Chuir mé mo Kawasaki ER500 ar díol ar donedeal.ie…as Gaeilge amháin

Conas mar a d’éireodh le teachtaireacht lán-Ghaeilge ag díol gluaisrothair ar donedeal.ie

Chuir mé mo Kawasaki ER500 ar díol ar donedeal.ie…as Gaeilge amháin

Deir lucht pleanála teanga go gcaithfidh feidhm a bheith ag teanga le go mairfidh sí. Céard í feidhm sa chomthéacs seo?  Úsáid phraiticiúil? Buntáiste? Straitéis mhealltach?  48 uair an chloig ó shin chinn mé gluaisrothar den déanamh Kawasaki ER500 a chur ar díol ar Donedeal.ie ag úsáid na Gaeilge go heisiach mar mheán díolaíochta.  Tá roinnt de láithreáin ghréasáin ‘an Bhéarla’ a ghlacann le Gaeilge gan cheist, mar shampla, www.rip.ie, an láithreán a bhíonn ag plé le scéalta báis. Is féidir leat teachtaireacht chomhbhróin a chur air gan aon dua as Gaeilge.  Tá Donedeal fadradharcach chomh maith agus ceadaítear úsáid na Gaeilge gan stró.  Ní hamhlaidh an cás, mar a léiríodh le déanaí, leis an AA, lucht na ngluaisteán. Cáineadh duine óg sa chomhlacht le déanaí mar gur úsáid sé an Ghaeilge i ngnáthchomrá béasach le custaiméir ach bhain a bhainistíocht na cosa de mar gheall air.  Thairg an bhainistíocht mar mhíniú “nach mbeadh sé praiticiúil” an Ghaeilge a úsáid in obair an chomhlachta.

Cheapfainn go raibh m’fhógra díolaíochta crochta níos lú ná leathuair an chloig, nuair a fuair mé teachtaireacht ó Aogan éigin a dúirt “fógra den scoth”, bail ó Dhia air! Ní fada ina dhiaidh sin go bhfuair mé teachtaireacht fhada i nglanGhaeilge, ó dhuine a rinne leithscéal, gan ghá, faoin gcaighdeán scríofa Gaeilge a bhí aige. Ní raibh tada contráilte leis i mo bharúil, tuilleadh faisnéise a bhí uaidh.

Níl fhios agam an mé an chéad duine a chuir fógra go heisiach i nGaeilge ar Donedeal. Cúpla rud a spreag mé len é sin a dhéanamh, cuirim i gcás,  úire nó neamhghnácht, turgnamh teangeolaíochta, mealladh súl.  Anuas air seo agus maith dhom mo chuid ardnóis anseo, ach thuig mé freisin go mbeadh m’ábhar cliant ar chaighdeán áirithe éirim aigne, toisc go mbeadh siad in ann déileáil leis an nGaeilge!  

Gan mhoill bhí 499 tar éis féachaint ar m’fhógra agus ba léir nach raibh léamh na Gaeilge ag déanamh tinnis ar bith dóibh.

Más rud é nach bhfuil cur amach agat ar ábhar a dhíol ar Donedeal, is féidir liom a rá, agus mé in aois na críonnachta, go bhfuil an córas atá acu ‘úsáideoir-chairdiúil’ mar a deirtear i dteanga an lae inniu. Mar chéad chéim tugtar cuireadh duit grianghraf den rud atá ar díol agat a sholáthar, ansin cur síos gairid air, saghas ceannlíne, agus ansin tá spás d’alt nó dhó mar chur síos níos iomláine, do shonraí teagmhála, agus sin é, tá leat.  Ag brath ar céard atá ar díol agat níl aon chostas ar an bhfógra féin, sa leagan saor in aisce ar feadh 30 lá.  Más mian leat scaradh le €1, sea, euro amháin, gheobhaidh tú 60 lá agus buntáistí eile.  I gcaochadh na súl thosaigh na teachtaireachtaí ag teacht ina sruth – ceisteanna, tairiscintí, cén áit a bhféadfaí an gluaisrothar a fheiceáil agus mar sin de.  Is beag a bhí an Ghaeilge ag cur isteach ar dhaoine – margadh maith a aimsiú an chéad sprioc a bhí acu. Ghlaoigh fear amháin as baile Dhún na nGall a thairg láithreach an turas fillte 240 míle a dhéanamh chun seilbh a ghlacadh ar an Kawasaki. Is le fear Thír Chonaill a bhí an lá.  Bhain sé ceann scríbe amach um 9.00rn Dé Sathairn agus rinneadh an margadh ar an toirt – beagán faoi 48 uair an chloig ó seoladh an fógra.

Meas tú, na pobail sin atá ag plé le pleanáil teanga sna limistéir Ghaeltachta, an bealach simplí a bheadh anseo leis an nGaeilge a chur in úsáid agus a theilgean, ábhar a thairiscint ar díol trí Ghaeilge?  Seo duine amháin ag ar a laghad, a bhfuil straois de mheangadh ar a éadan, agus é  sásta leis mar chur chuige!

Fág freagra ar 'Chuir mé mo Kawasaki ER500 ar díol ar donedeal.ie…as Gaeilge amháin'