Ceist neamhspleáchas na hAlban i lár an aonaigh cúig bliana ar aghaidh…

Cothrom an lae seo cúig bliana ó shin dúradh go raibh réiteach faighte ar cheist an neamhspleáchais. D’imigh sin agus tháinig seo…

Ceist neamhspleáchas na hAlban i lár an aonaigh cúig bliana ar aghaidh…

Cúig bliana agus an lá inniu, ar an 18 Meán Fómhair 2014, chuaigh pobal na hAlban chuig na bothanna vótála le freagra a thabhairt ar cheist shimplí. Ar cheart go mbeadh Albain ina tír neamhspleách? Dhiúltaigh an pobal don mholadh. Roghnaigh siad fanacht sa Ríocht Aontaithe.

Nuair a d’éirigh Céad-Aire na hAlban ag an am, Alex Salmond, as lá arna mhárach dúirt sé nár shamhlaigh sé go mbeadh trácht ar vóta eile dá chineál go ceann glúine ar a laghad.

Ní hamhlaidh a bhí. Mar gheall ar rath an SNP sna toghcháin ó thuaidh den teorainn le cúpla toghchán anuas, is ceist bheo í an neamhspleáchas i gcónaí. Nuair a ceapadh Nicola Sturgeon ina Céad-Aire agus ina ceannaire ar an SNP, dúirt sí nach mbeadh fonn uirthi reifreann a reáchtáil go dtí go mbeadh sé soiléir do lucht molta an neamhspleáchais go n-éireodh leis. Tá na figiúirí sna pobalbhreitheanna sách éiginnte go fóill ach tá an tacaíocht don neamhspleáchas ag méadú de réir na bpobalbhreitheanna le tamall anuas.

Tráthúil go leor is é an príomh-aire céanna a cheadaigh an reifreann faoin mBreatimeacht in 2016 agus a bhí in oifig nuair a ritheadh an ceann in Albain. Fuair David Cameron an toradh a bhí uaidh sa reifreann ó thuaidh.

Díol suntais é, go háirithe anois, go raibh an gean a bhí ag muintir na hAlban ar a mballraíocht san Aontas Eorpach ar na cúiseanna móra a thug orthu vótáil in aghaidh an neamhspleáchais cúig bliana ó shin.

Luath go maith sa bhfeachtas in 2014, dúirt Uachtarán Choimisiúin na hEorpa ag an am, José Manuel Barroso go gcaillfeadh Albain a ballraíocht san Aontas Eorpach dá roghnódh an pobal neamhspleáchas. Sa gcás sin, chaithfeadh Albain neamhspleách iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht as an nua. Próiseas casta fadálach a bheadh ann agus dhéanfaí dochar as cuimse do thionscail amhail an talmhaíocht agus an iascaireacht. Idir sin agus bagairtí faoi thionscal na hola agus an NHS a bheith i mbaol cothaíodh sceon sa bpobal. Dúirt go leor de na daoine óga a vótáil le fanacht sa Ríocht Aontaithe (cuimhnigh gur tugadh cead vótála do dhaoine chomh hóg le sé bliana déag) gur imní go mbeadh siad dá scaradh ón Aontas Eorpach a spreag iad.

Dhá bhliain dár gcionn agus is dóigh gur vótáil go leor de na daoine óga céanna sin a in aghaidh an Bhreatimeachta. Vótáil 62% den phobal ar fad in Albain le fanacht san Aontas. Tá an chaint faoi reifreann nua neamhspleáchais ag dul i dtreise gan stad ó shin cé nach ar a shon i gcónaí a bhíonn an chaint.

Níl glúin eile tagtha ar an bhfód fós agus tá cluiche casta le himirt ag Nicola Sturgeon. D’fhógair sí go mbeadh sí ag lorg cead roimh dheireadh na bliana reifreann eile a reáchtáil agus práinn leis an scéal go háirithe i bhfianaise baol a bheith ann go n-imeoidh an Bhreatain gan mhargadh faoi Shamhain.

Bíodh sé ina mhargadh nó ná bíodh, tá an SNP diongbháilte de go gcaithfear aon socruithe speisialta a dhéanfaí do Thuaisceart Éireann a chur i bhfeidhm in Albain freisin.

Tabharfaidh an t-olltoghchán atá ar an mbealach léargas eile dúinn ar cheist an neamhspleáchais. Faoi cheannaireacht Ruth Davidson tháinig feabhas ar chás na dTóraithe in Albain san olltoghchán in 2017 agus an Breatimeacht i lár an aonaigh.

Tá Páirtí an Lucht Oibre scriosta in Albain.

Ach léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí go bhféadfadh suas le 51 as an 59 suíochán in Albain bheith ag an SNP sa chéad toghchán eile. Léargas eile ar thuairim an phobail faoin neamhspleáchas?

Bealach amháin nó bealach eile, shamhlóinn gur gearr go mbeidh pobal na hAlban ag tabhairt faoi na bothanna chun an cheist a fhreagairt arís.

Fág freagra ar 'Ceist neamhspleáchas na hAlban i lár an aonaigh cúig bliana ar aghaidh…'