Cinneadh faoi chuarbhóthar na Gaillimhe ar an méar fhada arís

Meastar gur imní faoi dhúshlán cúirte is cúis leis an moill is déanaí ar chinneadh ón mBord Pleanála faoi chuarbhóthar na Gaillimhe

Cinneadh faoi chuarbhóthar na Gaillimhe ar an méar fhada arís

Iad siúd atá ar bís faoin toradh a bheidh ar an iarratas ar chead forbartha do chuarbhóthar chathair na Gaillimhe, beidh orthu fanacht mí eile sula dtiocfaidh scéala amach go poiblí ón mBord Pleanála.

Bhíothas ag súil le fógra ón mBord Dé hAoine seo caite ach cuireadh an fógra sin thart go dtí an 1 Deireadh Fómhair.  Údar iontais a bhí anseo mar go raibh go leor suíochain [suí] déanta ar an iarratas seo le breis agus dhá bhliain, éisteacht phoiblí san áireamh.

Bhí an fógra críochnúil le déanamh faoi dhó cheana i mbliana, san Aibreán i dtosach. Cuireadh thart ansin é go mí Iúil.  Tuigtear go raibh moladh curtha ar aghaidh ag an gcigire a bhí ag láimhsiú an cháis go dtí baill an Bhoird Pleanála le coicís anuas ach, fós féin, socraíodh gur theastaigh tuilleadh ama.

Tá tuairimíocht ann go bhfuil an Bord Pleanála ag iarraidh a bheith chomh cinnte agus is féidir leis a bheith nach mbeidh lúb ar lár ar bith fanta sna cúiseanna a bheidh ag baint leis an gcinneadh  – pé ar bith cinneadh é féin sa deireadh – ach a bhfógrófar é.

Tá ceithre chinneadh a rinne an Bord Pleanála le cúpla bliain curtha go leataobh ag na cúirteanna tar éis do dhreamanna éagsúla a ndúshlán a thabhairt sa gcóras dlí.  Go deimhin, tá cás a bhain le soláthar fíoruisce d’fheilmeacha bradán i gCuan Chill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara ar cheann de na cásanna sin.

Beidh tuairimíocht ann faoin gcinneadh atá á mholadh de bharr na moille atá curtha ar an bhfógra agus chaon taobh atá sáite sa scéal ag súil go bhfuil an sruth ina bhfabhar féin.  Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe a chuir an t-iarratas chuig an mBord Pleanála agus siad atá ina ngníomhairí ag Bonneagar Iompair Éireann, an t-údarás do bhóithre náisiúnta phoblacht na hÉireann.

Cé nach bhfuil siad luaite go foirmeálta leis an iarratas tá suim chomh mór céanna ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe san iarracht seo.

Ar an taobh eile den scéal, tá cuimse aighneachtaí in aghaidh an chuarbhóthair, mar atá sé leagtha amach, curtha ar aghaidh freisin.  Bheadh 54 teach le leagan, nó timpeallacht chuid acu le hathrú go mór, dá bhfaighfí cead forbartha.  Iadsan agus daoine a chreideann go bhfuil bealaí eile ann leis an trácht a mhaolú sa gcathair is mó a bheadh ag iarraidh coinneáil ag troid i gcoinne an phlean seo.

Tá Conamara agus an Ghaeltacht i gceist freisin. Tá sé ráite le Comhairleoirí Contae Chonamara go mion minic le bliain anuas – bhíodar ag iarraidh bóthar nua do dheisceart Chonamara a chur ar ais ar an gclár oibre – nach bhféadfaí pleanáil ar bith a dhéanamh don bhóthar ó dheas nó go mbeadh réiteach air cheist an chuarbhóthair.  Chaithfeadh soiléireacht a bheith ann, a dúradh, faoin áit a mbeadh an ceangal idir an cuarbhóthar agus bóthar dheisceart Chonamara.  Cinneadh an Bhoird Pleanála a shocródh an cheist sin.

Ach, taobh amuigh den cheist innealtóireachta sin, beidh Údarás na Gaeltachta ag cur suim mhór sa toradh atá ceaptha a theacht ón mBord Pleanála ar an 1 Deireadh Fómhair.  Admhaítear sna Forbacha go bhfuil sé geall le bheith dodhéanta mórán tionscal ar bith a mhealladh mórán achair siar go Conamara anois, go háirithe ó d’imigh ré na monarchan traidisiúnta.  Níl Údarás na Gaeltachta in ann aon chuidiú níos fearr a thabhairt do thionsclóirí agus d’fhiontraithe sa ngnáthchóras deontais thar mar atá na heagrais náisiúnta forbartha tionscal in ann a dhéanamh.  Dá réir sin, meastar go bhfuil drogall ar lucht gnó agus tionsclóirí an trioblóid a chur orthu féin dul siar go mór i gConamara nuair a shíltear go bhfuil na buntáistí chomh maith céanna acu air imeall thoir chathair na Gaillimhe.

Dá mbeadh an cuarbhóthar ann ghiorródh sé an t-aistear siar agus creidtear go mbeadh fonn níos mó ar thionsclóirí bualadh amach faoin tír.

Bheifí ag súil freisin go mbeadh sé níos fusa ag daoine as an nGaeltacht taisteal go himeall thoir chathair na Gaillimhe le haghaidh fostaíochta, mar sin an áit a bhfuil tromlach lucht gnó agus tionscal ag caitheamh ancaire.

Cé go bhfuiltear ag súil anois le cinneadh ar an 1 Deireadh Fómhair, ní dóigh gurb é sin deireadh an scéil, beag beann ar a chúramaí agus atá baill an Bhoird Pleanála agus a gcinneadh á fhógairt acu.     

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi chuarbhóthar na Gaillimhe ar an méar fhada arís'