Ceist an Achta Gaeilge ar chlár oibre cheannaire nua Shinn Féin sa Tuaisceart

Dúirt Michelle O’Neill go bhfuil sí sásta comhoibriú le duine ar bith a léirigh meas agus tacaíocht don chomhionannas chun an Tionól a chur ar bun arís i ndiaidh thoghchán na bliana seo

Ceist an Achta Gaeilge ar chlár oibre cheannaire nua Shinn Féin sa Tuaisceart

Michelle O'Neill. Pictiúr: RollingNews.ie/Paul McErlane

 

Dúirt ceannaire nua Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, go bhfuil ceist an Achta Gaeilge fós le réiteach i Stormont agus gur cheart na ceisteanna a d’eascair as an idirbheartaíocht san am a chuaigh thart a chur ina gceart anois.

Dúirt O’Neill go bhfuil sí sásta comhoibriú le duine ar bith a léirigh meas agus tacaíocht don chomhionannas d’fhonn an Tionól a chur ar bun arís i ndiaidh thoghchán na bliana seo.

Tá an DUP tar éis deireadh a chur le hiarrachtaí an tAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh arís agus arís eile ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta beagnach 20 bliain ó shin. Luadh an tAcht go sonrach i gComhaontú Chill Rímhinn, a síníodh in Albain in 2006, ach níor tháinig aon Acht Teanga isteach ó shin.

“Tá sé tábhachtach go dtabharfar na rudaí atá fós le réiteach chun críche ina n-iomláine. Ar ndóigh, ní bheimid ag dul i mbun idirbheartaíochta mura mbíonn an chaint bunaithe ar an gcomhionannas, an chomhurraim, agus an t-ionracas.

“Creidimid gur féidir leis na hinstitiúidí beart a dhéanamh ar son na saoránach, ach caithfear beart a dhéanamh do na saoránaigh ar fad,” a dúirt sí.

Chuir sí i leith an DUP go mbíonn an páirtí Aontachtach ag ionsaí na Gaeilge, chomh maith le bheith ag léiriú dímheasa ar an phobal aerach, ar mhionlaigh eitneacha agus ar mhná, agus nach nglacfadh Sinn Féin lena leithéid.

Luaigh iarCheannaire Shinn Féin ó thuaidh, Martin McGuinness, “biogóideacht” an DUP i leith phobal na Gaeilge lena chinneadh éirí as a phost mar LeasChéad-Aire an Tuaiscirt ag tús na míosa seo. D’fhógair Martin McGuinness go raibh sé ag éirí as mar LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann i bhfianaise na conspóide faoin scéim fuinnimh inathnuaite, RHI.

Ag labhairt dó ag tionól de chuid Shinn Féin Chúige Uladh trí seachtaine ó shin, dúirt Gerry Adams gur “chinneadh aineolach ag duine aineolach” é deireadh a chur leis an maoiniú don scéim Ghaeltachta Líofa.

Rinne ceannaire Shinn Féin cáineadh láidir ar an DUP agus a ndearcadh i leith na Gaeilge agus ar an Aire Pobal Paul Givan.

“Tá an-dímheas ag an DUP ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge. Cad é mar is féidir fuath a bheith ag duine ar bith do theanga? Bhí an cinneadh a ghlac an DUP oíche Nollag chun an t-airgead a ghearradh de Líofa iontach maslach ar fad. Cinneadh aineolach ag duine aineolach,” a dúirt Adams.

Fág freagra ar 'Ceist an Achta Gaeilge ar chlár oibre cheannaire nua Shinn Féin sa Tuaisceart'

  • Éamonn Ó Gribín

    An bhfuil Gaeilge ag Michelle O’Neill?