Ceolfhoireann RTÉ agus plúr na gceoltóirí Gaeltachta le teacht le chéile le breithlá RnaG a cheiliúradh

Beidh Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód an mhí seo chugainn agus reáchtálfar ceolchoirm speisialta chun an ócáid a cheiliúradh

Ceolfhoireann RTÉ agus plúr na gceoltóirí Gaeltachta le teacht le chéile le breithlá RnaG a cheiliúradh

Neansaí Ní Choisdealbha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Oliver Taylor aagus Eamonn Nolan ó Cheolfhoireann RTÉ. Pic: Andrew Downes, Xposure

Beidh Ceolfhoireann RTÉ agus leithéidí Altan, Iarla Ó Lionáird, Steve Cooney, Muireann Nic Amhlaoibh agus Cór Chúil Aodha ina measc siúd a ghlacfaidh páirt i gceolchoirm speisialta an mhí seo chugainn chun RTÉ Raidió na Gaeltachta a chomóradh.

Beidh an stáisiún ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód ar an 2 Aibreán agus reáchtálfar ceolchoirm ina mbeidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus ceoltóirí ó cheantair Ghaeltachta uile na tíre páirteach.

Déanfar an cheolchoirm a chraoladh beo ar an raidió agus beidh sé le feiceáil ar líne freisin.

Misneach, féiniúlacht agus mórtas cine na príomhthéamaí a bheas ag an gcoirm, dar teideal ‘RTÉ Raidió na Gaeltachta 50’. Tabharfar chun cuimhne an cath a troideadh chun seirbhís raidió a fháil do mhuintir na Gaeltachta, déanfar ceiliúradh ar bhunú agus ar stair na seirbhíse ó shin, agus ar ról Raidió na Gaeltachta i gcur chun cinn na teanga agus an chultúir le leathchéad bliain anuas.

Chuaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair ar an 2 Aibreán 1972, Domhnach Cásca. Roimhe sin bhí feachtas ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a d’éiligh seirbhís laethúil raidió ina dteanga féin do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Glactar leis gur chruthaigh an tseirbhís raidió nua nasc idir na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre agus gur tríd ‘An Raidió’ cuid mhór a chuir pobal scaipthe na Gaeltachta aithne ar a chéile agus eolas ar chanúintí a chéile. 

Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “D’eascair RTÉ Raidió na Gaeltachta as gluaiseacht chearta teanga na seascaidí agus na seachtóidí luatha, a d’éiligh go gcloisfear glór mhuintir na Gaeltachta, agus go dtabharfar cosaint agus cead forbartha dó, rud atá déanta go fonnmhar agus go paiteanta ag RnaG le caoga bliain anuas.

“Go dtí an lá inniu, tugann RnaG na Gaeltachtaí le chéile, ag soláthar seirbhís riachtanach nuachta áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta do chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Tugann siad ardán do na healaíona dúchasacha, do na cluichí dúchasacha, agus dár dteanga, agus tá muid go mór faoi chomaoin acu as a gcuid oibre leis an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.  Guím gach beannacht orthu siúd a d’oibrigh agus a oibríonn go dúthrachtach in RnaG sa lá atá inniu ann, ar na rannpháirtithe uilig agus ar na héisteoirí, ar an ócáid chomórtha speisialta seo.”  

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: “Léireoidh an choirm cheoil fíorspeisialta seo beocht, saibhreas, dúchas, muinín, misneach agus mórtas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ceiliúradh ar an bpobal sin a bheas san ócáid seo, an dream a chuaigh i mbun stocaireachta le Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus a throid ar son a gcearta, iad siúd a bhunaigh an raidió i dtús na seachtóidí agus iad siúd a bhí agus atá ag obair ann, na daoine a éisteann go dílis leis an tseirbhís, gach aon duine a bhfuil baint nó páirt acu le saol na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus na daoine óga atá ag fás aníos inniu agus a choinneoidh an lóchrann lasta.”   

Orthu siúd a bheas ar an ardán ar an 2 Aibreán, beidh Ceolfhoireann RTÉ, Altan, Cór Chúil Aodha, Iarla Ó Lionáird & Steve Cooney, Johnny Óg Connolly, Colm Mac Con Iomaire, The High Seas, Cormac Ó Beaglaoich, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor, Gerry O’Beirne agus Seán Monaghan.   

Chuidigh craoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta go mór leis an athbheochan ar an amhránaíocht ar an sean-nós, agus tabharfar ómós dó sin sa choirm, leis.  Ar na fonnadóirí a bheas páirteach, beidh Ciarán Ó Gealbháin, Máire Ní Choilm, Micheál Ó Confhaola, Caitlín Ní Chualáin, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Étáin & Máire Ní Churraoin agus an t-amhránaí Albanach Griogair Labhruidh, a léireoidh an nasc idir na tíortha Ceilteacha.  

Chuidigh Raidió na Gaeltachta leis an spéis sa cheol tíre a chothú agus a fhorbairt freisin, agus beidh na hamhránaithe ceol tíre as Conamara Beartla Ó Domhnaill, Máirtín Beag Ó Gríofa agus Anna Marie Nic Dhonncha ar an ardán ar an 2 Aibreán.  Beidh an ghlúin óg páirteach freisin – na grúpaí Ceoltóirí Óga Chois Fharraige as Conamara agus An Crann Óg as Gaoth Dobhair – agus ní dhéanfar dearmad ar na damhsóirí ach oiread, beidh Róisín Ní Mhainín, Muintir Uí Iarnáin agus Muintir Uí Dhubháin ag bualadh steip ar an oíche. 

Is iad Neansaí Ní Choisdealbha, Michelle Nic Grianna agus Sláine Ní Chathalláin a chuirfidh an ócáid i láthair.

Is iad Aniar TV a léireoidh an clár, a bheidh á reáchtáil i stiúideo Telegael i mBaile na hAbhann, agus craolfar buaicphointí na coirme i gclár teilifíse a bheidh le feiceáil ar RTÉ 1 ar an 23 Aibreán.   

Craolfar ceolchoirm RTÉ Raidió na Gaeltachta 50 beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 7 pm Dé Sathairn an 2 Aibreán, agus beidh sé le feiceáil beo ar líne freisin ag rte.ie/gaeilge. 

Fág freagra ar 'Ceolfhoireann RTÉ agus plúr na gceoltóirí Gaeltachta le teacht le chéile le breithlá RnaG a cheiliúradh'

  • KH

    Comhghairdeachas leo – seirbhís iontach.