Cinedhíothú déanta ag Iosrael ar Phalaistínigh in Gaza – coimisiún fiosrúcháin

Deir coimisiún fiosrúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe go ndearna Iosrael ceithre ghníomh cinedhíothaithe as na cúig cinn atá sainmhínithe mar chinedhíothú faoin dlí idirnáisiúnta

Cinedhíothú déanta ag Iosrael ar Phalaistínigh in Gaza – coimisiún fiosrúcháin

Tá sé dearbhaithe ag coimisiún fiosrúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil cinedhíothú déanta ag Iosrael ar Phalaistínigh in Gaza.

I dtuarascáil nua dá gcuid deirtear go bhfuil bunús réasúnta acu lena dhéanamh amach ó thosaigh an cogadh ansin in aghaidh Hamas in 2023 go ndearnadh ceithre ghníomh cinedhíothaithe as na cúig cinn atá sainmhínithe mar chinedhíothú faoin dlí idirnáisiúnta.

Is iad na ceithre ghníomh cinedhíothaithe a luaitear sa tuarascáil: baill de ghrúpa a mharú, díobháil thromchúiseach choirp agus intinne a dhéanamh dóibh, coinníollacha a chur i bhfeidhm d’aon turas d’fhonn an grúpa a scrios, saolú páistí a chosc.

Deirtear sa tuarascáil gur spreag ardoifigigh de chuid rialtas Iosrael agus an Príomh-Aire, Benjamin Netanyahu, na gníomhartha cinedhíothaithe sin.

Áitítear sa tuarascáil “gurb í an t-aon tuiscint réasúnta uaidh sin ná gur cinedhíothú” an aidhm a bhí leis an bpatrún sin iompair ag údaráis agus fórsaí slándála Iosrael in Gaza.

Deir an coimisiún fiosrúcháin gur fhág iompar cinedhíothach Iosrael gur mharaigh siad agus gur ghortaigh siad d’aon turas níos mó Palaistíneach ná facthas déanta riamh cheana agus iad ag úsáid muinisin throma. Deirtear gur ionsaigh siad láithreacha reiligiúin, cultúir agus oideachais go forleathan agus go córasach agus gur chuir siad Gaza faoi léigear agus gur fhág siad gorta ann.

“Tá cinedhíothú ar siúl in Gaza,” a dúirt Navi Pillay, ceannasaí an choimisiúin fiosrúcháin faoi chríocha gafa Ghaza.

“Is iad na húdaráis is sinsearaí in Iosrael atá freagrach ar na coireanna uafásacha seo mar is iadsan a bheartaigh feachtas cinedhíothach le beagnach dhá bhliain agus aidhm ar leith acu grúpa Palaistíneach a scrios in Gaza.”

Dhiúltaigh Iosrael don “tuarascáil atá curtha as a riocht agus bréagach” mar a thugadar uirthi agus d’éiligh go gcuirfí deireadh láithreach leis an gcoimisiún fiosrúcháin.

Tá cás dlí á throid ag Iosrael freisin sa gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta san Háig.

Tá breis is 64,000 duine curtha den saol in Gaza de réir na haireachta sláinte agus deir lucht monatóireachta domhanda go bhfuil gorta i gcuid de Ghaza.

Dúshlán eile atá ag an bpobal ansin go bhfuil a bhformhór aslonnaithe as a mbaile ó chuir Iosrael tús leis an ionsaí mar dhíoltas ar ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, ionsaí inar maraíodh 1200 duine agus inar tógadh 251 giall.

I 1948 rinne coimisiún um chinedhíothú na Náisiún Aontaithe sainmhíniú ar chinedhíothú mar choireanna a dhéantar “d’fhonn grúpa náisiúnta, eitneach, cine, nó reiligiúin a scrios go hiomlán nó cuid de, ar an mbonn sin”.

Ionas gur féidir cinedhíothú a thabhairt air, ní mór ar a laghad ceann amháin de cúig ghníomh a bheith déanta.

Idir an dá linn, deir oifigigh go bhfuil ionsaí le talamh tosaithe ag Iosrael i gCathair Gaza. Tá ordaithe don phobal imeacht agus an chathair á buamáil go tréan le cúpla seachtain ag Iosrael agus blocanna iomlána árasán anois ina smionagar ar an talamh.

Dheimhnigh an Príomh-Aire Benjamin Netanyahu inniu go bhfuil tús curtha ag a thír leis an gcéim is deireanaí den chogadh agus é os comhair cúirte i Tel Aviv ag tabhairt fianaise agus é ar a thriail faoi chaimiléireacht.

Fág freagra ar 'Cinedhíothú déanta ag Iosrael ar Phalaistínigh in Gaza – coimisiún fiosrúcháin'