Deir Sinn Féin nach bhfuil sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas inné ach “liosta brionglóidí”.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí, nach bhfuil aon rud “daingean” ná “soiléir” leagtha síos ann.
“Tá roinnte smaointe maithe sa Phlean Gníomhaíochta faoi conas tacú le státseirbhísigh inniúlacht a fhorbairt sa phríomhtheanga oifigiúil, ach go minic níl ann ach ‘féidearthachtaí’ atáthar le breathnú orthu amach anseo, gan am daingean nó maoiniú soiléir leagtha síos.
“Fós, níl plean ceart chun líon na ndaoine inniúil sa Ghaeilge a fhás, trí chóras oideachais agus ardoideachais, chun freastal ar an phobal lán-Ghaeilge agus an sprioc 20% a bhaint amach faoi 2030, rud atá le déanamh de réir dlí,” a dúirt sé.
D’fhoilsigh an Rialtas inné an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028, ina ndéantar cur síos ar conas a bhainfear amach a bpríomhspriocanna i dtaobh seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge don phobal.
Deir an Rialtas gur “céim thábhachtach chun cinn i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach” atá sa phlean.
“Lá an Úitsigh atá ann do lucht na Gaeilge arís agus moilleadóireacht fógartha athuair ar bheartais teanga an rialtais,” a deir Ó Snodaigh.
“Tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a aontú in 2021, dúradh linn fanacht go dtí foilsiú an Phlean Náisiúnta in 2024 chun beartais a fheiceáil.
“Sa Phlean Náisiúnta, a bhí foilsithe mall, dúradh linn fanacht go dtí foilsiú an Phlean Gníomhaíochta do 2025-2027.
“Anois sa Phlean Gníomhaíochta, nár foilsíodh go dtí 2026, tá sé ráite linn fanacht go dtí foilsiú na gCaighdeán Teanga, agus níl spriocdháta soiléir ag baint leo anois fiú.
“Bhí Caighdeáin Teanga in ainm teacht i gcomharbacht ar na Scéimeanna Teanga beagnach go huathoibríoch mar chóras chun dualgais a leagadh ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.”
Thagair Ó Snodaigh chomh maith don scéal a bhí ar Tuairisc gur chinn breitheamh Ard-Chúirte go raibh sé “seafóideach agus áiféiseach” a áiteamh go bhfuil feidhm dlí fós ag córas na scéimeanna teanga, an córas faoina ndaingnítí go leor de na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bhíonn ar chomhlachtaí poiblí.
Tá an breithiúnas sin ag teacht glan salach ar dhearcadh Roinn na Gaeltachta a mhaígh go raibh feidhm dlí i gcónaí ag córas na scéimeanna.
“Is léir, mar a léiríodh san Ard-Chúirt, nach fíor sin in ainneoin geallúint ó airí rialtais Fianna Fáil agus Fine Gael go mbeadh na forálacha i dtaca le Scéimeanna Teanga dlíthiúil go dtí go dtiocfadh Caighdeáin Teanga i réim.
“Céim siar 25 bliain atá sa lacuna seo do chearta teanga sa stát seo.”
Mhaígh comhghleacaí Uí Shnodaigh i Sinn Féin, an Teachta Dála Gaeltachta Conor McGuinness, nach bhfuil “an spiorad céanna le feiscint” i bPlean Gnímh an rialtais agus atá sa “réabhlóid” a deir sé atá ag tarlú in Éirinn ó thaobh na Gaeilge de.
“Tá ranganna Gaeilge lán, agus tá Éireannaigh mórtasach as an teanga. Tá éileamh ollmhór ann anois, d’fhéadfaí normalú a dhéanamh [ar an nGaeilge] agus seirbhísí Stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh an stát mar thacaíocht dóibh siúd atá á n-iarraidh.
“Faraor, níl an spiorad céanna le feiscint sa Phlean Gníomhaíochtaí um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge seo, agus níos measa, ní féidir fiú amháin plean gníomhaíochtaí a ghlaoch air,” a dúirt an Teachta Dála do Phort Láirge.
Dúirt McGuinness nach bhfuil sa cháipéis ach “liosta brionglóidí” agus nach bhfuil “aon dóchas ceart” ann do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.
Chuir sé fáilte, áfach, roimh dhá ghné den phlean a mhaíonn sé a dhéanfaidh sé féin iarracht a chur chun cinn “chun go n-éireoidh leo”.
Is iad an dá bheartas sin ná staidéar féidearthachta faoi aonaid shonracha seirbhíse poiblí a bhunú nó a athlonnú sa Ghaeltacht ar bhonn píolótach, agus an gealltanas go bhfoilseofar agus go gcuirfear i bhfeidhm polasaí nua chun tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Dúirt McGuinness nach bhfuil an dá ghníomh sin “forbartha go rómhaith” sa phlean a foilsíodh inné, ach go gcuirfeadh muintir na Gaeltachta fáilte rompu.
“Déanfaimid gach iarracht anois an brú a choimeád ar an Rialtas iad a chur i bhfeidhm mar níl mórán muiníne ag Sinn Féin ná ag muintir na Gaeltachta go dtarlóidh a leithéid,” a dúirt sé.
Agus an plean gníomhaíochta á sheoladh inné aige, dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary go rachadh sé chun leas na teanga agus cearta teanga go mór.
“Ag am nach raibh leibhéal báúlachta agus dearfachta i leith na teanga riamh chomh hard, leagan an plean uaillmhianach seo amach céimeanna soiléire agus intomhaiste tras-Rialtais a bheidh le glacadh sna blianta amach romhainn chun seirbhís phoiblí dhátheangacha, agus go deimhin sochaí dhátheangach iomlán a bhaint amach, i gcomhréir le gealltanais Chlár an Rialtais.”
Dúirt sé go dtacódh gníomhartha an phlean seo go mór le hobair eile atá ar bun ag an Roinn, amhail córas na gcaighdeán teanga a thabhairt isteach.
Fág freagra ar '‘Liosta brionglóidí’ atá i bplean gníomhaíochta an rialtais do sheirbhísí Gaeilge'