Ceoltóirí Gaeltachta ar ghearrliosta do ghradaim nua RTÉ

Tá beirt cheoltóirí Gaeltachta, Muireann Nic Amhlaoibh agus Iarla Ó Lionáird, ainmnithe don ghradam ‘Amhránaí na Bliana’ ag na RTÉ 1 Folk Awards agus tá ainmniúcháin faighte ag Cormac Ó Beaglaoich agus Colm Mac Con Iomaire don ghradam ‘Ceoltóir na Bliana’

Ceoltóirí Gaeltachta ar ghearrliosta do ghradaim nua RTÉ

Tá Muireann Nic Amhlaoibh, Cormac Ó Beaglaoich, Colm Mac Con Iomaire agus Iarla Ó Lionáird i measc na nGael a fuair ainmniúcháin ar ghearrliosta ‘RTÉ 1 Folk Awards’ na bliana seo.

Tá beirt as an Ghaeltacht, Muireann Nic Amhlaoibh as Corca Dhuibhne, agus Iarla Ó Lionáird as Gaeltacht Mhúscraí, ainmnithe sa rannóg ‘Amhránaí na Bliana’ agus tá bean Chiarraí san iomaíocht freisin don ghradam don ‘Rian Traidisiúnta is Fearr’.

Beidh beirt na Gaeltachta san iomaíocht don mhórdhuais amhránaíochta le Radie Peat, Declan O’Rourke agus Lisa O’Neill agus san iomaíocht le The Gloaming, Lankum, Lúnasa agus Natalie Merchant a bheidh Muireann Nic Amhlaoibh don ghradam ‘An Rian Traidisiúnta is Fearr’.

Seisear ceoltóirí ar fad atá ainmnithe don ghradam ‘Ceoltóir Folk na Bliana’. Beidh Cormac Ó Beaglaoich as Corca Dhuibhne agus Colm Mac Con Iomaire, ar tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath é, san iomaíocht don ghradam seo le Liam O’Connor, Zoë Conway, Seamie O’Dowd agus Martin Hayes.

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid bhronnta gradam a bheidh ar siúl i Vicar St, ar Shráid an Bhiocáire i mBaile Átha Cliath ar an 25 Deireadh Fómhair.

Is iad na craoltóirí de chuid RTÉ Ruth Smith agus John Creedon a chuirfidh an ócáid i láthair. Beidh neart ceoltóirí ag seinm an oíche sin: Andy Irvine, a mbronnfar ‘Gradam Saoil’ air, mar aon le Muireann Nic Amhlaoibh, Iarla Ó Lionáird, The Lost Brothers, Christy Moore, Daoirí Farrell, Lankum, Landless agus Slow Moving Clouds.

An Rian Nuachumtha is Fearr

The Autumn Winds – Niall Hanna

Déanta in Éirinn – Lankum

Rosaleen – Mick Flannery

Along the Western Seaboard – Declan O’Rourke

The Granite Gaze – Lankum

An Rian Traidisiúnta is Fearr

Cucanandy – The Gloaming

Bean Dubh A’ Ghleanna – Muireann Nic Amhlaoibh

What Will We Do When We Have No Money? – Lankum

Lowlands of Holland  Lankum

The Bonny Light Horseman – Lúnasa and Natalie Merchant

Amhránaí na Bliana

Muireann Nic Amhlaoibh

Iarla Ó Lionáird

Radie Peat

Declan O’Rourke

Lisa O’Neill

Ceoltóir faoina bhfuil gealladh

Emma Langford

Niall Hanna

Nava
David Keenan

Ye Vagabonds

Ceoltóir na Bliana

Zoë Conway

Seamie O’Dowd

Cormac Begley

Martin Hayes

Colm Mac Con Iomaire

Liam O’Connor

An Grúpa is Fearr

The Whileaways

Beoga

Ye Vagabonds

The Lost Brothers

Lankum

The Gloaming

Fág freagra ar 'Ceoltóirí Gaeltachta ar ghearrliosta do ghradaim nua RTÉ'