‘Ceisteanna tromchúiseacha’ le freagairt faoi iarratas Ghaillimh 2020

Shéan Comhairle Cathrach na Gaillimh líomhaintí an tSeanadóra Trevor Ó Clochartaigh faoin gcostas a bhain le ‘Gaillimh 2020’, iarratas na Gaillimhe ar stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa

‘Ceisteanna tromchúiseacha’ le freagairt faoi iarratas Ghaillimh 2020

Pictiúr: Andrew Downes

Tá sé curtha i leith lucht eagraithe ‘Gaillimh 2020’ ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil an costas a bhaineann le Gaillimh a réiteach le bheith ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020 cúig oiread níos airde ná mar a bhíonn de ghnáth do chathracha eile a bhaineann an stádas céanna amach.

Dúirt an Seanadóir as an gCeathrú Rua go bhfuil “ceisteanna tromchúiseacha” le freagairt acu siúd atá i mbun an eagrúcháin faoin “bhfíorchostas” a bhaineann leis.

Ag tagairt dó d’fhigiúirí éagsúla a luadh leis an togra ó thosaigh sé, dúirt Ó Clochartaigh go bhfuil difríocht “shuntasach” idir na figiúirí a tugadh ag cruinnithe éagsúla.

Tuairiscíodh le deireanas gur caitheadh €1.5 milliún ar iarratas na cathrach go dtí seo. Luadh €1.8 milliún ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ina dhiaidh sin agus maíonn an Seanadóir nach léir go fóill cén figiúr atá ceart.

“Is méid suntasach é an €300,000 de dhifríocht atá i gceist anseo. Mar sin, cé acu atá ceart, €1.5 milliún, nó €1.8 milliún, nó an bhfuil an fíor-fhigiúr, mar a cheapann roinnt daoine atá ag faire ar an bproiséas seo, i bhfad níos mó ná sin?

“Tá feidhmeannaigh na Comhairle Cathrach iontach seachantach maidir leis an méid a caitheadh ar ullmhú an iarratais agus cuireadh cuid mhaith éileamh chuig an gcomhairle ar eolas cruinn faoi na figiúirí ó dhoras” a dúirt an Seanadóir.

Chuaigh Ó Clochartaigh i dteagmháil le hoifigigh chultúir in Rijeka na Cróite, a bhfuil aitheantas mar Príomhchathair Chultúir 2020 bainte amach acu freisin, a thug le fios gur caitheadh €258,000 ar iarratas na cathrach sin.

Is ag Novi Sad na Seirbia a bheidh an stádas céanna sa bhliain 2021 agus níor caitheadh, dar le Ó Clochartaigh, ach €169,000 ar a n-iarratas siúd. Maíonn sé go gcaitear “thart ar €300,000” ar an meán ar iarratais ar aitheantas mar Príomhchathair Chultúir.

“Tá cuid mhaith ceisteanna ann maidir leis an mbriseadh síos ar an gcaiteachas €1.5 milliún atá nochtaithe freisin. Tá costas párolla de €260,000 luaite, níos mó ná costas iomlán iarratas na Cróite, agus deirtear gur tógadh baill foirne ar iasacht ó na húdaráis áitiúla chuige.

“Cén fáth nach raibh a bpá siúd clúdaithe cheana féin?  An raibh mórán daoine eile fostaithe chun obair ar an iarratas? Má bhí, cén próiseas earcaíochta a bhí in úsáid? An raibh na postanna seo fógartha go hoscailte?” a dúirt Ó Clochartaigh.

Chuir an Seanadaóir i leith na Comhairle Cathrach agus na Comhairle Contae i nGaillimh gur “thug siad seic glan [bán] uathu gan ceisteanna a chur” agus an t-aitheantas á lorg.

Dúirt sé go dtacaíonn a pháirtí leis an iarratas “i bprionsabal” ach go bhfuil “easpa trédhearcachta” ag baint leis an bpróiseas. Dúirt sé gur gá a chinntiú go bhfágfaidh an t-aitheantas atá tugtha lorg “fadtréimhseach, inmharthanach” ar oidhreacht chultúrtha an chontae.

Shéan Comhairle Cathrach na Gaillimhe líomhaintí an tSeanadóra i ráiteas a tugadh do Nuacht TG4 anocht agus dúradh nach aon “rún” an costas a bhain leis an iarratas. Dúradh nach raibh aon bhunús leis an ráiteas a rinne Ó Clochartaigh agus nach féidir cathracha in oirthear na hEorpa a chur i gcomparáid le Gaillimh mar gheall ar an gcostas maireachtála a bheith i bhfad níos ísle sa chuid sin den Eoraip.

Dúirt Oifigeach Gaeilge na Comhairle, Ailish Bhreathnach, gurb í an chomparáid is cruinne a d’fhéadfaí a dhéanamh ná le hiarratas a réitigh Umeå na Sualainne a bhain stádas na Príomhchathrach Cultúir amach in 2014. Mhaígh sí gur caitheadh tuairim is €1.5 milliún euro ar an iarratas sin freisin.

Tá sé ráite cheana féin ag Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe gur fiú na céadta milliún euro an stádas a bheith ag Gaillimh in 2020 agus gur ar leas na cathrach agus na contae trí chéile a bheidh sé.

Fág freagra ar '‘Ceisteanna tromchúiseacha’ le freagairt faoi iarratas Ghaillimh 2020'