Ciarraí agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus tús á chur le Craobh Shinsir Pheil na mBan

Craolfar péire de na cluichí beo ar TG4 tráthnóna, an cluiche idir Dún na nGall agus Port Láirge i nGrúpa D agus an ceann idir Gaillimh agus Ciarraí i nGrúpa C

Ciarraí agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus tús á chur le Craobh Shinsir Pheil na mBan

Cuirfear tús le Craobh Shinsir Peile Pheil na mBan an deireadh seachtaine seo agus cúig chluiche le himirt inniu.

Imríodh craobhacha na gcúigí an mhí seo caite – nuair a thug Áth Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Ard Mhacha leo na coirn – ach is inniu a thosóidh an Chraobh uile-Éireann.

Craolfar péire de na cluichí beo ar TG4 tráthnóna, an cluiche idir Dún na nGall agus Port Láirge i nGrúpa D (5pm) agus an ceann idir Gaillimh agus Ciarraí i nGrúpa C ag 7.15pm.

Bhí cluiche den scoth idir mná Chiarraí agus Gaillimh i gcraobh na bliana seo caite, nuair a bhuaigh na Connachtaigh le haon phointe amháin ar deireadh agus tá súil le géarchoimhlint eile tráthnóna i mBiorra.

Thug Ciarraí Roinn 2 na sraithe leo níos túisce i mbliana agus beidh Gaillimh, atá faoi cheannas Mhaghnus Breathnach as an Spidéal, lán de mhuinín freisin tar éis dóibh Maigh Eo a shárú i gcluiche ceannais Chonnacht.

Is iad an Iarmhí an tríú foireann i nGrúpa C agus, le dhá áit sna babhtaí ceathrú ceannais ar fáil, beidh Gaillimh agus Ciarraí dóchasach go maith go dtiocfaidh slán fiú mura n-éiríonn leo inniu ach tús maith leath na hoibre, mar a deirtear, agus dea-chomhartha a bheadh i dtaispeántas maith tráthnóna.

I nGrúpa D, beidh Dún na nGall ag súil leis an gceann is fearr a fháil ar Phort Láirge. Is iad Corcaigh an fhoireann eile sa ghrúpa agus beidh foireann Maxi Curran i bponc mura n-éireoidh leo na Déisigh a bhualadh. Chaill Dún na nGall cluiche ceannais Roinn 1 agus cluiche ceannais Uladh cheana féin i mbliana agus beifear ag iarraidh toradh maith sa chluiche seo atá le himirt i mBiorra.

Beidh curaidh na hÉireann 2021, An Mhí, i Muineachán chun aghaidh a thabhairt ar an bhfoireann bhaile sa chéad chluiche i nGrúpa B. Chaill an Mhí cluiche ceannais Laighean le haon phointe amháin coicís ó shin ach thugadar leo príomhroinn na sraithe níos túisce i mbliana agus an chuma orthu go mbeidh siad i lár an aonaigh arís ag deireadh an tséasúir.

I nGrúpa A, tabharfaidh Áth Cliath agus An Cabhán aghaidh ar a chéile ar an Aill agus imreoidh Maigh Eo in aghaidh Thiobraid Árann i gCaisleán an Bharraigh.

Seans gurb é an cluiche i bPáirc Mhic Éil an ceann is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo agus beidh an dream a chailleann faoi mhíbhuntáiste mór láithreach agus iad ag iarraidh na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach. Beidh díomá ar Mhaigh Eo nár éirigh leo Craobh Chonnacht a thabhairt leo mí Bealtaine ach tá Tiobraid Árann gann roinnt imreoirí cumasacha agus Aishling Moloney, Aisling McCarthy agus Orla O’Dwyer uile ar iarraidh.

Sa chluiche eile, ba cheart go mbeadh Áth Cliath rómhaith don Chabhán ach tabharfaidh an cluiche deis d’fhoireann Mick Bohan luí isteach ar an obair atá le déanamh má táthar chun Craobh na hÉireann a thabhairt ar ais go dtí an phríomhchathair.

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus tús á chur le Craobh Shinsir Pheil na mBan'