíonn an lucht ar an Roinn i gcónaí.