Cén tír ina bhfuil an staid spóirt is mó ar domhan? 20 ceist spórt don Nollaig…

Cén saghas cic saor a leanann na fógraí seo ó réiteoir sacair?   Cén t-achar amach ón gcúl atá an líne ar a dtógtar an cic amach sa bPeil Ghaelach? a) 14m                          b) 18m                        c) 20m   Nuair a thosaigh Cluiche Ceannais Sinsearach Iomána na hÉireann 2023 idir Luimneach agus Cill Chainnigh, tharla sé […]

Cén tír ina bhfuil an staid spóirt is mó ar domhan? 20 ceist spórt don Nollaig…

An cuimhin leat cé a rinne réiteoireacht ar Chluiche Ceannais Sinsearach Peile na hÉireann 2023, nó cén scór deiridh a bhí i gceist i mbua na hEorpa i gCorn Ryder in 2023?

  1. Cén saghas cic saor a leanann na fógraí seo ó réiteoir sacair?

 

  1. Cén t-achar amach ón gcúl atá an líne ar a dtógtar an cic amach sa bPeil Ghaelach?

a) 14m                          b) 18m                        c) 20m

 

  1. Nuair a thosaigh Cluiche Ceannais Sinsearach Iomána na hÉireann 2023 idir Luimneach agus Cill Chainnigh, tharla sé go raibh triúr cúlaithe ar an bpáirc a raibh deartháireacha dá gcuid ag imirt amach rompu sna tosaithe. Ainmnigh iad.

 

  1. Cé acu spórt ina n-úsáidtear an liathróid is mó?

a) Sacar                               b) Peil Ghaelach           c) Cispheil

 

  1. Ainmnigh na hIarUachtaráin seo de chuid Chumann Lúthchleas Gael

  1. Beirt acu seo a bhí ina gcaptaen ar fhoirne a bhuaigh Craobh Shinsearach Peile na hÉireann?

a) Jack O’Shea        b) Tony Hanahoe        c)    Darran O’Sullivan

 

  1. Cén tír ina bhfuil an staid spóirt is mó ar domhan?

a) An tSín             b)  An Bhrasaíl         c)    An India

 

  1. Cén dath a bhíonn ar gheansaithe fhoirne CLG Chontae Lú?

a) Dearg & Bán    b) Gorm & Bán         c) Cróchbhuí

 

  1. Ainmnigh an triúr Ultach seo a d’imir d’Éirinn i gCraobh Rugbaí an Domhain 2023.  

  1. Cé a rinne réiteoireacht ar Chluiche Ceannais Sinsearach Peile na hÉireann 2023?

a) Joe McQuillan b) David Gough           c) Seán Hurson

 

  1. Cén scór deiridh a bhí i gceist i mbua na hEorpa i gCorn Ryder in 2023?

a) 15½ – 12½;       b) 16½ – 11½;     c) 16 – 12;

 

  1. Ainmnigh an triúr imreoirí seo a bhí ar fhoireann bhuacach na hEorpa.

  1. Cuir na staideanna seo in ord ó thaobh líon na ndaoine atá ceadaithe iontu.

a) Twickenham         b) Páirc an Chrócaigh     c)   Staid na Mílaoise

 

  1. San ord seo a leanas, ainmnigh an capall, an marcach agus an traenálaí a bhuaigh an Corn Óir in Cheltenham Lá’l Pádraig 2023.

 

  1. Seo triúr a ainmníodh ar Fhoireann Réalta an LGPA, Cumann Pheil na mBan. Cuir ainm orthu.

  1. Cé mhéad contae a ghlac páirt i gCraobh Shinsearach Iomána Laighean 2023?

 

  1. I mBaile an Bhriotaigh i nGaillimh atá an ráschúrsa capall is cáiliúla i gConnachta. Trí cinn eile atá sa gcúige sin. Ainmnigh iad.

 

  1. Bhuaigh na rámhaithe seo boinn ag Craobhacha an Domhain 2023 i bPoblacht na Seirbia. Ainmnigh iad.

 

 

  1. Ainmnigh príomhpháirceanna CLG sna bailte seo.

a) An Muileann Cearr;    b) An tAonach;    c)  Cluain Eois

 

  1. An ceathrú háit a fuair na mná seo i rásaí ceannais ag Craobhacha an Domhain i mBúdapeist mí Lúnasa 2023. Ainmnigh iad.

Fág freagra ar 'Cén tír ina bhfuil an staid spóirt is mó ar domhan? 20 ceist spórt don Nollaig…'