Cinneadh déanta ag an Rialtas achomharc a dhéanamh maidir le rialú Apple

Ag cruinniú Rialtais a mhair leathuair an chloig inniu, aontaíodh go ndéanfaí achomharc maidir leis an rialú go gcaithfidh Éire €13 billiún a lorg ón ollchomhlacht Apple in aisíocaíocht chánach

Cinneadh déanta ag an Rialtas achomharc a dhéanamh maidir le rialú Apple

Tá cinneadh déanta ag an Rialtas achomharc a dhéanamh maidir le rialú Choimisiún an Aontais Eorpaigh go gcaithfidh Éire €13 billiún a lorg ón ollchomhlacht Apple in aisíocaíocht chánach.

Cuirfear rún maidir leis an achomharc faoi bhráid na Dála Dé Céadaoin seo chugainn.

Rialaigh an Coimisiún an tseachtain seo go raibh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach tugtha do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.

Ag cruinniú Rialtais a mhair leathuair an chloig inniu, aontaíodh go ndéanfaí achomharc maidir leis an rialú sin.

Bhí tuairimíocht ann nach n-éireodh le hairí rialtais teacht ar réiteach faoi cheist an achomhairc agus go gcuirfeadh airí ón gComhghuaillíocht Neamhspleách ina choinne.

Dúirt duine de na hairí sin, An tAire Stáit John Halligan, inniu gurb í a thuairim phearsanta ná gur chóir do Apple an €13 billiún a aisíoc. Dúirt Halligan, áfach, nach raibh fonn air go dtitfeadh an Rialtas agus go raibh faoi fanacht sa Rialtas.

Níor bhain scéal Apple lena éileamh ar sheirbhísí cairdiacha breise d’Ospideál na hOllscoile i bPort Láirge, a dúirt sé.

Tá ráite ag lucht Apple go bhfuil muinín acu go gcuirfear an cinneadh ar ceal. Dúirt Príomhfheidhmeannach Apple, Tim Cook, gur “political crap” a bhí i gcinneadh an Choimisiúin.

Tá caidreamh Apple le hÉirinn maidir le cúrsaí cánach á fhiosrú ag an gCoimisiún ó Mheán Fómhair 2014, agus scagadh déanta, go háirithe, acu ar mhargaí a rinneadh i 1991 agus 2007.

Deir an Coimisiún gur sárú a bhí sna margaí cánach sin ar rialacha an Aontais Eorpaigh. De réir fiosrúchán a rinne Seanad Stát Aontaithe Mheiriceá in 2013, is ar éigean a d’íoc Apple aon cháin ar $74 billiún thar thréimhse ceithre bliana.

Ba é rialú na seachtaine seo an rialú cánach is mó atá déanta ag an Aontas Eorpach maidir le haon chomhlacht amháin.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag an Rialtas achomharc a dhéanamh maidir le rialú Apple'

  • padraig

    Cluiche ann as á imirt ag Apple agus ár gceithearnaigh agus ár meatacháin féin ag iarraidh dallaphúicín a chur orainne cáiníocóirí dílse na hÉireann.
    An Coimisiún ag iarraidh greim a bhaint as an Úll chun smut den lab mór airgid sin a chantáil d’fhonn ‘fiacha na hÉireann’ (léigh baincéirí) a dhíscríobh.

    ‘Tá sé scannalach, ámh, gur féidir leis na hollchomhlachtaí sin an oiread sin airgid a dhéanamh ar fud an domhain gan aon cháin a íoc air agus ba chóir dúinn deireadh a chur le haon socrú a chabhraíonn leo é sin a dhéanamh.
    Mar a tharlaíonn sé, tá rialacha nua á dtabhairt isteach go hidirnáisiúnta chun é sin a dhéanamh.’ (Eoin Ó Murchú)

    Léan ar do cheann cipín a Eoin. Sea agus beidh feitheamh fada ar chosa fíorlaga againn agus súil an tsionnaigh le magairlí an tairbh.

  • Fearn

    B’fhéidir go bhfuil sé in am dúinn achomhairc a dhéanamh i leith na gcánacha a ghearrtar orainne fosta!