Deir máthair ar fhreastail a hiníon ar choláiste samhraidh Gaeilge níos túisce an samhradh seo gur údar imní di a laghad srianta a bhí i bhfeidhm le linn an chúrsa maidir le húsáid fón póca.
Ag labhairt di ar an gclár Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna, dúirt Jo O’Connor, tuismitheoir as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath, go raibh a fón póca ag a páiste “an t-am go léir” fad is a bhí sí ag freastal ar Choláiste na Rinne i nGaeltacht Phort Láirge.
Dúirt sí gur thuig sí féin ó pholasaí an Choláiste gurbh amhlaidh a bheadh na fóin fágtha in oifig an choláiste agus go gceadófaí iad a úsáid ag amanna ar leith chun glaoch abhaile.
Mhaígh sí go raibh na fóin ag a páiste “an t-am go léir”, rud nach mbíonn amhlaidh sa bhaile nó ar scoil, a dúirt sí.
Mhaígh sí go mbíodh téacsanna á seoladh chuici ag a hiníon deireanach san oíche.
Dúirt Jo O’Connor nach raibh sé “sábháilte” go mbeadh teacht ag “grúpaí páistí” ar an idirlíon “an t-am go léir”.
“Tá teacht acu ar an idirlíon an t-am go léir má tá fón acu, níl sé sin sábháilte, agus grúpaí páistí le chéile … Tá an coláiste ag tabhairt aire do na páistí, tá siad in loco parentis, agus ní raibh aon iarracht smacht a chur ar na fóin,” a dúirt sí.
Mhaígh sí gur tharla sé le linn an chúrsa go raibh buachaillí ag féachaint ar ábhar pornagrafaíochta ar an idirlíon agus gur sheinn siad “fuaimeanna pornagrafacha” do na cailíní a bhí ina dteannta.
“Chuala mé ó na cailíní go raibh buachaillí ag breathnú ar porn ar na fóin. D’iarr duine de na cailíní dona máthair, ‘cad é ‘porn’? Chuir máthair an chailín seo glaoch orm chun é seo a rá liom mar níor chuala an cailín sin aon rud faoi porn roimhe sin agus chuir sí ceist ar a máthair ‘cad é porn?’.
“Chuala mé ó na cailíní gur sheinn na buachaillí giota porn dóibh uair amháin freisin. Fuaimeanna pornagrafacha a bhí ann,” a dúirt Jo O’Connor.
Dúirt sí go raibh “an-díomá” uirthi faoin scéal agus nach rud “maith” é go mbeadh teacht ag daoine óga ar phornagrafaíocht i gcoláiste samhraidh.
Tuairiscíodh ar Pléscéal tráthnóna gur cruinníodh na scoláirí le chéile le labhairt leo faoi úsáid na bhfón nuair a fuarthas gearán ó athair an pháiste.
Ceist chasta í ceist úsáid na bhfón póca ar chúrsaí samhraidh Gaeltachta agus rialacha éagsúla i bhfeidhm ag coláistí éagsúla. Dúirt duine ó choláiste samhraidh eile le Tuairisc.ie tráthnóna nach gceadaítear do na scoláirí sa choláiste sin a bhfóin phóca a úsáid ach ag amanna ar leith ar laethanta ar leith ach go gcaitear a bheith “aireach” chomh maith faoin dara fón a bheith “faoi cheilt” ag na scoláirí.
Dúirt Jo O’Connor ar Pléscéal gur údar díomá eile di gur labhair cinnire amháin Béarla léi agus í ar cuairt ar Choláiste na Rinne in ainneoin gur i nGaeilge a labhair sí féin leis.
Mhaígh sí go raibh Béarla ar bun agus na daltaí ar an trá agus nach ndúirt na cinnirí a bhí ar dualgas leo ach “iarracht” a dhéanamh.
Ba i mBéarla a labhair beirt chinnirí eile le chéile nuair a chuir sí a díomá in iúl dóibh, a mhaígh sí.
Dúirt sí go raibh “laethanta saoire iontacha” ag a hiníon i gColáiste na Rinne ach bhí amhras uirthi faoina dhoichte is a cuireadh labhairt na Gaeilge chun cinn le linn an chúrsa i nGaeltacht Phort Láirge.
I ráiteas a chuir Coláiste na Rinne ar fáil, deimhníodh go raibh tuismitheoirí áirithe míshásta le gnéithe de ‘Chúrsa A’ an tsamhraidh seo.
“Is trua linn go raibh triúr/ceathrar tuismitheoirí gan a bheith sásta le himeachtaí áirithe ar chúrsa A linn i mbliana. Dhein na tuismitheoirí seo teagmháil linn faoi nithe áirithe. Deineadh fiosrú agus tógadh céimeanna i measc na scoláirí agus fhoireann an Choláiste chun dul i ngleic leis na nithe a luadh.
“Bhí an fhoireann ag faire amach do na nithe seo agus níor tháinig aon aiseolas eile ar aghaidh chugainn nó ó Chomhairle na nDaltaí a bhuail le chéile go rialta le linn an Chúrsa. Is nós linn ag deireadh an tsamhraidh mionscrúdú a dhéanamh ar gach gné de na cúrsaí samhraidh le barr feabhais a bhaint amach agus tógaint ar nithe a thagann chun solais ag leibhéal na Bainistíochta.”
Dúradh go mba mhór ag Coláiste na Rinne dá ndéanfadh na tuismitheoirí a bhí i gceist teagmháil le Stiúrthóir an Choláiste ionas go ndéanfaí socrú “chun an cheist a chíoradh níos doimhne leo”.
Murchadh
Bhí mé ar an mbus abhaile le déanaí agus bhí fuaimeanna porn le cloisteáil ó chúl an bhus. D’amharc mé siar ar an mbeirt ghasúr le mo fhearg a chur in iúl ach bhí spraoi iontach á bhaint acu as míchompord a chur ar na paisinéirí eile agus iad a náiriú. Is pinsinéar mé ach bhí comhaoisigh na beirte ann agus ní raibh gíocs astu. Sin é an saol anois.
Murchadh
Na cinnirí sin a bhí ag béarlóireacht, is gnáthrud é sin. Cuid mhaith acu patuar faoin teanga, post samhraidh acu is ea é. Cé atá díograiseach faoin teanga nó faoi aon rud eile fónta anois seachas spórt?
Carraig
Tá feidhm ar údaráis Choláiste na Rinne (agus ar choláistí eile) teacht ar fhoireann inniúil dhíograiseach a bheidh dílis dá gcuspóirí agus an Ghaeilge a chur i dtús áite i gcónaí, idir mhúinteoirí, chinnirí is eile. Is saoire shamraidh íoctha í do mhórán acu mar a mbuaileann siad lena gcomhaosaigh chun gleáchas a dhéanamh. Ní hí an Ghaeilge a bhíonn ag déanamh scime dóibh. Tá dualgas orthu ó thaobh na teanga de agus íoctar iad as an dualgas sin a chomhlíonadh ach…Cuid mhaith de na scoláirí tá siad ann in aghaidh a dtola freisin. Ach baineann siad spórt as. Braitheann an-chuid ar an bPríomh-Oide agus a dhiongbháilteacht is atá sé/sí i gcur i bhfeidhm éiteas na scoile. Post nach bhfuil éasca ar na saolta seo!