Fadhb le fada ag iománaithe na Gaillimhe sa dara leath in aghaidh na gCat

Ní hí seo an chéad uair ar thit an tóin as foireann iománaíochta na Gaillimhe in aghaidh Chill Chainnigh. Is fadhb í seo a bhí acu roimh theacht Micheál Donoghue agus fiú roimh theacht Anthony Cunningham…

Imreoir na Gaillimhe, Joe Canning. INPHO/Ryan Byrne
Imreoir na Gaillimhe, Joe Canning. INPHO/Ryan Byrne

Cluiche eile in aghaidh Chill Chainnigh inar chlis ar iománaithe na Gaillimhe sa dara leath. Bhí Gaillimh trí phointe chun cinn ar fhoireann Brian Cody ag leath ama i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach ach bhí Cill Chainnigh seacht bpointe chun tosaigh faoin am ar séideadh an fheadóg dheireanach i gcluiche ceannais Laighean.

Tharla an rud céanna i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus farasbarr trí phointe ag na Gaillimhigh ag an mbriseadh. Bhí forlámhas iomlán ag Cill Chainnigh orthu le linn an 35 nóiméad deireanach, áfach.

Iad siúd a cheap go n-aimseofaí réiteach ar an bhfadhb seo agus bainisteoir nua tagtha ar an bhfód, is léir nár thuig siad go raibh an fhadhb chéanna ann roimh theacht Anthony Cunningham, an bainisteoir a bhfuarthas réidh leis tar éis chluiche ceannais na hÉireann. Nuair a thagann uair na cinniúna i gcluiche idir na foirne seo, is ag Cill Chainnigh a bhíonn an freagra níos minice ná a mhalairt.

Bheadh ort dul siar 15 bliain chun teacht ar an gcluiche craoibhe deireanach eatarthu inar éirigh le Gaillimh tógáil ar an bhfarasbarr a bhí acu ag leath am.

I gcluiche leathcheannais na hÉireann 2001, bhí Gaillimh trí phointe chun cinn i ndiaidh 35 nóiméad, 1-6 in aghaidh 0-6. Faoin am ar chríochnaigh an cluiche, bhí siad cúig phointe chun cinn, 2-15 i gcoinne 1-13.

Sa 14 cluiche craoibhe atá imeartha ag Gaillimh in aghaidh Chill Chainnigh ó shin, is in olcas a chuaigh Gaillimh sa dara leath seachas i gcluiche amháin, cluiche ceathrú ceannais na hÉireann 2006. Scóráil Gaillimh 3-8 sa dara leath an lá sin, i gcomparáid leis an 0-9 a d’aimsigh Cill Chainnigh, ach fós féin, chaill fir an iarthair le cúig phointe ó bhí foireann Conor Hayes 2-13 i gcoinne 0-6 chun deiridh ag leath-am.

Ó shin i leith níor éirigh le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh sa dara leath d’aon chluiche craoibhe agus is cinnte go bhfuil siad ag íoc as an teip sin.

Mar atá ráite, chaill siad cluiche ceannais Laighean na bliana seo chomh maith le cluiche ceannais na hÉireann 2015 de bharr dheasca taispeántais dhona sa dara leath agus an fhadhb chéanna ba chúis lena dteip i gcluiche ceannais 2012 chomh maith.

Bhí Gaillimh cúig phointe chun cinn i ndiaidh 35 nóiméad sa chéad chluiche an bhliain sin, 1-9 in aghaidh 0-7, ach tháinig an meath céanna ar a gcuid imeartha. Bhí an lámh in uachtar ag Cill Chainnigh don chuid is mó den dara leath agus, ar deireadh, ba phoc saor ó Joe Canning in am gortaithe a chinntigh gur comhscór a bheadh ann.

Fiú ar na laethanta sin a n-éiríonn le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar na Cait, rud nach dtarlaíonn rómhinic, is iondúil go mbíonn siad ag brath ar an dea-obair atá déanta acu sa chéad leath.

I gcluiche leathcheannais na hÉireann 2005, bhí Gaillimh trí phointe chun cinn ag leath-am agus cé gur bhuaigh siad ar deireadh, níor chuir siad leis an bhfarasbarr sin, bhuaigh siad 5-18 in aghaidh 4-18.

I gcluiche ceannais Laighean 2012, rinne Gaillimh scrios ar Chill Chainnigh agus iad 14 pointe chun cinn ag leath- am. Agus an cluiche nach mór buaite acu faoin am sin, ba iad Cill Chainnigh ba láidre sa dara leath agus an bhearna laghdaithe go dtí deich bpointe acu faoi dheireadh na himeartha.

s faoi Ghaillimh an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh amach anseo, beidh trí rud ag teastáil uathu. Beidh gá le taispeántas maith ó Joe Canning, beidh orthu cúil a scóráil agus beidh orthu deireadh a chur leis an meath seo a thagann orthu sa dara leath.

dhá cheann den trí rud sin feicthe againn uathu in aghaidh Chill Chainnigh le cúpla bliain anuas, ach seans gurb é an tríú ceann an ceann is tábhachtaí.

Fág freagra ar 'Fadhb le fada ag iománaithe na Gaillimhe sa dara leath in aghaidh na gCat'