Cén fáth ar dúnadh Coláiste Dhún Chéirí? Na ceisteanna nár freagraíodh riamh…

Tá leabhar nua foilsithe a chinnteoidh nach ligfear an stair a bhaineann le Coláiste Oideachais Dhún Chéirí i ndearmad

Cén fáth ar dúnadh Coláiste Dhún Chéirí? Na ceisteanna nár freagraíodh riamh…

Sula dtosóidh mé – cuirfidh mé mo chuid cártaí ar an mbord. Bhí baint láidir ag an gclann s’againne le Coláiste Oideachais Dhún Chéirí, nó Carysfort College mar a bhíodh air sa mBéarla. D’fhreastail mo mháthair agus m’aintín, an tSr Phyllis, air agus bhí mo dheirfiúr Nóirín ar an bhfoireann teagaisc nuair a dúnadh é 30 bliain go ham seo.

Luaigh mé an coláiste le beirt a bhfuil cónaí orthu anseo sa Charraig Dhubh, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, le gairid agus d’fhéach siad orm go fiosrach- ‘Carysfort College- no, never heard of it.’

Bhuel anois, nach sciobtha a imíonn scéal mór nuachta as cuimhne an phobail?

Agus b’fhéidir nach aon iontas mar sin go bhfuil ceisteanna fós nár freagraíodh mar gheall ar an ‘sága’ seo.

I 1986 a d’fhógair an Rialtas, gan choinne, go raibh Coláiste Oideachais Carysfort le dúnadh. Gemma Hussey (FG) a bhí ina hAire Oideachais ag an am, i rialtas faoin Taoiseach Garret  Fitzgerald.

Bhí an ráta náisiúnta beireatais ag titim, a dúradh, bhí go leor múinteoirí óga ar fáil cheana féin agus bhí cúinsí airgid an Stáit i ndroch-chaoi. Bhí sé sin ar fad fíor.

Níor dúnadh an coláiste go dtí dhá bhliain i ndiaidh an fhógra sin, i 1988- tríocha bliain ó shin. Bhí ócáid chuimhneacháin ag lucht an choláiste ar an tseanláthair coicís ó shin agus lena linn seoladh leabhar aistí a bhain le ré,  agus le dúnadh, an choláiste. ‘Carysfort College Remembered,’ teideal an leabhair (eagarthóir Séamus Mac Gabhann).

Chuir mé spéis ar leith san aiste ‘The Closure of Carysfort College of Education’ leis an Ollamh Áine Hyland, a bhí ar an bhfoireann tráth í féin. (Bhí sí ina hOllamh le hOideachas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ina leas-Uachtarán ann, i ndiaidh a seal i nDún Chéirí). Rinne sí go leor taighde agus ba léir go raibh fáil aici ar cháipéisí ón ré sin a bhain le dúnadh an choláiste.

Rialtas de chuid Fhine Gael a rinne an chéad chinneadh agus Rialtas de chuid Fhianna Fáil, faoi Charlie Haughey, a chuir i gcrích é. Rinne chuile dhream acu botúin agus tá ceisteanna fós le freagairt faoin scéal.

Ar an gcéad dul síos, níor sheiceáil siad cérbh leis an coláiste – d’fhéadfadh an Rialtas deireadh a chur le híoc deontas, srl ach ní raibh sé de cheart acu an coláiste a dhúnadh. Ba le Siúracha na Trócaire an foirgneamh agus an talamh.

Níor sheiceáil aon duine stádas na foirne. Níorbh fhéidir fáil réidh leo, bhí stádas ‘buan’ acu, chaithfí poist nua a chur ar fáil dóibh agus bheadh pinsean iomlán le n-íoc leo ina dhiaidh sin.

Níor labhair aon duine ón Rialtas leis na siúracha go dtí bliain i ndiaidh an fhógra,1987. Ba mhian leis na siúracha go gcoinneofaí an ceangal leis an oideachas. Mar sin, thairg siad an coláiste do UCD –  saor in aisce – dá gcoinneodh an Ollscoil an ceangal leis an oideachas. Dhiúltaigh siadsan don tairiscint.

Tairgeadh arís eile é, ina dhiaidh sin, do UCD ar phraghas a dúradh a bhí idir 2 agus 4 milliún punt. Dhiúltaigh siad arís eile. Idir an dá linn, chríochnaigh an bhliain dheireanach ag na mic léinn i 1988 agus dúnadh an coláiste.

Cuireadh ar an margadh é agus cheannaigh an fear gnó Pino Harris é ar 6.5 milliún punt i mí Iúil na bliana 1990.

Anois, bhí rialtas nua (Fianna Fáil) agus Aire nua Oideachais ann, Mary O’Rourke.

Gan choinne, thug an Rialtas nua le fios do UCD gur cheart dóibh Coláiste Carysfort a cheannach. Agus cén chaoi a raibh UCD in ann é a cheannach an uair seo? Mar, a dúirt Uachtarán na hOllsoile ag an am, Patrick Masterson, rinne an Rialtas ‘an offer we couldn’t refuse’.

Thug an Rialtas £9.7 milliún do UCD chun é a cheannach (agus a chóiriú) i mí na Nollag 1990 – sé mhí tar éis do Pino Harris é a cheannach. Cheadaigh an Rialtas an t-airgead ar an 4 Nollaig 1990. Is cosúil nár réitíodh aon ‘mheamram’ don Rialtas agus mar sin ní raibh aon réamheolas ag an Roinn Airgeadais faoi. Chuir an Roinn sin ina choinne, ach chuaigh an socrú ar aghaidh.

Cén fáth ar íocadh an méid sin airgid tar éis gur diúltaíodh do thairiscint a bhí ‘saor in aisce’ tamall gearr roimhe sin? Is cosúil go raibh cruinnithe ann agus nach raibh oifigigh i láthair acu, rud neamhghnách agus polasaithe mar sin á bplé. Níor breacadh síos aon mhiontuairiscí.

Agus é ag scríobh faoi san Irish Times in 2000, dúirt an t-iriseoir Colm Keena faoi Mary O’Rourke: ‘[she]…refused to answer questions about the affair when asked during preparation for this article and other persons connected with the sale also declined to discuss it’.

In alt eile sa leabhar nua cuimhneacháin cuireann an t-iriseoir Breandán Delap (iarmhac léinn eile), an cheist: ‘Conas a tharla sé gur Coláiste Dhún Chéirí seachas ceann den dá rogha eile a bhí ann? Ní thiocfaidh an scéal iomlán amach is dócha mar nár aistríodh aon chomhad a bhaineann leis an ábhar riamh ón Roinn Oideachais go dtí an Chartlann Náisiúnta, in ainneoin dualgas reachtúil a bheith orthu é sin a dhéanamh.’

Nuair a tháinig na sluaite d’iarmhic léinn agus baill foirne ar ais le gairid le haghaidh na hócáide ag comóradh 30 bliain ó dúnadh an coláiste, ba léir an cion a bhí acu ar a sean-alma mater. Labhair go leor acu Gaeilge. Chuimhnigh siad ar an dream atá imithe – Séamus Heaney, Proinsias Ní Dhorchaí, Máire Uí Mhaicín agus daoine eile a d’imigh róluath. Bhí cuma álainn shlachtmhar ar an gcoláiste, ar na tailte, ar na tithe agus ar na hárasáin a tógadh ar an suíomh. Is léir gur seoid de chuid na hollscoile an foirgneamh agus gach a mbaineann leis.

Agus le foilsiú an leabhair seo, cinnteofar nach ligfear a stair i ndearmad.

Fág freagra ar 'Cén fáth ar dúnadh Coláiste Dhún Chéirí? Na ceisteanna nár freagraíodh riamh…'

  • Úna Ní Choileáin

    Alt den scoth anseo.. scéal scannallach.. bhios ag an gcuimhneacháin coicís ó shin.. is amhlaidh nach raibh an fhírinne inste in aon chor ag an am.. bhi léacht Áine Hyland thar barr ar fad agus inchur an tSiúir Regina iontach luachmhar. Bhaineas féin lán taitneamh as mo thréimhse sa choláiste..mallacht ar éinne a bhí páirteach ina dhúnadh. Rath Dé ar an dream a bhailigh an t-eolas seo agus a d’inis an scéal i gceart ..go méadaí Dia bhur stóir.