Ciníochaí a úsáideann an ‘N-fhocal’ é Donald Trump – iarfhostaí dá chuid sa Teach Bán

Deir Omarosa Manigault Newman ina leabhar nua Unhinged ‘gur ciníochaí, biogóid agus banfhuathaitheoir’ Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá

Ciníochaí a úsáideann an ‘N-fhocal’ é Donald Trump – iarfhostaí dá chuid sa Teach Bán

Maítear i leabhar nua le hiarfhostaí de chuid Donlad Trump sa Teach Bán gur ciníochaí é a bhfuil ‘an N-fhocal’ úsáidte go minic aige.

Maítear sa leabhar nua Unhinged le Omarosa Manigault Newman, Afrai-Meiriceánach a d’oibrigh sa Teach Bán nó gur briseadh as a post í anuraidh, go bhfuil téip ann ina bhfuil Uachtarán Mheiriceá le cloisteáil agus an masla ciníoch á úsáid aige le linn thaifeadadh an chláir The Apprentice.

Deir Omarosa Manigault Newman ina leabhar a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn ach a bhfuair an Guardian cóip de, go bhfuil triúr foinsí aici a dheimhnigh di gur fíor an scéal.

Deir sí gur chuala sí féin Donald Trump agus caint chiníoch ar siúl aige faoi George Conway, fear céile Kellyanne Conway, comhairleoir de chuid an Uachtaráin ar de bhunadh na nOileán Filipíneach é. Dar le Manigault Newman gur thug Trump ‘flip’ agus ‘goo-goo’, maslaí ciníocha i gcoinne mhuintir na nOileán Filipíneach, ar George Conway.

Deir an t-údar gur fhág sí an Teach Bán tráth a raibh sí ag teacht ar an tuiscint de réir a chéile gurbh amhlaidh gurbh fhíor “gur ciníochaí, biogóid agus banfhuathaitheoir” Trump.

“Bhí a chinnte is a bhí mé faoi scéal théip an ‘N-fhocail’ agus an úsáid choitianta a bhain sé as an bhfocal sin ar bharr chnoc mór de na rudaí uafásacha a raibh taithí agam féin orthu agus mé ina theannta, go háirithe sa dá bhliain dheiridh.”

Dar le lucht cáinte Manigault Newman agus lucht cosanta an Uachtaráin nach féidir brath uirthi mar gur díoltas in aghaidh Trump atá uaithi mar gheall gur chaill sí a post.

Is fada an lá amhras ann faoi dhearcadh Trump i leith ciníocha eile agus go deimhin ba é an tús a chuir sé lena shaol mar pholaiteoir an bhréag a bhíodh á maíomh aige nár Mheiriceánach é Barack Obama agus gur sa Chéinia a rugadh é.

An bhliain seo caite, cáineadh go géar agus go forleathan Trump nuair a mhaígh sé nach ar lucht an fhorchiníochais ghil amháin a bhí an locht faoi chíréibeacha ciníocha Charlottesville. I measc na maslaí ciníocha eile a chualathas uaidh, dúirt sé gur “shithole countries” a bhí i gcuid den Afraic agus Mheiriceá Laidineach. Cuirtear ina leith go minic go bhfuil dearcadh ciníoch aige maidir le muintir Mheicsiceo agus go gcothaíonn sé fuath d’inimircigh. Is fada chomh maith amhras a bheith ann faoina easpa measa ar lúthchleasaithe dubha agus a bhfeachtais chun aird a tharraingt ar gciníochas i sochaí Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Idir an dá linn, d’fhógair Trump ar a chuntas Twitter inniu go raibh na custaim ar chruach agus alúmanam dúbailte aige i gcás na Tuirce, rud a mheastar a chothóidh tuilleadh deacrachtaí do gheilleagar na tíre. Thit lira na Tuirce 19% i gcoinne an dollar i ndiaidh a fhógra.

Fág freagra ar 'Ciníochaí a úsáideann an ‘N-fhocal’ é Donald Trump – iarfhostaí dá chuid sa Teach Bán'