Cinneadh ar bith déanta ag Fine Gael maidir le comhrialtas le Fianna Fáil

Bhí a gcéad chruinniú tráthnóna ag Fine Gael ó buaileadh drochbhuille orthu san olltoghchán

Cinneadh ar bith déanta ag Fine Gael maidir le comhrialtas le Fianna Fáil

Níor cuireadh comhrialtas le Fianna Fáil as an áireamh ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael tráthnóna.

Chualathas ag an gcruinniú ráitis láidre i gcoinne comhrialtas a bhunú le Fianna Fáil, ach dúirt ceannaire Fine Gael Leo Varadkar ina dhiaidh nach raibh a leithéid á chur as an áireamh ach gurb é a chéad rogha ná seal sa bhfreasúra.

Tuairiscíodh go raibh an tAire Gnóthaí Tuaithe Michael Ring ina measc siúd a chuir i gcoinne comhrialtas le Fianna Fáil agus go ndúirt an Tánaiste Simon Coveney agus an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan nár chóir aon chinneadh ar bith a dhéanamh go fóill.

Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag an bpáirtí ó buaileadh drochbhuille orthu san olltoghchán.

Is é an port a bhí ag an Taoiseach Leo Varadkar agus a pháirtí ná gurbh iadsan a bhí caillteach sa toghchán agus go raibh dualgas dá réir ar Shinn Féin agus ar Fhianna Fáil rialtas a bhunú.

Dúirt Varadkar aréir go bhfuil Fine Gael ag prapáil chun dul isteach sa bhfreasúra agus go mbainfeadh sé “an-sásamh” as a bheith ina cheannaire ar an bhfreasúra.

Ach thug an Taoiseach le fios arís anocht go rachfaí i rialtas sa chás “nach mbeadh an dara rogha ann” nó mar “bheart in am an éigin”.

Tá doicheall, áfach, ag roinnt  daoine laistigh d’Fhine Gael roimh an gcaint faoi oll-chomhrialtas, mar a thugtar air, a bhunú in éineacht le Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas.

De réir tuairiscí, tá daoine sinsearacha sa pháirtí, ag áireamh Richard Bruton, an tAire Cumarsáide, i gcoinne a leithéid de shocrú.

Chuir páirtí parlaiminte Fhianna Fáil comhrialtas le Sinn Féin as an áireamh an tseachtain seo caite ach thug siad a mbeannacht do chainteanna le páirtithe eile, gníomh a spreag go leor cainte faoi chomhrialtas le Fine Gael.

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív nach chun leas Fhianna Fáil a bheadh a leithéid agus go mbeadh sé féin “glan ina aghaidh”.

Pléifear an cheist anocht ag cruinniú de Chomhairle Dháilcheantair Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar.

Idir an dá linn, thug an Comhaontas Glas cuireadh do gach páirtí ar maidin teacht chun cruinnithe leo le plé a dhéanamh ar chúrsaí polasaí féachaint cad atá i bpáirt acu lena chéile agus cad iad na héagsúlachtaí atá eatarthu.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil seans ann i gcónaí go n-éireoidh le Sinn Féin rialtas de chuid na heite clé a bhunú.

Dúirt urlabhraí tithíochta an pháirtí Eoin Ó Broin Dé hAoine seo caite nach bhféadfadh Sinn Féin rialtas a bhunú d’uireasa Fhianna Fáil nó Fine Gael.

Tuairiscítear go bhfuil na Daonlathaigh Shóisialta chun bualadh leis an Taoiseach an tseachtain seo, cé go bhfuil ráite acu go mbeadh amhras orthu faoi dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Fág freagra ar 'Cinneadh ar bith déanta ag Fine Gael maidir le comhrialtas le Fianna Fáil'