Tá cead tugtha ag an gCoimisiún Pleanála chun ionad cultúir, ealaíon agus oideachais a thógáil ar an Spidéal i gcontae na Gaillimhe.
Dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe anuraidh cead pleanála a thabhairt don fhorbairt ach tá éirithe leis an achomharc a rinne na forbróirí beartaithe, Fiontar na Gréine Teoranta.
Tá sé i gceist amharclann, leabharlann, caifé, spás stiúideo agus áiseanna eile a chur ar fáil i bhfoirgneamh iomlán nua atá le tógáil ar shuíomh an tseanchlochair i lár an bhaile. Tá sé beartaithe athchóiriú a dhéanamh ar an gclochar féin chomh maith agus síneadh a chur leis.
Tá sráidbhaile an Spidéil i Limistéar Comhaontais Ailtireachta agus chinn an t-údarás áitiúil go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe “dochar suntasach do na taitneamhachtaí amhairc” ar an mbaile.
Deir an Coimisiún Pleanála anois áfach go mbeadh an fhorbairt bheartaithe “inghlactha, tríd is tríd”. Deirtear “nach ndéanfadh [an fhorbairt] díobháil thromchúiseach do thaitneamhachtaí cónaithe ná amhairc an limistéir ná amhairc aon réadmhaoine sa chomharsanacht.”
Tá 20 coinníoll leagtha síos ag an gCoimisiún a gcaithfidh na forbróirí cloí leo. Ina measc, tá coinníollacha faoi chúrsaí timpeallacha, caomhnaithe, tráchta agus teanga.
Leagtar síos, mar shampla, gur i nGaeilge a bheidh an chomharthaíocht ar fad don fhorbairt agus go dtabharfar “tosaíocht don Ghaeilge i gcónaí”.
Nuair a rinneadh an chéad iarratas pleanála don fhorbairt, chuir cuid mhaith comhlachtaí in earnálacha na meán agus an oideachais, chomh maith le heagraíochtaí eile, aighneachtaí faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú leis an bhforbairt bheartaithe – TG4, Fís Éireann, Fíbín, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, COGG agus an tOireachtas ina measc.
Léirigh Fáilte Ireland tacaíocht don fhorbairt chomh maith ach léirigh Deoise na Gaillimhe, ar leo Séipéal Chill Éinde agus an talamh atá díreach taobh thiar den seanchlochar, imní faoin bhforbairt.
An comhlacht comhairleoireachta MKO a rinne an t-iarratas pleanála ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe thar ceann Fiontar na Gréine Teoranta, comhlacht a bhfuil Ronan Barrett agus Siobhán Barrett ina stiúrthóirí air.
Bheadh amharclann 200 suíochán le tógáil sa bhfoirgneamh nua chomh maith le háiseanna a d’fhreastalódh ar chúrsaí oideachais. Tá sé beartaithe seomraí codlata a thógáil sa seanchlochar, chomh maith le ceaintín chun freastal orthu siúd a bheadh ag fanacht ann.
Fág freagra ar 'A mbeannacht tugtha ag an gCoimisiún Pleanála d’ionad cultúir agus ealaíon nua ar an Spidéal'